FÓGARTHA AG RTÉ GO BHFUIL SINÉAD HUSSEY CEAPTHA INA COMHFHREAGRAÍ NUA LÁR TÍRE
Cúis áthais do Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Sinéad Hussey, iriseoir RTÉ, ceaptha sa phost Comhfhreagraí Lár Tíre. Bhí Sinéad ina Comhfhreagraí don Oirthuaisceart roimhe seo, agus ceapadh í i ndiaidh comórtas le gairid.
Bhí Sinéad Hussey ag obair ina hiriseoir ilmheán in RTÉ ó 2011, ag tuairisciú don teilifís, raidió agus an nuacht ar líne, lena n-áirítear Six One News, Nine O’Clock News agus Deasc na Nuachta ón Iasacht ar RTÉ. Ceapadh í ina Comhfhreagraí Nuacht RTÉ don Oirthuaisceart in Eanáir 2019 agus thuairiscigh sí go forleathan ar thionchar an Bhreatimeachta feadh na teorann chomh maith le heasaontas Dhroichead Átha, coiriúlacht trasteorann agus an chonspóid maidir le dúnadh rannóg éigeandála Ospidéal Mhuire san Uaimh.
Tá réimse leathan de scéalta móra náisiúnta nuachta clúdaithe freisin ag Sinéad le blianta beaga anuas lena n-áirítear dúnmharú Aisling Murphy i dTulach Mhór in Eanáir na bliana seo, dúnmharuithe Michael Snee agus Aidan Moffit i Sligeach in Aibreán, an t-ionsaí a rinneadh ar Kevin Lunney sa Chabhán sa bhliain 2019, agus marú an Bhleachtaire Garda, Colm Horkan, sa Chaisleán Riabhach i Meitheamh 2020.
Thuairiscigh sí do RTÉ sa bhliain 2016 ó thoghcheantar an Longfoirt/na hIarmhí. Sé lá a mhair an comhaireamh i gCaonach i gCo. an Longfoirt. Thuairiscigh sí freisin ar thoghcháin áitiúla agus ar thoghcháin na hEorpa agus chlúdaigh sí le gairid toghcháin Thuaisceart Éireann ó ionad comhairimh Mhachaire Fíolta i nDoire.
Tá céim BA (Eacnamaíocht agus Spáinnis) agus Máistreacht sa Chumarsáid ag Sinéad ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Thosaigh sí a gairm sa chraoltóireacht ina stáisiún áitiúil raidió, Shannonside Northern Sound. Le linn a cuid ama ansin, bhí sí ina fáilteoir, tuairisceoir spóirt agus níos déanaí bhí sí ina tuairisceoir sinsearach nuachta.
Chaith sí am freisin ag obair ina tuairisceoir nuachta agus léitheoir nuachta in LMFM agus INN. Bhog Sinéad go Newstalk i nDeireadh Fómhair 2006, agus chaith sí beagnach cúig bliana ag obair ansin ina comhfhreagraí sinsearach nuachta ag clúdach cúrsaí polaitíochta agus coiriúlachta.
Is as an Longfort Sinéad Hussey ó dhúchas, agus is sa Mhuileann gCearr i gCo. na hIarmhí atá cónaí uirthi faoi láthair.
Deir Sinéad agus í ag labhairt faoina cúram nua: “Tá gach uile bhóthar i réigiún an Oirthuaiscirt taistealta agam le trí bliana go leith anuas agus bhain mé taitneamh as scéalta a insint ó chontaetha Mhuineacháin, an Chabháin, Lú agus na Mí. Uaireanta bhí cuid de na scéalta sin deacair agus brónach. Chuir go leor daoine fáilte mhór romham agus táim buíoch díbh as a gcuid cineáltais agus cairdis.
Is iontach ar fad é go bhfuil mé ceaptha i mo chomhfhreagraí don Lár Tíre. Le linn dom a bheith ag fás aníos sa réigiún, tá dlúth-thuiscint agam ar na ceisteanna a bhíonn ag daoine agus gnólachtaí agus ar na dúshláin a bhíonn rompu. Creidim go láidir i dtuairisciú réigiúnach RTÉ agus táim ag iarraidh na ceisteanna, guthanna agus scéalta ón lár tíre a thabhairt os comhair lucht féachana náisiúnta.”
Beidh Sinéad ag tosú ina post nua sna seachtainí atá amach romhainn.