CÉADAMHARC AR AN DRÁMA “KIN” AGUS LÉIRIÚ AG TOSÚ AR SHÉASÚR 2
Tá muintir Kinsella ar ais! Tá sé fógartha ag BRON Studios, an cuideachta teicneolaíochta meán a bhfuil gradaim buaite aici, agus ag Headline Pictures inniu gur tosaíodh ar léiriú an dara séasúr de Kin i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Craolfar an tsraith nua den dráma fíorspéisiúil Kin ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player an bhliain seo chugainn. D’éirigh go maith leis an gcoirdhráma uair an chloig a bhfuil 8 eipeasóid sa tsraith, agus fuair sé moladh ón lucht léirmheasa idirnáisiúnta agus lucht féachana mór sna príomh-mhargaí.
I measc na cléire a bheidh ag filleadh tá Charlie Cox (Daredevil), Clare Dunne (Herself), Aidan Gillen (Game of Thrones), Sam Keeley (Joe vs Carole), Emmett J. Scanlan (Peaky Blinders), Maria Doyle Kennedy (Outlander), agus Yasmin Seky. Tá ceann de na príomhróil anois ag Francis Magee sa séasúr seo.
Sa séasúr nua seo, is ionann muintir Kinsella agus na boic mhóra ach ó maraíodh Eamon Cunningham, cruthaíodh a oiread sin fadhbanna agus a réitíodh. Tá fearg namhad tarraingthe orthu féin, namhaid atá níos contúirtí ná Eamon Cunningham fiú. Agus áit a raibh nasc fola agus teaghlaigh nach bhféadfaí a bhriseadh tráth, anois níl ann ach amhras, mímhuinín agus olc. Ach is ón taobh istigh a thagann an bhagairt is mó ar an teaghlach chun cinn, i bhfoirm maistín neamhthrócaireach de dhuine a fhágann cúrsaí ina gcíor thuathail. Ar an dea-uair, is minic a bhíonn na pleananna is dána ag daoine atá i lúb an angair. Agus sin an chaoi a bhfuil sé le muintir Kinsella.
Is iad BRON Studios agus Headline Pictures, i gcomhar le RTÉ, agus le tacaíocht ó Fhís Éireann a léirigh Kin. Is é Peter McKenna (The Last Kingdom, Red Rock) ceannléiritheoir/léiritheoir feidhmiúcháin, scríbhneoir agus cruthaitheoir an tséasúir. Is iad Felix Thompson (The Letter for the King), páirtithe stiúrtha Christine Molloy agus Joe Lawlor (Helen), agus Kate Dolan (You Are Not My Mother) stiúrthóirí na n-eipeasóidí.
Is iad léiritheoirí feidhmiúcháin na sraithe seo ná David Davoli ó BRON Studios (Ten Percent, That Dirty Black Bag), Samantha Thomas (Jessica Jones, Daredevil), Steven Thibault (Pieces of a Woman, Capone) agus Aaron L. Gilbert (Bombshell, Joker, Fences), Christian Baute ó Headline Pictures (Ten Percent, Man in the High Castle), Laurence Lenica agus Franck Calderon, agus Ciarán Donnelly, (Wheel of Time) atá ina chomhchruthaitheoir freisin. Tá James Flynn (Vikings, Into the Badlands) ag léiriú faoi scáth Metropolitan Films, le Emma Fleischer ina léiritheoir maoirseachta agus Gemma O’Shaugnessy ina léiritheoir líne. Is iad Dermot Horan agus David Crean na Léiritheoirí Feidhmiúcháin do RTÉ agus is é Andrew Byrne an Léiritheoir Feidhmiúcháin d’Fhís Éireann.
I measc na bpáirtithe domhanda ceadúnaithe, tá AMC Networks sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, sa Ríocht Aontaithe, san Astráil, sa Nua-Shéalainn, i Meiriceá Laidineach, sa Spáinn agus sa Phortaingéil, agus RTÉ in Éirinn, Viaplay i gCríoch Lochlann agus NPO san Ísiltír. Tá BRON Releasing ag plé le díolacháin ar fud an domhain.