Trustmharc Iriseoireachta Domhanda Bronnta ar RTÉ News
Tá curtha ag RTÉ News lena ghealltanas maidir le hiriseoireacht ar féidir muinín a bheith aisti agus é deimhnithe anois le Marc domhanda an Tionscnaimh um Muinín san Iriseoireacht.
D’fhorbair Tuairisceoirí gan Teorainneacha an Tionscnamh um Muinín san Iriseoireacht agus is é an aidhm atá leis iriseoireacht agus foinsí nuachta ar féidir brath orthu a chur chun cinn, ag cuidiú leis an gcath i gcoinne na bréagaisnéise.
Tá RTÉ News ar cheann de dhosaen asraon meán cumarsáide atá ar thús cadhnaíochta go domhanda ina eagraíocht meán cumarsáide dheimhnithe JTI, in éineacht le craoltóir teilifíse seirbhíse poiblí náisiúnta na Fraince France TV, Corparáid Craolacháin na hEilvéise agus Corparáid Craolacháin Cheanada.
Faoi láthair tá thart ar 100 asraon meán cumarsáide ar fud an domhain ag baint úsáid as an Tionscnamh um Muinín san Iriseoireacht ag leibhéil éagsúla an phróisis amhail san Astráil (ABC), san Iorua (NRK), san Iodáil (RAI), sa Liotuáin (LRT), sa Bhulgáir (BHR), sa Spáinn (RTVE) agus san India (The Wire), in éineacht leis an ngníomhaireacht nuachta idirnáisiúnta AFP.
Míníonn Jon Williams, Stiúrthóir Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ: “Is é is aidhm leis an Tionscnamh um Muinín san Iriseoireacht é a dhéanamh níos éasca do lucht féachana iriseoireacht ar féidir brath uirthi a aithint trí shraith chomhchoiteann caighdeán a chruthú d’eagraíochtaí nuachta bunaithe ar mhuinín agus trédhearcacht. Tagarmharc caighdeáin agus neamhspleáchais, arna bhronnadh ag iniúchóirí neamhspleácha. Ar an tslí chéanna nuair a fheiceann tú Bratach na hÉireann Chomhartha Q ar tháirge, tuigeann tú gur in Éirinn a táirgeadh é, ciallaíonn an caighdeán JIT go bhféadfaidh tú muinín a bheith agat as iriseoireacht eagraíochta nuachta.”
Tá trí chéim ag baint leis an Tionscnamh um Muinín san Iriseoireacht, ar dtús tugtar cuireadh don asraon meán cumarsáide féinmheasúnú a dhéanamh, a bhfuil seiceáil inmheánach ar Chaighdeán Tionscnaimh um Muinín san Iriseoireacht a chomhlíonadh mar chuid de. Ina dhiaidh sin, d’fhéadfadh an t-asraon meán cumarsáide torthaí an fhéinmheasúnaithe sin a chur ar fáil de shaorthoil don phobal agus iad a fhoilsiú i dTuarascáil Mhuiníne. Is iniúchadh seachtrach an chéim dheiridh den phróiseas ina ndéanann Comhlacht Deimhniúcháin ceadúnaithe meastóireacht neamhspleách. Déanfar an t-asraon meán cumarsáide a dheimhniú agus Marc an Tionscnaimh um Muinín san Iriseoireacht a bhronnadh air nuair a bheidh gach ceann den trí chéim curtha i gcrích aige.
Tacaíonn Aontas Craolacháin na hEorpa leis an Tionscnamh um Muinín san Iriseoireacht, i gcomhar le breis is 130 eagraíocht agus duine aonair a dhéanann ionadaíocht ar thionscal na meán, ar an saol acadúil, ar chomhlachtaí rialála agus féinrialála, ar chuideachtaí teicneolaíochta agus ar earnáil fhorbairt na meán. Tá glactha leis go foirmiúil ag Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann.