Ceoltóirí den scoth fógartha do chlár a haon de The Main Stage
RTÉ One | Dé hAoine an 1 Iúil | 9.35pm
FÉACH: https://www.youtube.com/watch?v=-AZqgDdBfRo
Tá The Main Stage faoi réir d’oícheanta Aoine an samhradh seo ar RTÉ One.
Beidh Lyra, Rejjie Snow, Villagers, Cormac Begley, Mark Feehily agus an DJ John Gibbons uilig ar an gcéad chlár.
Tiocfaidh an scríbhneoir amhrán agus amhránaí RnB Erica-Cody agus Danny O’Reilly, príomhamhránaí The Coronas le chéile chun The Main Stage a chur i láthair, clár nua ceoil a chraolfar gach oíche Dé hAoine ar RTÉ One ar a mbeidh ceol, agallaimh agus spraoi beo againn sa stiúideo. Déanfar plúr na n-amhránaithe agus ceoltóirí as Éirinn a cheiliúradh agus tiocfaidh ceoltóirí den scoth ó dhomhan an Rac-cheoil, Cheol na nDaoine, an Cheoil Thraidisiúnta agus RnB le chéile chun saothair cheoil ar leith a chruthú.
Is meascán mearaí ceoil a bhfuil casadh nua-aoiseach curtha air a bheidh sa seó le meascán d’amhránaithe agus ceoltóirí mór le rá chomh maith le roinnt de na hamhránaithe agus ceoltóirí breátha atá ag teacht chun cinn ar saol an cheoil Éireannaigh.
Cuirfidh an tAmhránaí-Scríbhneoir agus Amhrán agus ceoltóir uirlisí Lyra tús leis an gcéad chlár lena hamhrán mór le rá Falling.
Cuirfidh Rejjie Snow an lucht féachana ag damhsa lena amhrán mór le rá féin ‘Bye Polar’ agus déanfaidh sé cur síos ar an rath iontach idirnáisiúnta atá air le roinnt blianta anuas. Deir sé le Erica agus Danny ‘Ireland is a small country but the cultural footprint is big’. Bhí Rejjie ar camchuairt le Madonna, Kendrick Lamar agus Elton John. Níos déanaí sa chlár casfaidh sé a amhrán 23.
Casfaidh Villagers a n-amhrán iontach The First Day agus níos déanaí sa chlár casfaidh siad amhrán eile a bhfuil an-tóir air Momentarily óna n-albam Fever Dreams.
Casfaidh Lyra agus Mark Feehily amhrán an-speisialta in éineacht. Is é seo an chéad uair ag an mbeirt amhránaithe seo casadh in éineacht agus casfaidh siad leagan fíorálainn de Easy on Me.
Leanfar le ceol den scoth na hoíche le Cormac Begley ar an gconsairtín agus Stephanie Keane ag damhsa.
Cuirfidh an DJ ceoil damhsa a bhfuil an-tóir air John Gibbons agus glór breá Lyra clabhsúr ar an gclár lena leagan féin d’amhrán mór na n-ochtóidí Edge Of Seventeen.
Áirítear ar na ceoltóirí agus amhránaithe breátha a bheidh ar chláracha 2-6 (in ord aibítre)
Belters Only & Jazzy, Damien Dempsey & Pauline Scanlon, Erica-Cody, Farah Elle, Gabrielle Aplin, Gavin James, Jafaris & Carrie Baxter, James Vincent McMorrow –Lena n-áirítear amhrán amháin in éineacht le Theodora Byrne Ensemble choir, Mick Flannery & Susan O’Neill, Mundy, Narolane – grúpa le Denise Chaila agus Murli agus God Knows, Róisín O, Ceolfhoireann Coirme RTÉ, Shobsy, Soda Blonde, Soulé, The Coronas, The Puro (Banna nua le Noel Hogan ó the Cranberries – a n-amhrán nua le Mell Peck), The Scratch, The Stunning, Tolu Makay, Wild Youth, Wyvern Lingo.
Craolfar The Main Stage gach Dé hAoine ar feadh 6 seachtainí ón 1 Iúil ar RTÉ One.
Beifear ábalta teacht ar The Main Stage ar éileamh ar an RTÉ Player gach seachtain i ndiaidh a chraolta.
#TheMainStage