An Chéad Bhlaiseadh den Dráma Nua The Dry Nochta ag RTÉ
An t-ainmí Oscar Ciarán Hinds atá sa dráma grinn Éireannach ocht gclár seo.
Tá dhá íomhá foilsithe ag RTÉ agus ag Britbox ón tsraith drámaíochta grinn nua The Dry. Is é Element Pictures, i bpáirt le Fís Éireann agus ITV Studios, a rinne an dráma ocht gclár nua a léiriú do RTÉ agus do Britbox.
San íomhá tá Roisin Gallagher (The Fall, Nowhere Special) i bpáirt Shiv Sheridan, bean a fhilleann ar Bhaile Átha Cliath tar éis blianta caite aici i mbun ragairne i Londain. Tá an t-ól caite in aer anois aici agus í ar bóthar a leasa – ach ní bhíonn sé chomh héasca is a cheap sí fanacht glan ar an ól agus í i gcomhluadar a muintire arís. Ní hamháin go mbíonn ar Shiv dul i ngleic leis an ré nua seo dá saol, bíonn ar a muintir iad féin é a dhéanamh… agus tá a gcuid fadhbanna féin acu, fadhbanna nach bhfuil mórán fonn orthu aghaidh a thabhairt orthu.
Is iad an drámadóir agus an scríbhneoir scripte Nancy Harris, (Our New Girl, Dates) a bhfuil gradaim buaite aici agus an stiúrthóir Paddy Breathnach (Viva, Rosie) a bhfuil ardmholadh faighte aige an dream atá taobh thiar de The Dry. Is í Harris a tháinig aníos agus a scríobh na scripteanna 8 x 30 nóim, agus ba é Breathnach a rinne na heipeasóidí go léir a stiúradh.
Is éard a dúirt an scríbhneoir Nancy Harris faoi bhunús na sraithe, “Thóg sé cúpla bliain orm cuimhneamh ar an smaoineamh do The Dry, ar nós go leor daoine, d’imir cúrsaí andúile tionchar ar mo shaol ar bhealaí éagsúla. Léargas thar fóir amach is amach a d’fheicfinn ar an scáileán gach aon uair a thabharfaí léargas ar an andúil, áfach, amhail duine in ionad athshlánúcháin. Bhí spéis agam scéal an ngnáthdhuine agus gan aon bhraon sa chuircín aige nó aici a insint. Mar aon leis an ngreann a bhaineann leis an gceann is fearr a fháil ar chúrsaí sochorraithe agus ar áiféis an tsaoil sa bhaile – agus an t-ól caite in aer.”
Is éard a dúirt Dermot Horan Stiúrthóir Fáltais agus Comhléiriúcháin RTÉ: “Is sraith iontach speisialta í The Dry, a bhuíochas sin do chumas scríbhneoireachta Nancy Harris agus stiúrthóireacht Paddy Breathnach mar aon leis an gcliar iontach a thug chun fíre í, sraith faoi ghnátheaghlach Éireannach agus na hiomaí fadhbanna a gcaithfidh siad dul i ngleic leo. Tá ríméad ar RTÉ a bheith ag obair leis an bhfoireann ag Element Pictures agus leis an ardán Britbox sa Ríocht Aontaithe agus tá buíochas le gabháil leis an BAI agus le Fís Éireann as a gcuid tacaíochta, tacaíocht nach bhféadfaí an tsraith a dhéanamh dá uireasa. Tá The Dry ar cheann den iomaí dráma Éireannach a chraolfar i mbliana agus táimid fíorbhródúil go gcuirimid ardán ar fáil do thallann de chuid na hÉireann.”
I gcliar The Dry tá Ciarán Hinds (Belfast, The Terror), a ainmníodh do ghradam Oscar le déanaí, Pom Boyd (Vanity Fair, Frank of Ireland), Siobhán Cullen (Origin, The Limehouse Golem), Moe Dunford (The Dig, Vikings) agus an t-aisteoir nua Adam Richardson.
Tá Emma Norton agus Michael Dawson ina Léiritheoirí Feidhmiúcháin do Element i dteannta bhunaitheoirí an chomhlachta Ed Guiney agus Andrew Lowe chomh maith leis an scríbhneoir Nancy Harris. Tá oifigí ag Element Pictures i mBaile Átha Cliath, i Londain agus i mBéal Feirste. Thug an comhlacht cóiriú ar úscéal Sally Rooney, Normal People chuig an scáileáin, cóiriú a sháraigh curiarrachtaí, agus is é an comhlacht céanna a thug faoi scannáin cháiliúla idirnáisiúnta Lenny Abrahamson, Room agus The Little Stranger; chomh maith le scannáin Bhéarla Yorgos Lanthimos,
The Favourite, The Lobster agus The Killing Of A Sacred Deer mar aon le léiriú dá chuid atá le teacht, Poor Things.
Is é ITV Studios atá i mbun dáilte domhanda do The Dry. Bhí cúnamh airgid ar fáil don tsraith faoin Scéim Fís & Fuaim, arna rith ag an BAI.