Níl rud ar bith mar an gcéanna le Craobhchomórtais CLG ar RTÉ
Tá an spleodar agus t-aicsean ar ais
- 31 chluiche CLG beo ar an teilifís an samhradh seo
- Tá cearta Náisiúnta eisiacha Raidió maidir le Craobhchomórtas CLG a chraoladh ag RTÉ Radio 1
- Clúdach fairsing saor go haer ar an Teilifís, ar an Raidió, ar RTÉ Player agus ar RTÉ.ie
- Caith súil siar ar aicsean agus anailís mhachnamhach an deiridh seachtaine go léir gach oíche Dé Domhnaigh ar The Sunday Game
Arb ionann í agus fuaim leathair ar fhuinseog, pléasc, buille, smíste taicil chumhachtaigh agus búireach na sluaite, níl fuaim ar bith mar an gcéanna le Craobhchomórtais CLG ar RTÉ. Is bliain nach bhfacthas riamh cheana í agus cuirfear tús le haicsean craobhchomórtais an Domhnach beag seo, an 17 Aibreán. Cuirfear tús leis an iomaíocht ar fad Deireadh Seachtaine na Cásca agus beidh Cluichí Ceannais Sinsir Peile agus Iomána na hÉireann ar siúl i mí Iúil den chéad uair. I mbliana, cuirfidh Spórt RTÉ, arís, radhairc agus fuaimeanna shéasúr an chraobhchomórtais ar fáil don lucht tacaíochta ar fud na tíre agus clúdach fairsing saor go haer á chur ar fáil ó luaththús shéasúr an chraobhchomórtais an deireadh seachtaine seo go dtí na cluichí ceannais.
Beidh The Sunday Game Live agus The Sunday Game ar ais an Domhnach beag seo (an 18 Aibreán) agus Craobhchomórtas Iomána na Mumhan i lár an aonaigh le dhá chluiche beo á gcraoladh i ndiaidh a chéile. Beidh Joanne Cantwell in éineacht le Anthony Daly, Donal Óg Cusack and Shane Dowling ar The Sunday Game Live do Phort Láirge v Tiobraid Árainn ar Pháirc an Bhreathnaigh (ag 2.00pm a thosóidh an cluiche) agus beidh Corcaigh v Luimneach ar siúl ina dhiaidh sin ar Pháirc Uí Chaoimh (ag 4.00pm a thosóidh an cluiche sin).
Beidh Des Cahill i láthair arís ag The Sunday Game in éineacht le Colm O’Rourke, Derek McGrath, Liam Sheedy agus Sean Cavanagh chun buaicphointí agus anailís an chéad dheireadh seachtaine de na Craobhchomórtais iomána agus peile a phlé.
Chomh maith leis na 31 chluiche, taispeánfaidh RTÉ na cluichí leathcheannais ó Chorn Tailteann agus cluichí ceannais chomórtas Chorn Tailteann agus Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha.
Beidh clúdach ó gach cluiche Chraobhchomórtas CLG san Iomáint agus sa Pheil ar Saturday Sport agus Sunday Sport ar RTÉ Radio 1. Cuirfidh foirne tráchtaireachta, tuairisceoirí agus foirne cur i láthair an t-aicsean ar fad os ár gcomhair ó gach ionad Craobhchomórtais agus na contaetha ag dul sa tóir ar Chorn Mhic Uidhir agus Corn Mhic Cárthaigh I measc na bpríomhsaineolaithe anailíse a bheidh ag leanúint an aicsin ar fad ar Raidió RTÉ, beidh na hiarlaochra Iomána agus Camógaíochta John Mullane, Brian Carroll, Shane McGrath, Kate Kelly agus Aoife Sheehan agus i measc an lucht anailíse peile beidh Eamonn O’Hara, Kyle Coney, John Casey, Denise Masterson agus Fiona McHale. Clúdófar breis agus 100 Craobhchomórtas CLG in 14 seachtaine ar RTÉ Radio 1, gan trácht ar chlúdach den scoth ar Chraobhchomórtas Peile agus Camógaíochta na mBan.
Beidh Saturday Sport agus Sunday Sport – Championship Coverage i lár an aonaigh i sceideal RTÉ Raidió 1. Cuirfear tús leis an aicsean an deireadh seachtaine seo ar Saturday Sport agus iad ag clúdach trí chluiche i gCraobhchomórtas Sinsir Iomána Laighean. Imreoidh Loch Garman in aghaidh na Gaillimhe, beidh an Iarmhí le Cill Chainnigh sa Mhuileann gCearr agus cuirfidh Baile Átha Cliath fáilte roimh Laois i bPáirc Parnell. Beidh Réamhbhabhta Chraobhchomórtas Sinsir Peile Uladh idir Fear Manach agus Tír Eoghain ina chuid de freisin. Craolfar Sunday Sport le linn an tséasúir ar fad.
Déanfaidh GAAGO sruthú beo ar an gcuid is fearr de Chraobhchomórtas 2022 arís sa dá chód do lucht leanúna CGL lasmuigh d’Éirinn. Beidh gach cluiche a chraolfar ar chainéil teilifíse na hÉireann ar fáil chun breathnú orthu i dtíortha eile, chomh maith le seó buaicphointí The Sunday Game agus aicsean áirithe spóirt faoi aois. Déanfaidh GAAGO sruthú beo ar an gcluiche idir Nua-Eabhrac agus Sligeach i gCraobhchomórtas Chonnacht Domhnach Cásca don lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain.
Spórt RTÉ ar líne
Lean na cluichí ar fad ar láithreán gréasáin Spórt RTÉ agus ar aip RTÉ News lenár mblaganna beo, ár dtuairiscí ar chluichí agus ár dtuairimí a fháil. Chomh maith le sainanailís ó cholúnaithe Jason Ryan agus Shane Dowling, beidh gné-ailt agus agallaimh, chomh maith le podchraoltaí seachtainiúla ina mbíonn cuid dár lucht tuairimíochta. Lean The Sunday Game ar Twitter, Instagram agus Facebook chun na buaicphointí, an anailís agus an plé is fearr a fháil.
As Gaeilge
Cuirfidh RTÉ tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil arís i gCraobhchomórtas na bliana seo agus tús á cur leis sin le Cluiche Ceannais Peile Laighean ar an 28 Bealtaine. Cuirfear 16 chluiche ar an iomlán ar fáil le tráchtaireacht i nGaeilge, agus cluichí ceannais cúige, cluichí ceathrú ceannais, cluichí leathcheannais agus cluichí ceannais san iomáint agus sa pheil mar aon le tráchtaireacht ar an gcluiche ceannais sinsir camógaíochta. Is é Garry Mac Donncha a bheith i mbun tráchtaireachta agus i mbun anailíse beidh beirt a bhí ina gcaptaen ar fhoirne a bhuaigh craobh na hÉireann, Dara Ó Cinnéide agus Pat Fleury.
Beidh tráchtaireacht bhreise againn ó Chuán Ó Flatharta, Gary Brennan, Michael Rice agus Claire O’Connor. *tosóidh tráchtaireacht as Gaeilge Dé Sathairn an 28 Bealtaine do Chraobhchomórtas Sinsir Peile Laighean i bPáirc an Chrócaigh agus is féidir í a fháil ar Saorview, Cainéil Nuachta RTÉ agus RTÉ Player.
Dúirt Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ, Declan McBennet, agus é ag féachaint chun cinn ar thús chraobhchomórtas CLG an deireadh seachtaine seo: “Tá an craobhchomórtas lárnach dár gcuid samhraí agus beidh sé mar sin go deo. Athraíonn formáidí agus féilirí ach beifear i gcónaí ag súil go mór leis. Beidh Spórt RTÉ ar fud na meán digiteach, an raidió agus na teilifíse i gcroílár an aicsin arís, agus táimid ag súil le himeachtaí a chuirfidh faoi gheasa muid agus scileanna a dhéanfaidh an samhradh níos gile.”
NOTAÍ
RTÉ 2 & RTÉ Player
Ar The Sunday Game Live, is í Joanne Cantwell a chuirfidh an clár i láthair ina mbeidh rogha cuimsitheach de chluichí beo le craoladh in Ardghléine, ar fud Chraobhchomórtais CLG an tsamhraidh seo – cuirfear tús leis ag 1 PM Dé Domhnaigh an 17 Aibreán. Beidh Des Cahill ar ais an tráthnóna sin ag 9.30 PM leis an gcéad seó buaicphointí Sunday Game den bhliain. Beidh RTÉ ag cur tráchtaireacht Ghaeilge ar an bpeil agus ar an iomáint ar fáil arís do Chraobhchomórtas na bliana seo, agus beidh Garry MacDonncha, Dara Ó Cinnéide agus Pat Fleury ar an bhfoireann tráchtaireachta a chuirfidh an t-aicsean i láthair ón deireadh seachtaine seo ar aghaidh. Beidh na cearta ag RTÉ maidir le The Sunday Game Live agus The Sunday Game d’oileán na hÉireann amháin, 7 lá na seachtaine, ar na hardáin uile.
Raidió 1 RTÉ & RTÉ 2fm
Cuirfidh Raidió an scoth den aicsean peile agus iomána ar fáil an samhradh seo le réimse cuimsitheach tráchtaireachta agus anailíse ar feadh Chraobhchomórtas CLG. Tá clúdach iomlán eisiach náisiúnta ag RTÉ Raidió 1 ar gach cluiche sa pheil agus san iomáint agus beidh na tráchtaireachtaí mar chuid de Saturday Sport agus Sunday Sport, arb iad an dá chlár spóirt is mó a bhfuil tóir orthu ar stáisiúin raidió na hÉireann iad (foinse JNLR). Cuirfear tús leis an aicsean an deireadh seachtaine seo ar Saturday Sport agus iad ag clúdach trí chluiche i gCraobhchomórtas Sinsir Iomána Laighean. Imreoidh Loch Garman in aghaidh na Gaillimhe, beidh an Iarmhí le Cill Chainnigh sa Mhuileann gCearr agus cuirfidh Baile Átha Cliath fáilte roimh Laois i bPáirc Parnell. Clúdófar Réamhbhabhta Chraobhchomórtas Sinsir Peile Uladh idir Fear Manach agus Tír Eoghain freisin. Craolfar Sunday Sport le linn an tséasúir ar fad freisin.
Beidh Pauric Lodge, Ger Canning agus Darragh Maloney chomh maith lenár dtuairisceoir CLG, Marty Morrissey i measc na foirne tráchtaireachta a bheidh ag dul fud fad na tíre dúinn in Roadcaster RTÉ Raidió 1.
Chomh maith leis an aicsean beo ar fad, cuirfidh Damian Lawlor The Championship i láthair gach oíche Dé hAoine ag 10pm ar Raidió 1. Beidh Damian ag caitheamh súil chun cinn ar chluichí an deiridh seachtaine agus beidh an t-eolas atá díreach ag teacht isteach maidir leis na foirne aige.
Fan le RTÉ Raidió 1 le haghaidh feasacháin spóirt i rith an lae ar Morning Ireland, News at One agus réamhléirithe rialta ar Drivetime. Beidh an nuacht is déanaí ar gach clár acu sin de réir mar a thiocfaidh sí chun cinn agus beidh cuid mhór anailíse agus plé ar chlár spóirt laethúil RTÉ 2fm, Game On.
RTÉ News
Rachaidh Tuairisceoir CLG RTÉ Marty Morrissey ó cheann ceann na tíre le linn an tsamhraidh agus é ag bualadh le captaein foirne agus ag labhairt le lucht tacaíochta contae fad is atá borradh ag teacht faoin bhfuadar i mí Iúil.
RTÉ.ie
Beidh RTÉ.ie/sport ina mhol digiteach do chlúdach ar fad an Chraobhchomórtais. Beifear in ann gach cluiche a leanúint via tuairiscí reatha cluichí agus an tseirbhís bheo scór ar RTÉ.ie/sport agus ar Aip RTÉ News, chomh maith le teacht a bheith ar an nuacht is déanaí ó na colúnaithe is fearr i gcúrsaí spóirt.
Cuirfear deis ar fáil an samhradh seo ar an RTÉ Player cláir bheo agus cláir bhuaicphointí RTÉ a shruthú beo chomh maith le teacht a bheith ar an gcuid is fearr den shainanailís ó The Sunday Game ar na Craobhchomórtais Pheile, Iomána agus Chamógaíochta.
Beidh tú in ann féachaint ar The Sunday Game agus ar Sunday Game Live ar an RTÉ Player, ar an tseirbhís athuaire teilifíse, agus beidh teacht ar an gcuid is fearr den phlé agus den anailís painéil ar chuntais Facebook, Instagram agus Twitter The Sunday Game, chomh maith le roinnt den spraoi a bhíonn ag tarlú sa chúlra a thaispeáint.
Cuirfidh sin ar fad, chomh maith le Podchraoladh CLG RTÉ, Ábhar Beo idirghníomhach Facebook agus uirlisí anailíse a bhfuil síneadh curtha leo le gairid, an tsúil siar agus an réamhfhéachaint is fearr ar fáil ar an aicsean ar fad i gcúrsaí peile agus iomána CLG.
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tá cearta Gaeilge ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chluichí Chraobhchomórtais CLG ar fad, agus beidh neart spóirt á chlúdach aige d’éisteoirí an samhradh seo le tráchtaireacht, tuairisciú agus anailís bheo ar na cláir spóirt Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae. I measc an an lucht anailíse peile beidh Dara Ó Cinnéide, Lorcán Ó Máirtín, Coman Goggins, Máire Ní Bhraonáin, Tomás Ó Flatharta, Gary Brennan, Stephen Joyce, Charlie Vernon agus Michael Rice. Beidh Joe Connolly, Cathal Moore, Pat Fleury agus Claire O’Connor i measc cuid den lucht anailíse iomána ar na cláir.
GAAGO
Déanfaidh GAAGO sruthú beo ar an gcuid is fearr de Chraobhchomórtas 2022 arís sa dá chód do lucht leanúna CGL lasmuigh d’Éirinn. Beidh gach cluiche a chraolfar ar chainéil teilifíse na hÉireann ar fáil le breathnú orthu i dtíortha eile, chomh maith le seó buaicphointí The Sunday Game agus aicsean áirithe spóirt faoi aois san áireamh. Is féidir le custaiméirí cluiche aonair nó síntiús a cheannach, a bhfuil rogha nua Tráthchodanna Pas Bliantúla ar fáil do 2022 a thugann deis duit costas an Phas Bhliantúil a scaipeadh thar 12 íocaíocht mhíosúla ina tráthchodanna. Déanfaidh GAAGO sruthú beo ar an gcluiche idir Nua-Eabhrac agus Sligeach i gCraobhchomórtas Chonnacht Domhnach Cásca don lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain.
Is féidir clárú ar an láithreán gréasáin GAAGO.ie nó ar aipeanna iOS agus Android GAAGO. Beidh an rogha ag an lucht tacaíochta a dhéanann an aip a íoslódáil na cluichí a theilgean chuig a dteilifíseán.
An áit a mbeidh clúdach CLG RTÉ le fáil:
- Ar Líne www.rte.ie/gaa
- Go soghluaiste: RTÉ News Now / RTÉ Player
- Ar Twitter: @rtegaa | @thesundaygame
- Ar Facebook: www.facebook.com/thesundaygame
- Ar Instagram: www.instagram.com/thesundaygame
- Ar YouTube: www.youtube.com/rtesport
- Ar Soundcloud: www.soundcloud.com/rtesport