Freagra RTÉ ar Fhoilsiú Thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán
12 Iúil 2022
Ba mhaith le RTÉ a bhuíochas a chur in iúl go hoifigiúil do chomhaltaí an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán as a gcuid oibre, agus do na céadta páirtithe leasmhara, a bhí páirteach sa phlé fada agus domhain a rinneadh ar thodhchaí na meán in Éirinn. Is iontach an rud é go bhfuil aitheantas tugtha sa tuarascáil don tábhacht a bhaineann le meáin chumarsáide atá iléagsúil agus bríomhar agus leis an ról ilghnéitheach atá aige i saol na hÉireann. Is rud tábhachtach é go bhfuil an ról ar leith atá ag na heagraíochtaí meán cumarsáide seirbhíse poiblí náisiúnta deimhnithe sa tuarascáil.
Tá fáilte le cur roimh an ngealltanas atá tugtha ag an Rialtas inniu an táille ceadúnais a nascadh leis an mbealach a n-úsáidtear na meáin chumarsáide anois. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach i bhfianaise athrú mór a bheith tagtha ar nósanna úsáidte meán cumarsáide le deich mbliana anuas mar gheall ar an idirlíon. Tá díospóireacht agus taighde ollmhór déanta ar shaincheist athchóiriú chóras an táille ceadúnais, agus tá go leor samplaí eile ann de bhearta feabhais ar bhonn idirnáisiúnta. Is mian le RTÉ a chur ina luí go mór ar an Aire Martin an gá atá ann a chinntiú go dtugtar aon athrú ar an reachtaíocht agus aon athchóiriú ar an gcóras chun cinn chomh tapa agus is féidir agus laistigh de shaolré an rialtais seo.
Dúirt an Príomh-Stiúrthóir Dee Forbes:
“Tá RTÉ, chomh maith le páirtithe leasmhara eile, ag iarraidh athchóiriú dáiríre a dhéanamh ar chóras na dtáillí ceadúnais, córas atá briste go hiomlán, le deich mbliana anuas. Tá cinneadh an Rialtais inniu, arb é sin an oibleagáid atá ann an Táille Ceadúnais a íoc a ailíniú leis an mbealach a mbaineann daoine úsáid as na meáin chumarsáide sa lá atá inniu ann, thar a bheith tábhachtach chun inbhuanaitheacht an chórais amach anseo a chinntiú. Rachaimid i mbun rannpháirtíocht leis an meitheal oibre beartaithe i ndáil le scóip na n-athruithe ar an reachtaíocht agus ar an gcóras atá ag teastáil, agus glacaimid leis go ndéanfar cinneadh go tapa faoi athchóirithe agus go gcuirfear i bhfeidhm go tapa freisin iad. Cuireann RTÉ fáilte chomh maith roimh an scéala go bhfuil an Rialtas ag glacadh leis na moltaí atá sa Tuarascáil maidir leis an ngá atá le maoiniú eatramhach fad is atá na hathchóirithe ar chóras na dTáillí Ceadúnais á scrúdú tuilleadh”
“Leanfaidh RTÉ air ag déanamh gach is féidir leis a dhéanamh chun eagraíocht náisiúnta meán cumarsáide seirbhíse poiblí a chur ar fáil ar féidir a bheith mórtasach aisti; ach tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí athchóiriú bunriachtanach i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar éagobhsaíocht leanúnach airgeadais. Cuirimid fáilte mhór roimhe go bhfuil sé molta go láidir i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán go gcuirfí córas measúnaithe atá neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de, lena bhfuil moltaí ceangailteacha ar mhaoiniú i bhfeidhm laistigh den dá bhliain amach romhainn le cruthú Choimisiún na Meán.”
Dúirt Moya Doherty, Cathaoirleach RTÉ:
“Tuigim go bhfuil cinntí dearca á ndéanamh i dtréimhse atá thar a bheith dian ag gach rialtas i láthair na huaire agus tuigim dar ndóigh freisin nach bhfuil in inbhuanaitheacht na n-eagraíochtaí meán seirbhíse poiblí ach ceann amháin de na saincheisteanna a bhfuil an rialtas ag déanamh machnamh orthu. Tá mé i mo Chathaoirleach ar RTÉ le hocht mbliana anuas agus is ar an éagobhsaíocht airgeadais arb é múnla maoiniúcháin RTÉ is siocair leis a bhfuil an chuid is mó de mo chuid ama caite agam leis sa ról sin. Is é an fhadhb bhunúsach ná nach mór d’eagraíochtaí meán cumarsáide seirbhíse poiblí a bheith ábalta saol ceart sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta a gcuid saoránach a chur in iúl agus ionadaíocht a dhéanamh air agus an próiseas daonlathach a chosaint ag an am céanna nuair a thagann brú air. Ní bheidh sé ar chumas RTÉ sin a dhéanamh ach amháin má bhíonn meicníochtaí maoiniúcháin deimhnithe agus neamhspleách i bhfeidhm a bhfuil bunchloch acu chun seirbhísí agus cláracha meán cumarsáide amach anseo a sheachadadh. Cé go bhfuil fáilte roimh chinneadh an Rialtais nasc a dhéanamh idir an táille ceadúnais agus an bealach a mbaintear úsáid as na meáin chumarsáide anois, tá an bealach a gcuirfear i bhfeidhm é agus chomh tapa is a chuirfear i bhfeidhm é níos tábhachtaí ná riamh. Déanfaidh Bord RTÉ machnamh ar impleachtaí na Tuarascála seo agus freagra an Rialtais ina leith in am trátha.”
Beidh RTÉ i mbun rannpháirtíocht leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar atá iarrtha ag an Rialtas, faoin bpróiseas buiséid náisiúnta a bheidh ann go luath, maidir leis an maoiniú eatramhach ar leith atá molta i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán do RTÉ.
Déanfaidh RTÉ machnamh níos doimhne ar thuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán agus ar thoradh an phróisis seo sna laethanta amach romhainn, agus rachaimid i mbun plé breise le hÚdarás Craolacháin na Éireann agus leis na ranna rialtais ábhartha chomh maith.