Deontais an RTÉ Toy Show Appeal fógartha agus leas le baint ag breis is 1.1 milliún leanbh agus teaghlach ar fud na hÉireann astu
- Gach contae le deontais a fháil agus 154 carthanacht agus grúpa pobail le maoiniú a fháil
- €6.6 milliún bronnta ag an bpobal i mí na Samhna seo caite chun cuidiú saol leanaí a athrú chun feabhais
Tá sé fógartha ag an RTÉ Toy Show Appeal agus ag Fondúireacht Phobail na hÉireann inniu go mbainfidh breis is 1.1 milliún leanbh agus a dteaghlaigh leas as tabhartais a fuarthas le linn Late Late Toy Show Appeal na bliana 2021.
Chuidigh lucht féachana breis is 1.8 milliún duine os cionn €6.6 milliún a bhailiú chun cuidiú linn saol leanaí a athrú agus a dhéanamh níos fearr le linn deireadh seachtaine nach ndéanfar dearmad air go ceann tamall fada i mí na Samhna seo caite. Bainfear úsáid as an airgead a bailíodh anois chun tacú leis an obair a dhéanann carthanachtaí cláraithe leanaí agus grúpaí pobail ar fud oileán na hÉireann. Gheobhaidh 154 carthanach deontais i mbliana, sin ardú ar 55 carthanacht anuraidh, agus den chéad uair, bainfidh tionscadal amháin as gach contae leas as deontas.
Le roinnt míonna anuas, tugadh cuireadh do charthanachtaí a bhíonn ag obair ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta iarratas a dhéanamh ar dheontas faoi thrí cholún théamacha: ag dul i ngleic le riachtanais riachtanacha amhail bia agus trealamh leighis, folláine a fheabhsú lena n-áirítear cúram ospidéil agus leighis, tacaíochtaí meabhairshláinte agus comhairleoireacht mhéala, agus cruthaitheacht agus spraoi.
Tá sé fógartha inniu ag an RTÉ Toy Show Appeal agus ag Fondúireacht Phobail na hÉireann go bhfuil na ceithre charthanacht seo a leanas chun deontais a chuirfidh athrú ollmhór orthu a fháil, deontais os cionn €300,000:
Cuireann Exchange House Ireland i Luimneach comhdheiseanna chun cinn don Lucht Siúil i réimsí na sláinte, an oideachais, na hoiliúna, na cóiríochta agus na fiontraíochta ar bhonn náisiúnta.
Spreagann Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhaboró do Leanaí i nGaillimh gach leanbh a bheith páirteach sna healaíona cruthaitheacha, beag beann ar a stádas tíreolaíochta, eacnamaíochta, fisiciúil, intleachta nó cultúir.
Cuireann Spraoi agus Spórt i nDún na nGall deiseanna, gníomhaíochtaí agus eispéiris inacmhainne agus uilechuimsitheacha ar fáil do leanaí, teaghlaigh, daoine óga agus daoine fásta.
Déanann Parents Plus idirghabháil fianaise-bhunaithe i dtaobh tuismitheoireachta, meabhairshláinte agus oideachais a fhorbairt agus a chur ar fáil do theaghlaigh leochaileacha.
Déanfar an chuid eile de na tabhartais a roinnt idir 150 carthanacht ar fud oileán na hÉireann, eagraíochtaí a bhfuil eolas maith orthu amhail Jack and Jill Foundation, Barnardos, Family Carers Ireland, an ISPCC, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Leabhair Leanaí na hÉireann, Seirbhísí Tacaíochta Ailse ARC agus Oscars’ Kids Ireland.
Gheobhaidh tionscadail agus eagraíochtaí áitiúla i ngach contae in Éirinn deontais freisin chun cuidiú le réimse éagsúil de riachtanais lena n-áirítear daoine gan dídean i nGaillimh, tacaíochtaí d’imircigh i gCorcaigh, íospartaigh na mí-úsáide gnéis i gCeatharlach, agus meabhairshláinte daoine óga i gCill Mhantáin gan ach roinnt acu a lua.
Tá breis is £525,000 bronnta ar 14 carthanacht agus eagraíocht i dTuaisceart Éireann lena n-áirítear Kids Together Bhéal Feirste, Kinship Care Northern Ireland agus Club Óige Clonmore.
Is féidir liosta iomlán na n-eagraíochtaí a fháil anseo
Maidir leis an bhfógra, dúirt láithreoir The Late Late Show, Ryan Tubridy: “Tá iontas an domhain curtha ag pobal na hÉireann orainn lena fhlaithiúlacht agus lena chineáltas ollmhór. Cuirfidh na tabhartais a fuarthas le saol na leanaí sin ar fud an oileáin is mó a bhfuil sé ag teastáil uathu chun an tacaíocht, cúram agus spreagadh a theastaíonn uathu a thabhairt dóibh. Ba mhaith linn buíochas ollmhór ó chroí a ghabháil le gach duine beo a thug airgead dúinn. Ní chreidimid ar chor ar bith an freagra a tugadh ar an bhfeachtas.”
Ag labhairt faoin tionchar a bhíonn ag an RTÉ Toy Show Appeal, dúirt léiritheoirí The Late Late Show Katherine Drohan agus Jane Murphy: “Tugann leanaí ábhar inspioráide an t-am ar fad dúinn, agus de bharr chomh fial flaithiúil dílis is atá an lucht féachana teilifíse, leanfaidh RTÉ den obair chun draíocht an Toy Show a chur ar fáil do gach leanbh in Éirinn ar mhaithe lena saol a fheabhsú go deo.”
Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes: “Is oíche mhór a bhíonn i gceist leis an Late Late Toy Show ina dtagann na glúnta go léir le chéile agus ina ndéanann an tír go léir ceiliúradh ar roinnt de na leanaí dochreidte agus inspioráideacha atá againn. Thug an lucht féachana arís freagra ar an bhfeachtas seo go fial flaithiúil, agus déanfaidh na tabhartais sin difear as cuimse don obair a bhíonn ar bun ag an iliomad eagraíocht. Is iontach an rud é go mbeidh tionchar ag an airgead seo ar shaol bhreis is 1.1 leanbh agus táimid thar a bheith buíoch do gach duine a thug airgead dúinn mar marach iad ní bheimis ábalta na deontais seo a thabhairt ar chor ar bith”.
Is éard a dúirt Denise Charlton, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin The Community Foundation for Ireland: “Tá leanaí, tuismitheoirí agus eagraíochtaí den scoth ag feiceáil gníomhartha a chuirfidh athrú mór ar shaol daoine óga á dhéanamh de dhraíocht an RTÉ Toy Show Appeal. Ní hamháin go bhfaighidh leanaí, teaghlaigh agus pobail i gcoitinne tacaíocht ríthábhachtach de bharr fhlaithiúlacht an lucht féachana teilifíse ach beifear ábalta nithe riachtanacha a chur ar fáil, feabhas a chur ar fholláine, tacú leis an gcruthaitheacht agus an spraoi chomh maith le háthas a chur orthu agus beocht a chur ina saol. Is iontach an t-éacht é a bheith ábalta tacaíocht a thairiscint do 1.1 milliún duine óg agus go mbeidh siad ábalta tairbhe a bhaint as. Is éacht é ar chóir do gach duine den lucht féachana in Éirinn a bheith bródúil as.”
Is ciste ainmnithe é an RTÉ Toy Show Appeal chun cuidiú le réimse carthanachtaí agus cúiseanna leanaí ar fud na hÉireann, arna bhainistiú ag The Community Foundation for Ireland www.communityfoundation.ie thar ceann RTÉ. Is é The Community Foundation for Ireland a fhaigheann an t-airgead go léir a bhailítear agus reáchtálann siadsan babhta oscailte deontas inar dtugtar cuireadh do charthanachtaí leanaí ar fud na hÉireann iarratas a dhéanamh ar dheontas. Déanann painéal saineolaithe gach iarratas ar dheontais a mheas go neamhspleách agus is é an painéal ansin a mholann eagraíochtaí le haghaidh maoiniúcháin.
Tá sé breis is 20 bliain anois ó bunaíodh The Community Foundation for Ireland agus oibríonn sí le daoine aonair, le teaghlaigh, le cuideachtaí agus le hiontaobhais agus fondúireachtaí eile chun tacú le réimse iléagsúil eagraíochtaí neamhbhrabúis. Tá beagnach €100 milliún i ndeontais bronnta anois ag The Community Foundation for Ireland ón mbliain 2000. Is carthanacht chláraithe í The Community Foundation for Ireland, (Uimhir Rialála Carthanas: 20044886) agus tá sí tiomanta do na caighdeáin is airde iontaoibhe agus rialachais a bhaint amach.