CLÁR GRINN DHUIBH BUNAIDH NUA Ó RTÉ AGUS Ó IFC DE CHUID AMC NETWORK LE DUL AR AGHAIDH, SisterS
SRAITH NUA Ó SARAH GOLDBERG AGUS SUSAN STANLEY AGUS IAD INA bPRÍOMHAISTEOIRÍ SA tSRAITH
Comhléiriú de chuid na hÉireann agus Cheanada arna léiriú ag Peer Pressure agus Shaftesbury, i gComhar le Mermade agus Gaze Pictures
Tá sé fógartha ag RTÉ in éineacht le IFC de chuid AMC Networks inniu, go rachfar ar aghaidh le sraith grinn-drámaíochta, SisterS, arna cruthú ag Emmy Sarah Goldberg (Barry), a bhfuil ainmniúchán do Ghradam Emmy faighte aici, agus Susan Stanley (Hotel Amenities), agus gurb iad féin a bheidh ina bpríomhaisteoirí sa tsraith. Tá an tsraith seo á forbairt i gcomhar le Peer Pressure, le Shaftesbury, le RTÉ agus le Declan Lowney (Ted Lasso, Alan Partridge) a bhfuil ainmniúchán do Ghradam Emmy faighte aige. Is é Lowney stiúrthóir bunaidh na sraithe agus tá sé le tús a chur leis na chéad trí chlár den tsraith as sé chlár a stiúradh, gach clár acu leathuair an chloig.
Leanann RTÉ de bheith ina lárionad do dhrámaíocht ar ardchaighdeán agus tús curtha le scannánú i mBaile Átha Cliath anois do SisterS, ar clár grinn-drámaíochta dorcha é faoi bheirt bhan, ar rugadh iad ar mhór-ranna éagsúla, i gCeanada agus in Éirinn, a fhaigheann amach gur leathdheirfiúracha iad agus a thugann faoi thuras bóthair chun a n-athair a aimsiú, ar alcólach é. Is é seo an chéad sraith a scríobh Goldberg agus Stanley, ar dlúthchairde cearta iad, agus is iad príomhaisteoirí na sraithe freisin iad.
Comhléiriú de chuid na hÉireann agus Cheanada is ea í, arb iad Peer Pressure agus Shaftesbury léiritheoirí na sraithe, i gcomhar le Mermade agus Gaze Pictures. Tá cearta Stáit Aontaithe Mheiriceá na sraithe ag IFC de chuid AMC Networks agus ag an tseirbhís sruthaithe Sundance Now, tá cearta Cheanada na sraithe ag Crave agus tá cearta na sraithe ag RTÉ in Éirinn. Soláthróidh Fremantle an tsraith i ngach críoch eile. Tá scannánú ar bun ar an láthair in Éirinn faoi láthair, a bheidh ag leanúint ar aghaidh go dtí an 28 Meitheamh, 2022, agus tacaíocht á tabhairt dó ó Údarás Craolacháin na hÉireann.
Is é seo a leanas a dúirt comhchruthaitheoirí agus comhréaltaí na sraithe Sarah Goldberg agus Susan Stanley: “Tá ríméad orainn SisterS a dhéanamh, ar dráma grinn é atá bunaithe ar na carachtair a bhaineann leis an gcaoi ar féidir le tuismitheoir nach bhfuil páirteach i saol duine le linn a óige tionchar a bheith aige ort sna tríochaidí, agus leis an ngreann adhfhuafar a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an tráma sin.”
Dúirt an Stiúrthóir Declan Lowney, “Tá sceitimíní an domhain orm agus mé ag smaoineamh ar am a chaitheamh le Susan agus le Sarah. Tá mé ag súil leis an taispeántas corraitheach cothromúcháin atá ag teastáil chun beocht a chur i ndráma agus i ngreann na scripteanna áille seo. Is clár den scoth é SisterS do stiúrthóir ar bith, agus tá an-ríméad orm gur cuid den chlann mé.”
Dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe Ghreann RTÉ, Justin Healy, “Tá ríméad orainn in RTÉ go mbeimid ag léiriú SisterS. Bhí an tionscadal go hiontach ón tús agus tá foireann dhochreidte ceangailte leis. Chruthaigh Sarah, Susan agus Declan rud éigin atá an-speisialta agus chuir sé áthas orainn é a thabhairt chun forbartha. Tá cumas dáiríre i gceist leis an tionscadal seo agus a bhuíochas lenár bpáirtithe léirithe, tá rud éigin speisialta i ndán dár lucht féachana in Éirinn agus thar lear, i stíl na hÉireann.”
Dúirt Bainisteoir Ginearálta IFC, Blake Callaway, “Chuir SisterS fonn orm deirfiúr a bheith agam. Feileann na naisc chasta cairdis agus teaghlaigh go foirfe don mheascán ar leith de chláracha grinn atá beagáinín contráilte a chuireann IFC agus Sundance Now ar fáil. D’aithin Sarah agus Susan go leor grinn sa díobháil tuismitheoireachta lochtach, a bhfuil teipthe uirthi, agus nach bhfuil ann. Beidh na siblíní seo agus a gcruthaitheoirí atá ag tosú amach go breá ar fad.”
Dúirt Stiúrthóirí Peer Pressure, Richard Cook and Angela Squire, “Ón uair a léamar an script, a bhuaileamar le Sarah agus le Susan agus a chonaiceamar gur réitigh siad an-mhaith lena chéile, bhí a fhios againn go raibh an tionscadal an-speisialta agus go raibh muid ag iarraidh oibriú leo, chun a scéal a thabhairt chuig an scáileán. Is mór an moladh é ar a gcuid scríbhneoireachta atá úr agus go hiomlán iontaofa gur thosaigh Declan Lowney ag obair linn chun SisterS a fhorbairt. Tá sceitimíní orainn Peer Pressure a chur chun cinn den chéad uair sa spás a bhfuil script leis agus an bheirt scríbhneoirí, Sarah agus Susan, ag scríobh don teilifís den chéad uair.”
Dúirt Cathaoirleach agus Uachtarán Shaftesbury, Christina Jennings, “Tá ríméad orm a bheith i mbun comhpháirtíochta le Peer Pressure chun tacú leis an gcéad sraith iontach a scríobh cruthaitheoirí agus príomhaisteoirí na sraithe, Sarah Goldberg agus Susan Stanley. Tá greann dubh in SisterS mar is clár pearsanta é, ina bhfuil tallann ó Cheanada agus tallann idirnáisiúnta den chéad scoth agus foireann chruthaitheach shuntasach.”
Dúirt Páirtí Bainistíochta Domhanda agus Comhbhunaitheoir Mermade, Kira Carstensen, “Tá dearcadh an-ionraic a bhfuil greann dubh i gceist leis curtha in iúl ag Sarah agus Susan maidir le caidrimh teaghlaigh, idir chaidrimh nach bhfuil teagmháil i gceist leo agus chaidrimh atá ann. Tá sceitimíní orainn an lucht féachana a thabhairt ar aistear thar a bheith greannmhar agus siamsúil.”
Dúirt Léiritheoir Scannánaíochta & Teilifíse agus Bunaitheoir Gaze Pictures, “Tá ríméad orm tús a chur le bheith ag obair leis an bhfoireann agus aitheantas a thabhairt do SisterS, chéad sraith Susan agus Sarah. Is iontach an léiriú láidir a dhéanann siad ar an gcaidreamh casta, paiseanta agus thar a bheith greannmhar a bhíonn idir deirfiúracha. Tá sceitimíní orm go bhfeicfidh an lucht féachana an bheirt charachtar mná den chéad scoth den chéad uair.”
Craolfar SisterS ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player in Earrach 2023. Táthar i mbun léirithe in Éirinn faoi láthair.