RTÉ agus Fondúireacht Eolaíochta Eireann tagtha le chéile chun léargas a thabhairt ar an meanapás in Éireann
Tá RTÉ agus Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) tagtha le chéile chun clár faisnéise dar teideal The Change – Ireland’s Menopause Story a chómhaoiniú. Craoladh an clár ar RTÉ One agus tá sé ar fáil ar RTÉ Player.
Ba léir ón aird a tharraing scéalta na mban a labhair ar Liveline ar RTÉ Radio 1 mí Bealtaine seo caite nach ábhar nideoige é an meanapás, nach ábhar níos mó é nach féidir labhairt faoi. Bíonn nó beidh tionchar díreach ag an meanapás ar 50 faoin gcéad den daonra.
Tosóidh an clár faisnéise uair an chloig seo le cuid de na míreanna taifeadta de na daoine a ghlaoigh isteach ar Liveline bliain ó shin, téann an clár faisnéise ar aghaidh ansin chun an taithí a bhíonn ag mná ar an meanapás in Éirinn a fhiosrú: an gheis, an eolaíocht, na scéalta pearsanta agus an todhchaí.
Cé nach mar a chéile a bhíonn an taithí a bhíonn ag aon dhá bhean, déanfar na comharthaí sóirt coitianta agus cuid de na comharthaí sóirt nach bhfuil chomh coitianta sin a fhiosrú sa chlár agus labhrófar le saineolaithe ar is cúis leis an meanapás agus ar na tionchair agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhaineann leis. Caithfear súil sa chlár freisin ar chúrsaí sa láthair oibre agus ar an deacracht a bhíonn ag mná, a mbíonn na comharthaí sóirt ag cur isteach orthu, tacaíocht a lorg. Fágfaidh 10 faoin gcéad de mhná an fórsa saothair le linn na mblianta a mbíonn siad ag dul tríd an athrú saoil.
Ag cur fáilte roimh an gclár faisnéise, is éard a dúirt an Dr Ruth Freeman, Stiúrthóir Eolaíocht le haghaidh na Sochaí, Fondúireacht Eolaíochta Éireann: “Tá ríméad orainn a bheith i gcomhpháirtíocht le RTÉ chun tacú le The Change – Ireland’s Menopause Story. Chuaigh an pobal i mbun plé anuraidh, tríd Ár dTodhchaí a Chruthú, faoi thaighde agus na hábhair is mó tábhachta a bhaineann leo féin. Dúradh linn arís agus arís eile gur theastaigh níos mó taighde a dhéanamh ar chúrsaí shláinte na mban. Leanfaidh an clár faisnéise ar aghaidh leis an gcomhrá sin agus tá súil againn go dtabharfaidh sé deis cainte do níos mó daoine sna comhráite atá ag tarlú níos minice faoin meanapás. Creidim féin go bhfuil na pléití leanúnacha ionchuimsitheacha sin riachtanach má tá sé i gceist againn réitigh feabhsaithe a fháil, agus i ndeiridh an lae, torthaí sláinte níos fearr a fháil do mhná.”
Is éard a dúirt Ceann Ábhar Fíorasach Speisialtóra RTÉ, Colm O’Callaghan: “Chuir Liveline tús an t-am seo anuraidh le comhrá náisiúnta agus an-phoiblí faoin meanapás. Tá bliain caite ó shin agus táimid anois ag féachaint ar an gcaoi a bhfuil taithí saoil fíorphearsanta, fianaisí agus comhráite – chomh maith le heolaíocht, sonraí agus fianaise – ábalta a bheith an-thábhachtach maidir leis an gcaoi a ndéanann an tsochaí cinntí a mhúnlaíonn a todhchaí.”
Tá The Change: Ireland’s Menopause Story bunaithe ar thaithí chéad phearsa roinnt ban Éireannach. Roinneann grúpa iléagsúil ban ó ar fud na hÉireann a gcuid scéalta i bhfianaise chumhachtach. (Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar scéalta pearsanta na mban i Nótaí don Eagarthóir thíos)
I measc na saineolaithe a bheidh á gcur faoi agallamh tá an Dr Deirdre Lundy, an Dr Caoimhe Hartley agus an Dr Sarah Callaghan. Tá sé i gceist leis an gclár faisnéise seo léargas a thabhairt ar an meanapás agus deireadh a chur leis an dearcadh gur ábhar toirmiscthe é. Tabharfaidh cliniceoirí
agus dochtúirí léargas dúinn ar na saincheisteanna a bhaineann leis an meanapás trí dhearcadh eolaíochta.
Is clár faisnéise eolasach, croíúil agus tarraingteach é The Change – Ireland’s Menopause Story a thugann deis dúinn labhairt faoin ábhar seo a thuilleadh agus a fhéachann i dtreo na todhchaí.
Is féidir leat páirt a ghlacadh sa chomhrá ar na meáin shóisialta agus bain úsáid as an haischlib #thechange