Buaiteoir Chomórtas Grianghrafadóireachta Eye on Nature de chuid RTÉ Fógartha
Iora Rua (Sciurus vulgaris) – Jimmy Mc Donnell, Co. Chill Mhantáin
Gailearaí ar líne de na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais agus de na daoine a fuair duaiseanna tánaisteacha: rte.ie/eyeonnature
Tá sé díreach fógartha gurb é an íomhá fíorálainn d’Iora Rua (Sciurus vulgaris) a ghlac Jimmy McDonnell as an gCaisleán Nua, Co. Chill Mhantáin a bhain an chéad áit amach i gcomórtas grianghrafadóireachta fiadhúlra RTÉ, Eye on Nature.
Sheol RTÉ agus lucht Garraithe Náisiúnta Lus na hÉireann, i dteannta Oifig na nOibreacha Poiblí, comórtas na bliana seo i mí Eanáir 2022 ar Mooney Goes Wild ar RTÉ Radio 1 agus ar Today ar RTÉ One. Bhí Derek Mooney, an láithreoir RTÉ, i nGarraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath chun an buaiteoir foriomlán a fhógairt.
Tháinig an 12 iomaitheoir a bhí i mbabhta ceannais an chomórtais le chéile níos luaithe inniu i nGarraithe Náisiúnta na Lus, áit a raibh deis acu a n-íomhá a fheiceáil ar taispeáint ar scála mór. Le linn sheó Today ar RTÉ One tráthnóna, labhair Derek le gach iomaitheoir sa bhabhta ceannais faoin íomhá a ghlac sé agus faoin mbealach ar ghlac sé í.
Ar an bpainéal moltóireachta, bhí an Dr Matthew Jebb (Stiúrthóir, Garraithe Náisiúnta na Lus), Anne Sommerfield (déantóir scannán a bhfuil gradam buaite aici) agus Mike Brown (grianghrafadóir fiadhúlra a bhfuil gradam buaite aige.) Déantar flóra agus fána an oileáin seo a cheiliúradh leis an gcomórtas seo. Chuir go leor isteach ar an gcomórtas agus fuarthas níos mó ná 3,000 iarratas.
Roghnaigh na moltóirí an 12 íomhá a bhí sa bhabhta ceannais as 100 grianghraf, sular roghnaigh siad an íomhá a thug léi an chéad duais. Is léargas iad na grianghraif seo ar fad ar oidhreacht nádúrtha iontach na hÉireann, ina gcuirtear bithéagsúlacht an oileáin seo os comhair an phobail.
Tar éis dóibh próiseas crua roghnúcháin a chur i gcrích, roghnaigh na moltóirí íomhá Jimmy ina híomhá a ghnóthaigh an bua foriomlán, mar go bhfuil ‘an meascán is fearr den ealaín agus de theicníc’ inti. Ó thaobh teicníce de, tógadh go maith í, ach tá cuma na healaíne uirthi freisin. Tréith phéintéiriúil, d’fhéadfá a rá.’
Dúirt an Dr Matthew Jebb, Stiúrthóir, Garraithe Náisiúnta na Lus, “Is é an staidiúir é. Tá an-chuid spioraid san iora rua sin, agus tá dathanna áille ann, tá an grianghraf grinn, tá comhdhéanamh maith ann. Tá gach rud a theastaíonn i ngrianghraf maith ann.”
Is éard a dúirt Jimmy Mc Donnell nuair a fógraíodh gurbh é féin an grianghrafadóir a raibh an bua aige: “Tá lúcháir orm. Bhí lá den scoth agam, agus bhí sé ar fheabhas ar fad a bheith ag labhairt leis na grianghrafadóirí eile ar fad. Tá ríméad an tsaoil orm. Is é seo an chéad chomórtas ar chuir mé isteach air riamh, agus mar sin tá mé iontach sásta go deo.”
D’inis Jimmy do Derek gur ghlac sé a íomhá “i gcoillearnach gar don bhaile maidin fhionnuar i mí Aibreáin, agus i ndáiríre, caithfidh mé buíochas a ghabháil leis an iora rua as an ngotha sin a chur air féin, mar gurb é an staidiúir sin is tábhachtaí, agus an solas álainn sa chúlra leis.
Bronnadh trófaí Eye on Nature de chuid RTÉ agus duais €1,000 ar Jimmy.
Seoladh gailearaí ar líne an tseachtain seo caite ar rte.ie/eyeonnature, ar a bhfuil grianghraif an 12 iomaitheoir ón mbabhta ceannais le feiceáil, mar aon le 8 íomhá eile le hiomaitheoirí a bhí ar an ngearrliosta.
Beidh íomhánna an 12 iomaitheoir sa bhabhta ceannais ar taispeáint i nGlas Naíon go dtí an 5 Meitheamh. Aistreofar go Caisleán Bhaile Átha Cliath ansin iad, áit a mbeidh an 12 íomhá ó bhabhta ceannais chomórtas na bliana seo ar taispeáint in éineacht leis an 12 íomhá a bhí sa bhabhta ceannais de chomórtas na bliana 2021. Sna míonna atá amach romhainn, cuirfear an taispeántas ar siúl ar láithreacha eile de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar fud na tíre, lena n-áirítear Caisleán Phort Omna agus Caisleán Bhaile Átha an Rí.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig rte.ie/eyeonnature