Comhpháirtíocht chomhchuí le Fleadh Cheoil na hÉireann fógartha ag RTÉ
Tá RTÉ ag dul i mbun comhpháirtíochta le Fleadh Cheoil na hÉireann agus le Comhaltas agus é ina pháirtí oifigiúil meán cumarsáide chun tacú leis an gceiliúradh is mó ar cheol, cultúr, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta na hÉireann.
31 Iúil – 8 Lúnasa, 2022
An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí
An bhfuil tú ag teacht chuig an bhFleadh?
Tá ríméad ar RTÉ a fhógairt gurb é Páirtí Oifigiúil Meán Cumarsáide @fleadhcheoil 2022.
Is féile cheol, amhránaíocht, dhamhsa na hÉireann agus féile chomhrá Gaeilge í seo, arb í an fhéile is mó dá leithéid ar domhan, agus tá sí ag filleadh ar an Muileann gCearr idir an 31 Iúil – 7 Lúnasa.
I ndiaidh bearna dhá bhliain, tá Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht ar ais, agus í ag filleadh ar an mbaile inar cuireadh tús léi an chéad lá riamh – An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí. Chun an Teacht Abhaile speisialta seo a cheiliúradh, beidh RTÉ ag dul i gcomhpháirtíocht leis an bhFleadh idir an 31 Iúil – 8 Lúnasa agus é ina pháirtí oifigiúil meán cumarsáide chun ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile is mó ar domhan ó thaobh cheol, amhránaíocht agus dhamhsa na hÉireann agus chomhrá Gaeilge de.
Tá tacaíocht RTÉ d’Fhleadh Cheoil na hÉireann 2022 ag teacht leis an bhfís atá aige cultúr na hÉireann a chur chun cinn tríd an lucht féachana a chur faoi dhraíocht agus éagsúlacht shaibhir na hÉireann a cheiliúradh. Mar chuid den chomhshaothar seo, beidh RTÉ ag tacú le Fleadh Cheoil na hÉireann i bhfoirm feachtas leathan margaíochta ar fud ardáin chraolta, shóisialta agus dhigiteacha. Rollfar amach an feachtas ar fud chainéil teilifíse agus raidió RTÉ, agus ar rte.ie chomh maith.
Tabharfaidh RTÉ an chraic agus an ceol chuig gach uile duine ar fud na tíre agus réimse cláracha raidió á gcur i láthair beo ón Muileann gCearr le linn sheachtain na Féile. Is é Ray D’Arcy a chuirfidh tús leis an gceiliúradh agus craoladh beo á chur i láthair aige ar RTÉ Radio 1 Dé Máirt an 2 Lúnasa. Deis a bheidh sa chlár speisialta seo, a mbeidh an Fleadh mar théama aige, le go mbeidh Ray in ann casadh le sárcheoltóirí na Fleidhe, lena n-áirítear grúpaí áitiúla aitheanta, príomhoirfidigh an fhéile agus cuid
d’iomaitheoirí na Fleidhe de scoth an domhain. Ar an Aoine, an 5 Lúnasa, beidh The John Creedon Show ar RTÉ Radio 1 ag glacadh páirt sa spraoi agus é á chraoladh beo ón mbaile. Beidh John Creedon ag spaisteoireacht thart i Muileann gCearr le linn na seachtaine freisin, agus clár nua do theilifís RTÉ á thaifeadadh aige, clár a chraolfar níos déanaí sa bhliain.
Tá comhpháirtíocht idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Fleadh Cheoil na hÉireann a théann i bhfad siar, agus tá an-áthas orthu a bheith ar ais arís i mbliana, áit a mbeidh siad ag craoladh beo agus iad i lár an aonaigh. Déardaoin an 4 Lúnasa agus Dé hAoine an 5 Lúnasa, cuirfidh Neansaí Ní Choisdealbha Binneas Béil i láthair beo ó veain craolta sheachtraigh RTÉ RnaG, An Ródaí, i gcroílár an Mhuilinn Chearr. Beidh siad ar ais le tuilleadh den cheol agus de na hagallaimh is fearr don lucht éisteachta tráthnóna Dé Sathairn freisin.
Ná caill Céilí House le Kieran Hanrahan ar RTÉ Radio 1, a bheidh á chraoladh beo ón GigRig Dé Sathairn an 6 Lúnasa ag 9pm. Beidh Céilí House ag taifeadadh ag comórtas Uile Éireann na mBannaí Céilí sinsear Dé Domhnaigh an 7 Lúnasa, a chraolfar ag tráth níos déanaí. Beidh go leor ceoil eile ón Muileann gCearr le cloisteáil ar chláracha Céilí House le linn mhí Lúnasa chomh maith.
Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Is iontach an rud é go bhfuil an ceiliúradh suntasach seo ar cheol, cultúr, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta ag filleadh ar an Muileann gCearr, agus cuireann sé lúcháir ar RTÉ a bheith ann. Táimid ag súil le páirt a ghlacadh san imeacht seo, arb ionann é agus ardán ar leith chun ceol agus cultúr na hÉireann a chur os comhair an phobail. Go n-éirí go geal leis na hiomaitheoirí agus leis na taibhithe go léir atá ag triall ar an Muileann gCearr as gach cearn den domhan, agus tréaslaim le comhpháirtithe RTÉ, Fleadh Cheoil agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann, as clár den scoth a chur le chéile i mbliana.”
Dúirt Joe Connaire, Cathaoirleach Choiste Feidhmiúchán Fhleadh Cheoil na hÉireann: “Tá áthas orainn a bheith i gcomhpháirtíocht le RTÉ i mbliana agus an Fleadh ag filleadh ar a dúchas i mbaile an Mhuilinn Chearr, Co. na hIarmhí. Tríd an dá bhranda seo a chur ag obair i gcomhar le chéile, táimid ag comhlíonadh an tiomantas atá againn araon chun saol na hÉireann a chothú agus a shaibhriú trí cheiliúradh a dhéanamh ar theanga agus ar cheol traidisiúnta na hÉireann.” Lean sé air ag rá: “Tá eagraithe ag obair i dtreo na seachtaine seo le sé bliana anuas. De thoradh bhuille phaindéim Covid-19, a chuir dhá bhliain ar gcúl muid, táimid níos diongbháilte ná mar a bhí riamh a chinntiú go mbeidh sé seo ar cheann de na Fleadha Ceoil is mó, is fearr agus is mó a mbaineann ceiliúradh léi!’.
***Áirítear ar bhuaicphointí an chláir
Martin Hayes agus an Common Ground Ensemble, Sharon Shannon, Banna Céilí an Droichid, Daithí Gormley, Frankie Gavin agus Catherine McHugh, Téada, IMAR, Seamus Begley, Sean Keane agus Emmet Cahill, Anúna, Banna Céilí Chill Fhionnúrach, Damien Mullane, Moxie, Éadaoin, Four Winds, Ceolfhoireann Meitheal, The Blackwater, Breaking Trad agus The Full Set gan ach cuid acu a lua.
Is iad na 150 comórtas, ina mbíonn daoine as gach cearn den domhan in iomaíocht sa cheol, amhránaíocht, damhsa agus comhrá Gaeilge, na himeachtaí is tábhachtaí de chlár na Fleidhe. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na ceolchoirmeacha nó chun ticéid a cheannach, téigh chuig fleadhcheoil.ie/events. Beidh dhá ‘GigRig’ sa bhaile le linn an imeachta, beidh go leor taibhithe ar siúl ar an tsráid agus beidh imeachtaí cultúir ar siúl in ionaid éagsúla ar fud an bhaile, lena n-áirítear Scoil Éigse, scoil lena gcuirtear ceardlanna, léachtaí agus seisiúin ar fáil le linn sheachtain Fhleadh Cheoil na hÉireann.
***Nótaí
- Tá Fleadh Cheoil na hÉireann, an fhéile is mó ar domhain ó thaobh cheol, theanga, amhránaíocht agus dhamhsa na hÉireann ag filleadh tar éis a bheith ar ceal le dhá bhliain anuas. Meastar go dtiocfaidh nach mór leathmhilliún cuairteoir i láthair aici.
- Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl sa Mhuileann gCearr ón 31 Iúil – 8 Lúnasa, 2022.
- Meastar go dtiocfaidh na mílte daoine ar cuairt ar an Muileann gCearr agus ar an gceantar máguaird don imeacht tábhachtach seo ó thaobh chultúr na hÉireann.
- Is fíor a rá go bhfuilan Fleadh ag teacht abhaile sa bhliain 2022 mar gur sa Mhuileann gCearr a bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1951.
- Is é Comhaltas Ceoltóirí Éireann a eagraíonn an t-imeacht seo agus cuireadh ar siúl é sa Mhuileann gCearr le Coiste Feidhmiúcháin áitiúil na Fleidhe i gcomhar le Comhairle Chontae na hIarmhí.
- Faigheann Fleadh Cheoil na hÉireann tacaíocht ó Fáilte Ireland agus Croíthailte Ceilte na hÉireann, a chuireann an iliomad gníomhaíochtaí atá ar fáil i lár na hÉireann do dhaoine de gach aois chun cinn. Os rud é gur sa Mhuileann gCearr a bheidh imeachtaí uile na féile ag tarlú, tá lucht eagraithe na Fleidhe ag moladh do dhaoine cuairt a thabhairt ar chuid de na láithreacha san Iarmhí fad a bheidh siad ann don cheiliúradh.
#TheHomecoming #Fleadh22