State of the Union, sraith a bhfuil duais Emmy buaite aici, ag filleadh ar an RTÉ Player don dara sraith
Beidh gach eipeasóid, arb é Brendan Gleeson, an príomhaisteoir, ar fáil go heisiach in Éirinn ar an RTÉ Player 24 uair an chloig i ndiaidh iad a bheith eisithe ar sheirbhísí sruthaithe thall sna Stáit Aontaithe
Tá an tsraith nua den tsraith dhrámaíochta ó na Stáit Aontaithe, State of the Union, a bhfuil na príomhpháirteanna ag Brendan Gleeson agus Patricia Clarkson, lánúin atá ag iarraidh a chuaigh mícheart eatarthu ina bpósadh a mhair 30 bliain a dhéanamh amach, ar fáil go heisiach ar an RTÉ Player inniu.
Is é Nick Hornby (High Fidelity, About A Boy) a chruthaigh an tsraith agus is é Stephen Frears (The Queen, Philomena) atá i mbun stiúrtha ar an tsraith seo a bhfuil ardmholadh faighte aici. Fiosraítear i ngach eipeasóid atá 10 nóiméad ar fhad an dua a bhaineann le caidrimh rómánsúla agus taithí an duine. Sa tsraith seo, tugann Ellen, bean a bhíonn i mbun feachtasaíochta do na liobrálaithe, a dhóthain le déanamh dá fear céile Scott, fear traidisiúnta a bhfuil a shaibhreas déanta aige, nuair a thugann sí chomh fada le siopa caife hiopstar é, áit a mbeidh 10 nóiméad acu le caife a ól agus a gcuid smaointe a chur i dtoll a chéile agus a bheith ag argóint faoi gach uile rud ó na Caecair agus forainmneacha sula dtéann siad chuig seisiún le comhairleoir póstaí.
Gach seachtain, nuair a stadann siad den sárú, tosaíonn siad ag déanamh amach a chuaigh mícheart eatarthu. De réir mar a bhíonn na seachtainí ag imeacht, tosaíonn siad ag déanamh dianscrúdú ar a bpósadh 30 bliain. Labhraítear ar uaireanta ar lig siad síos a chéile, scrúdaítear an caidreamh gnéis a bhí acu agus roinneann siad ar deireadh na leochaileachtaí atá acu. Faoi am a mbíonn na deich seachtainí den chomhairleoireacht póstaí thart, bíonn athrú mór tagtha ar an lánúin (agus ar an lánúin phósta comhairleoirí atá acu) ach ar fiú dóibh athrú a dhéanamh chun a bpósadh a shábháil, nó ar fearr dóibh deireadh a chur leis?
Bhí Séasúr 1 de State of the Union, a raibh Chris O’Dowd agus Rosamund Pike sna príomhpháirteanna, ar cheann de na boscraí drámaíochta ba mhó lucht féachana ar an RTÉ Player nuair a eisíodh é in 2019 agus tá sé ar fáil lena shruthú anois anseo.
Is éard a dúirt Dermot Horan, Stiúrthóir Craolacháin agus Ceannacháin RTÉ: “Tá ríméad orainn State of the Union a sheoladh go heisiach ar an RTÉ Player 24 uair an chloig i ndiaidh dó a bheith ar fáil lena shruthú sna Stáit Aontaithe ar na seirbhísí sruthaithe Sundance Now agus AMC+. Is sraith fhoirfe í seo le dul ar an drabhlás leo – 10 eipeasóid, 10 nóiméad an ceann agus iad ar fáil lena sruthú ar líon ardán. Dráma é seo a thógfaidh do chroí agus a spreagfaidh do chuid smaointí féin ina bhfuil cliar den scoth agus tá súil againn go mbainfidh an lucht féachana taitneamh as.”
Cuirfear State of the Union mar sin le réimse de chláracha idirnáisiúnta a bhfuil moladh mór faighte acu lena n-áirítear The West Wing, Damages, The Good Wife agus go leor eile atá ar fáil anois dóibh sin a dtaitníonn leo a bheith ag sruthú cláracha drámaíochta d’ardchaighdeán ar an RTÉ Player.
Ceanglaíodh 67 milliún sruth ar an RTÉ Player i rith na bliana 2021. Ábhar Drámaíochta agus Greann ab ea 28% de shruthanna anuraidh agus an lucht féachana ag féachaint gan stad ar Kin, Hidden Assets agus Line of Duty. Tháinig ardú 49% ar líon na n-uaireanta an chloig féachana agus ba é an fón cliste an bealach ba ansa leo le féachaint ar an RTÉ Player.