SCEIDEAL NUA SEOLTA AG FAIR CITY AGUS SAMHRADH MÓR LÁN D’AISCEAN I nDÁN DÚINN
AR RTÉ ONE DÉ DOMHNAIGH AG 8PM | DÉ MÁIRT AG 8PM | DÉARDAOIN AG 8:30PM | DÉ hAOINE AG 7:30PM
Tiocfaidh athrú ar dhátaí craolta Fair City RTÉ an samhradh seo a bheidh á chraoladh oíche Dé Domhnaigh, Dé Máirt, Déardaoin agus Dé hAoine. Ní chraolfar Fair City ar an gCéadaoin a thuilleadh ó Dé Domhnaigh an 12 Meitheamh ar aghaidh.
Is de bharr go bhfuil athrú déanta ar sceideal Coronation Street agus Emmerdale ar ITV, agus EastEnders ar BBC a bheidh Fair City á chraoladh ar an Aoine ag 7.30pm. Rinneadh an cinneadh Fair City a chraoladh oíche Dé hAoine i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar sceideal shobaldráma RTÉ chun a chinntiú go mbeadh an lucht féachana ábalta leanúint de shásamh a bhaint as ceithre eipeasóid ceithre lá na seachtaine.
Is éard a dúirt léiritheoir feidhmiúcháin Fair City, Brigie deCourcy, agus í ag tabhairt leide beag do lucht leanúna an chláir faoin méid a bhféadfaidh siad súil a bheith acu leis an Samhradh seo “Is iontach an tráth í i mbaile na Carraige agus táim ag súil le fáilte a chur roimh an lucht féachana ag 7.30pm oícheanta Dé hAoine.
Beidh an deis againn na scéalta a raibh rún againn iad a insint le fada a insint an Samhradh seo. Éireoidh cúrsaí an-chorraithe le scéal brónach Anto Collins agus an andúil atá aige sa chearrbhachas, leanfaidh sé den dallamullóg a chur ar dhaoine agus a chuid bréag ag éirí níos casta; beidh Damien agus Mairead ag streachailt le boc mór an airgid atá anois ina fhorbróir réadmhaoine agus gan trácht fós ar a athair; faoin am a bheidh ár gcomóradh mór sroichte againn i Meán Fómhair beidh níos mó ábhar iontais, scéalta gan choinne agus daoine ag filleadh arís ar bhaile beag gnóthach na Carraige.”
Is é seo an 33 séasúr de Fair City a bheidh ag comóradh 34 bliain ar an scáileán Dé Domhnaigh an 18 Meán Fómhair. Lean cainéil meán sóisialta RTÉ One leis an scéal is déanaí a fháil agus caith súil ar rud ar bith a chaill tú ar an RTÉ Player.