Tá díomá ar RTÉ faoin gcinneadh deireadh a chur le comhpháirtíocht a bhí forbartha againn in éineacht le raon comhlachtaí le trí bliana anuas. Ag seasamh leis an bpobal LGBTQ+, le linn mhí Pride, tugtar comhartha tábhachtach go bhfuil RTÉ anseo chun freastal ar gach duine, agus le trí bliana anuas tá RTÉ ag iarraidh na pobail seo a chur san áireamh agus tuiscint a leathnú trí réimse ábhar, feachtas agus comhpháirtíochtaí a tháirgtear go speisialta.
Tá plé poiblí – míchompordach, deacair agus conspóideach uaireanta – lárnach do chuspóir forordaithe RTÉ. Tuigeann RTÉ go rímhaith go bhfuil plé ar shaincheisteanna ar nós inscne agus féiniúlacht an-phearsanta do go leor daoine. Tá sé tábhachtach go n-éistimid leo, lena dteaghlaigh agus leo siúd atá gar dóibh, agus tá sé tábhachtach freisin go ligimid dár lucht féachana dul i ngleic leis na saincheisteanna atá i gceist agus iad a thuiscint.
Freagróidh RTÉ, i gcomhréir lena oibleagáidí reachtúla, d’aon ghearáin fhoirmiúla a bhaineann leis na craoltaí.
Leanfaidh RTÉ ag seasamh lenár bhfoireann LGBTQ+ agus leis an bpobal i gcoitinne le linn mhí an Bhróid agus níos faide i gcéin. In am, tá súil againn go bhfaighidh muid an deis arís leanúint lenár gcomhpháirtíocht le Dublin Pride a fhorbairt.