I ndiaidh seacht mbliana rathúla ar an aer, tiocfaidh deireadh le Claire Byrne Live
I ndiaidh seacht mbliana rathúla ar an aer, tiocfaidh deireadh leis an tsraith Claire Byrne Live ar RTÉ One an Luan seo, an 30 Bealtaine 2022. Cuirfear clabhsúr ar fad leis an gclár seachtainiúil ar chúrsaí reatha le deireadh an tséasúir. Bhí an-tóir ar an gclár a bhíonn á chur i láthair ag an gcraoltóir Claire Byrne os comhair lucht féachana agus éisteachta beo sa stiúideo. Bhí idir agallaimh chumhachtacha agus chur agus cúiteamh ar an gclár agus ghlac na mílte ball den lucht féachana agus éisteachta páirt freisin sa chlár a shocraigh a gcuid scéalta féin a insint gach seachtain ó thosaigh an tsraith ar RTÉ One.
Is éard a bhí le rá ag an láithreoir, Claire Byrne: “Nuair a chuireamar tús le Claire Byrne Live sa bhliain 2015, bhíomar ag iarraidh gur fóram a bheadh ann do mhuintir na hÉireann chun an nuacht a mhúnlú, freagairt a thabhairt ar na himeachtaí a bhí ag titim amach agus, níos tábhachtaí, a gcuid féin a rá. Thugamar aghaidh ar dhá olltoghchán, dhá reifreann thar a bheith tábhachtach agus paindéim dhomhanda amháin ó chuamar ar an aer den chéad uair.
Táim fíorbhródúil as bheith páirteach sa seó seo i gcaitheamh na mblianta sin agus chuaigh sé go croí ionam a bheith ag obair le taobh triúr eagarthóirí cumasacha Claire Byrne Live – Aoife Stokes, Jane Murphy agus Hugh Ormond, gan trácht ar an bhfoireann bheag dhíograiseach a rinne cinnte de gur éirigh linn a bheith ar an aer gach seachtain, d’ainneoin na ndúshlán a cuireadh romhainn de dheasca na paindéime le dhá bhliain anuas.
Tá sé socraithe agam díriú ar mo sheó raidió agus táim ag tnúth go mór, le himeacht aimsire, le bheith ag obair ar thograí teilifíse eile do RTÉ. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach duine a rinne a bheith páirteach in Claire Byrne Live chomh taitneamhach sin, go háirithe an lucht féachana agus éisteachta sa bhaile a raibh mé ina gcomhluadar oíche Dé Luain le seacht mbliana go leith.”
Mhol Jon Williams, Bainisteoir Stiúrtha ar Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Claire Byrne agus an clár: “Tá seacht mbliana caite ag Claire i mbun óstáil a dhéanamh ar an gcomhrá is mó in Éirinn, ag tabhairt deis cainte don lucht féachana agus éisteachta maidir le príomh-shaincheisteanna an lae. Ón agallamh iontach a chur sí ar mhuintir Clodagh Hawe, go dtí an t-aicsean ar fad a bhain le Díospóireacht na gCeannairí in dhá Olltoghchán chomh maith le nuacht a bhí á bhriseadh i gcaitheamh na paindéime, tá sé léirithe ag Claire Byrne Live go bhféadfaidh cúrsaí reatha a bheith spéisiúil agus tarraingteach. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Claire as an tsraith den scoth.”
Leanfaidh Claire de Today with Claire Byrne a chur i láthair ar RTÉ Radio 1, ó Luan go hAoine ón 10.00am, agus beidh sí ag obair le RTÉ ar chláracha teilifíse amach anseo.
Féach ar Claire Byrne Live, oíche Dé Luain seo ag 10.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.