Beidh an Celtic Dawn Chorus beo ar an raidió Domhnach Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc na Bealtaine seo
Ceiliúradh ar theacht an earraigh! Déanfaidh RTÉ Radio 1 agus RTÉ lyric fm ceiliúradh ar dhomhan dúlra na hÉireann le linn Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc na Bealtaine seo le craoladh Dawn Chorus, a chraoltar beo uair sa bhliain.
Is as Riasc Chois Coinne Chairde Éanlaith Éireann i gCorcaigh, a dhéanfar craoladh beo na bliana seo, as a ndéanfaidh Derek Mooney ceiliúradh na n-éan a chur i láthair i dteannta Niall Hatch, Jim Wilson, Éanna Ní Lamhna agus Terry Flanagan mar aon le saineolaithe ó ar fud thíortha ceilteacha na hEorpa.
Tá RTÉ Radio 1 agus Lyric fm i bpáirt lena macasamhlacha i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain Bheag, in Albain, ar Oileán Mhanann agus i gCorn na Breataine don chomhchraoladh seo go moch maidin Dé Domhnaigh an 1 Bealtaine.
Dúirt léiritheoir feidhmiúcháin / láithreoir Dawn Chorus, Derek Mooney: “Is é ceiliúr na camhaoire buaicphointe na bliana dom féin go gairmiúil agus go pearsanta. Is breá liom é agus airím go ndéanann an eachtra tríd is tríd maitheas dom. Bím i gcónaí ag tnúth le céad cheiliúr éan na maidine a chloisteáil. Táimid i mbun craolta as Riasc Chois Coinne le bliana fada anois, agus is ón Lon Dubh de ghnáth a chloistear an chéad cheiliúr, ach ní bhíonn muid ag fanacht i bhfad go dtosaíonn an Spideog agus an Dreoilín iad féin ag ceol. Ní mar a chéile aon dá cheiliúr, áfach. Braitheann sé i ndáiríre ar an áit ina bhfuil tú sa tír agus ar na speicis atá gar duit.”
Dúirt sé freisin: “Fiafraíonn daoine díom an bhfuil ríméad orm na héin a chloisteáil ag canadh le linn an chláir. Deirim i gcónaí leo gur mó faoiseamh na ríméad a chuireann sé orm! Craoltar an clár seo beo ar fud na cruinne agus is aisteach a bheadh sé, ar an gcuid is lú de, dá mbeadh ceiliúr na n-éan againn gan aon éan. Ar ámharaí an tsaoil níor tharla sé sin fós. Beag beann ar chúrsaí aimsire ar maidin, bíonn siad ann i gcónaí.”
Ag meán oíche roimh imeacht beo an Dawn Chorus a thosóidh na cláracha le heagrán speisialta de Mooney Goes Wild dar teideal “What is a bird?”, ina mbeidh Derek agus a phainéal ag phlé saintréithe, iompair agus oiriúnuithe ar leith a dhealaíonn éin ó ainmhithe eile. Mar chuid den sceideal, cuirfidh Terry Flanagan eagrán nua speisialta i láthair dírithe ar an Mórchnagaire Breac, ceann de na héin is déanaí a chuir fúthu anseo in Éirinn.
Ag leanúint den phrapáil, rachaidh Aedín Gormley RTÉ Lyric fm i mbun cíortha sa leabharlann cheoil chun machnamh a dhéanamh ar an spreagadh atá faighte ag cumadóirí ó éin agus ó cheol na n-éan leis na cianta do Lyrical Bird Song. Beidh an Dr. Paddy Glackin (Buaiteoir Ghradam Ceoltóir na Bliana TG4 2022) agus Dónal Lunny i mbun iontais an dúlra a cheiliúradh tríd an gceol agus trí amhránaíocht in Celtic Fusion, i dteannta cuid de na hoirfidigh traidisiúnta agus na hoirfidigh de chuid cheol na ndaoine is mó aithne ó na tíortha Ceilteacha.
Beidh an Celtic Dawn Chorus beo ar an aer ón 4am go dtí an 7am Dé Domhnaigh an 1 Bealtaine, agus craolfar é ag an am céanna ar RTÉ Radio 1, RTÉ Lyric FM, BBC Radio Foyle, BBC Radio Wales, BBC Radio Cornwall agus ar BBC Radio Scotland. Craolfar é idir an 4am agus 6am ar BBC Radio Ulster.
Nótaí:
Sceideal Dawn Chorus – Dé Domhnaigh an 1 Bealtaine 2022
0000-0100: What is a bird? (Cad is éan ann?)
San eagrán speisialta seo de Mooney Goes Wild, beidh Derek Mooney agus a phainéal ag plé saintréithe, iompair agus oiriúnuithe ar leith a dhealaíonn éin ó ainmhithe eile.
0100-0200: RTÉ Lyric fm – Lyrical Bird Song
Tá sé de chleachtadh ag cumadóirí an cheoil chlasaicigh aithris a dhéanamh ar fuaimeanna an dúlra leis na cianta. Ó ré na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann, is iomaí duine a fuair spreagadh ó na fuaimeanna éagsúla a dhéanann éin, iad ag bíogaíl agus ag giolcaireacht, agus tá úsáid bainte acu as na fuaimeanna sin ina gcuid saothar ceoil, ag cur ceol binn an iomaí éan in iúl. Rachaidh Aedín Gormley RTÉ Lyric fm i mbun cíortha sa leabharlann cheoil chun machnamh a dhéanamh ar an spreagadh atá faighte ag cumadóirí ó éin agus ó cheol na n-éan leis na cianta.
0200-0300: Celtic Fusion
Beidh an Dr. Paddy Glackin, buaiteoir Ghradam Ceoltóir na Bliana TG4 2022, agus Dónal Lunny i mbun iontais an dúlra a cheiliúradh tríd an gceol agus trí amhránaíocht i dteannta cuid de na hoirfidigh traidisiúnta agus na hoirfidigh de chuid cheol na ndaoine is mó aithne ó na tíortha Ceilteacha.
0300-0345: An Mórchnagaire Breac
Cuirfidh Terry Flanagan clár faisnéise speisialta de Mooney Goes Wild i láthair faoin Mórchnagaire Breac, ceann de na héin is déanaí a tháinig chun na tíre agus ceann de na héin is spéisiúla i measc éin ghoir na hÉireann. Ní raibh an Mórchnagaire Breac seo in Éirinn nó gur shocraigh cúpla ceann de na héin carasmatacha dubh agus bán seo an turas a dhéanamh trasna Mhuir Éireann ón mBreatain tuairim is 15 bliain ó shin. Ó shin i leith, tá líon na n-éan ag méadú go cinnte más go mall féin é agus tá siad anois le fáil i níos mó ceantar sa tír, chomh mór sin is gur gné anois é ceol an éin sin, ar geall le druma é, de cheiliúr camhaoire na hÉireann.
0345-0400: Beo as Riasc Chois Coinne
Caithfidh Derek Mooney, Niall Hatch agus Jim Wilson súil chun cinn ar chraoladh bliantúil cheiliúr na camhaoire.
0400-0700: The Celtic Dawn Chorus
Beo as Riasc Chois Coinne Chairde Éanlaith Éireann i gCo. Chorcaí, ceiliúr ar cheol na n-éan arna chur i láthair ag Derek Mooney, i dteannta Niall Hatch, Jim Wilson, Éanna Ní Lamhna agus Terry Flanagan, móide sainrannpháirtithe eile ó ar fud thíortha Ceilteacha na hEorpa.
Is comhchraoladh é seo idir RTÉ Radio 1, RTÉ Lyric fm, BBC Radio Ulster + BBC Radio Foyle, BBC Radio Wales, BBC Radio Cornwall agus BBC Radio Scotland.