An t-aisteoir a ainmníodh do ghradam Oscar, Ciarán Hinds, ina reacaire ar shraith podchraoltaí úrnua do leanaí ar RTÉjr Radio
Déantar nasc idir scéalta faoi chineáltas agus faoi chrógacht leanaí in The Neighbourhood.
Beidh guth ar leith an aisteora mór le rá, Ciarán Hinds, le cloisteáil ar The Neighbourhood ó tharla é i mbun reacaireachta. Beidh an tsraith naoi gcuid do leanaí dírithe ar ghrúpaí leanaí arb ionann a gcomharsanacht féin agus a ríocht, ceantar cluthara lán de spraoi agus de shamhlaíocht.
I rith na sraithe, inseoidh an reacaire (Hinds) scéalta dúinn faoi chineáltas agus faoi chrógacht na leanaí sin gach aon lá. Inseofar scéal Nettie sa chéad chlár, dar teideal Mr Potts is No Longer Afraid. Tá Nettie breá sásta ina comhluadar féin, róshásta b’fhéidir. Taitníonn léi a bheith ag tarraingt pictiúr sna cuibhrinn ar chúl a tí. Éiríonn sí mór le seanfhear, an tUasal Potts, baintreach fir, a bhfuil eilifint aige mar pheata, nó an bhfuil?
Is é an drámadóir agus an t-údar, Philip Davison, a scríobh The Neighbourhood, a chéad shaothar do leanaí. Is é Brian Kenny, a dhéanann cláracha raidió agus ar múinteoir é, a léirigh an tsraith.
Is éard a dúirt Nicky Coghlan, Léiritheoir RTÉjr Radio: “Tá ríméad orainn gur ghlac aisteoir chomh hiontach le Ciarán páirt i seó le RTÉjr Radio. Chuidigh a ghuth agus a chur i láthair linn scéalta fíordhraíochtúla a chruthú a bhraitheann nach mbaineann siad le tréimhse ama faoi leith. Is é seo an chéad uair freisin ag Philip Davison peann a chur le páipéar do leanaí agus is soiléir atá sé go bhfuil sé ag fáil a chuid inspioráide ón óige a bhí uainn go léir.”
Is éard a dúirt Ciarán Hinds: “Is seanchara liom é Philip Davison a scríobh na scéalta seo do leanaí agus d’iarr sé orm an mbeadh spéis agam iad a thaifeadadh don raidió. Léigh mé iad agus chuaigh siad i bhfeidhm orm ó tharla iad a bheith lán le greann ar leith, mar sin thaifead mé iad agus táim ar ais inniu chun ceann díobh a léamh do ghrúpa leanaí seacht mbliana d’aois!”
Íomhá: Ciarán Hinds (thuas) ag léamh scéalta ó The Neighbourhood i nGairdín Pobail Mud Island ar an 2 Meitheamh do leanaí ó Scoil Naomh Uinseann, An Baile Bocht.
Tá na 9 scéalta ar fad ar fáil ar gach ardán podchraoltaí anois.