GLAN-BHARRACHAS €2.4 MILLIÚN AG RTÉ IN 2021
MÉADÚ AR IONCAM TRÁCHTÁLA AGUS LAGHDÚ AR AN TÁILLE CEADÚNAIS TEILIFÍSE, MAR AON LE CRAOLADH IMEACHTAÍ SPEISIALTA LE LINN BLIAIN EILE A RAIBH TIONCHAR AG AN bPAINDÉIM UIRTHI, IS CÚIS LE BARRACHAS MEASARTHA IN 2021
Chun féachaint ar Thuarascáil Bhliantúil 2021, atá barrfheabhsaithe in HTML, i nGaeilge agus i mBéarla, téigh chuig http://www.rte.ie/annualreport.
Déanfaidh RTÉ Tuarascáil Bhliantúil agus Ráitis Airgeadais Chomhdhlúite an Ghrúpa don bhliain dar críoch an 31ú Nollaig 2021 a eisiúint inniu.
Tuarascáil Bhliantúil RTÉ 2021, go hachomair:
· Tháinig méadú €13.3m ar ioncam iomlán (Ceadúnas Teilifíse/Ioncam tráchtála) idir 2020 agus 2021 (€331.1 V €344.4)
· Bhí díolacháin na gceadúnas teilifíse níos ísle in 2021, agus bhí ioncam RTÉ ón táille cheadúnais €0.5 milliún níos ísle in 2021 ná mar a bhí in 2020 (€196.61m V €196.1)
· Tháinig méadú €13.8m, ó €134.5m go €148.3m, ar ioncam tráchtála, mar gheall ar théarnamh trádála teilifíse go háirithe, a ndeachaigh méadú suntasach ar chaiteachas cliant chun tairbhe dó sa dara leath den bhliain
· Tháinig méadú €10.3m ar chostais oibriúcháin (gan Imeachtaí Speisialta san áireamh) i gcomparáid le 2020 (€305.2 V €315.5m) de réir mar a cuireadh tús le léiriú ábhair arís tar éis gur cuireadh isteach go mór air le linn na bliana 2020 mar gheall ar an bpaindéim B’ionann costas iomlán na n-imeachtaí speisialta in 2021, Euro 2020, na Cluichí Oilimpeacha agus na cluichí cáilithe do Chorn an Domhain san áireamh, agus €15.8m
· Mar thoradh air seo, b’ionann an Glan-Bharrachas i ndiaidh cánach agus Míreanna Eisceachtúla don bhliain agus €2.4m (2020 €7.9m) Is féidir an tAthbhreithniú Airgeadais iomlán a fháil ar www.rte.ie/annualreport/
Léirítear freisin sa Tuarascáil Bhliantúil go leor de bhuaicphointí RTÉ sa bhliain 2021, lena n-áirítear na buaicphointí seo a leanas:
· Bhí 44 as 50 de na cláracha teilifíse is mó féachana in Éirinn ar RTÉ.
· Ba é RTÉ Six One News ar an 5 Eanáir an clár teilifíse is mó a raibh lucht féachana aige le linn na bliana ar aon chainéal.
· Ba é Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Tír Eoghain agus Maigh Eo ar RTÉ2 an dara clár ba mhó lucht féachana in Éirinn. 944,600 duine a d’fhéach air.
· Ba é The Late Late Toy Show arís an clár teilifíse is mó a raibh lucht féachana aige. D’fhéach breis is 1.7 milliún duine ar an gclár agus bailíodh €6.6 milliún ar son cúiseanna maithe.
· Bhí 2.47 milliún sruth ag sraith dhrámaíochta RTÉ, Kin, ar an RTÉ Player, agus ba é an chéad eipeasóid an t-ábhar ba mhó a sruthaíodh le 515,600 sruth.
· D’oibrigh ‘RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona’ le 130 imeacht ealaíon ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus pobail.
Chomh maith leis sin:
· Neartaigh RTÉ.ie an seasamh atá aige mar an láithreán gréasáin nuachta agus siamsaíochta is fearr in Éirinn agus 39 milliún cuairt tugtha ar an láithreán gach mí agus 98 milliún radharc ar leathanaigh gach mí.
· Bhí nach mór 2 milliún duine in Éirinn ag éisteacht le raidió RTÉ, a raibh 48% den lucht éisteachta fásta (15+) ag éisteacht leis gach seachtain.
· Bhí bliain iontach eile ag an RTÉ Player i ndiaidh rath na bliana 2020 agus breis is 67 milliún sruth aige, agus ghnóthaigh UEFA Euro 2020 2.5 milliún sruth.
· Chuir aip RTÉ News lena fharasbarr mar an aip nuachta is fearr in Éirinn agus tugadh 25 milliún cuairt ar an aip agus féachadh ar an aip 149 milliún uair in aghaidh na míosa
Áirítear ar na buaicphointí eile in 2021:
· D’fhill Home School Hub agus After School Hub RTÉ ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player, ag cur trí uair an chloig d’ábhar teilifíse ar fáil gach lá agus ag tabhairt lámh chúnta do thuismitheoirí, fad a craoladh leagan ISL ar RTÉjr.
· D’éirigh le RTÉ an caighdeán bainistíochta fuinnimh ISO 50001 a bhaint amach, caighdeán a dtugtar aitheantas dó go hidirnáisiúnta, baineadh sin amach trí éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus trí spriocanna na hearnála poiblí a shárú, arb é an chéad chraoltóir in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chun é sin a bhaint amach.
· I mí an Mhárta, agus gan aon seónna beo a bheith ar siúl de bharr na srianta, rinneadh an RTÉ Choice Music Prize a athshamhlú mar chomhchraoladh i rith an lae ar 2fm agus ar an RTÉ Player ar chuir Tracy Clifford ó 2fm i láthair é. Bronnadh Amhrán na Bliana ar Niall Horan i ndiaidh don phobal vótáil dó agus d’fhógair Adam Clayton ó U2 gurbh í Denise Chaila a thug léi Albam na Bliana.
· I mí na Samhna, agus an chéad uair a tharla a leithéid sa tionscadal, chláraigh RTÉ agus 11 craoltóir agus sruthóir eile do Ghealltanas Ábhar a bhaineann le cúrsaí Aeráide, ag gealladh ábhar s’againne a úsáid chun cuidiú leis an lucht féachana agus éisteachta tuiscint a fháil ar atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar athrú aeráide dóibhsean, chomh maith le spreagadh a thabhairt dóibh agus eolas a dhéanamh do roghanna inbhuanaithe. Chun tuilleadh a léamh maidir le buaicphointí RTÉ in 2021, féach http://www.rte.ie/annualreport
Dúirt Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Fad a bhí 2021 difriúil ó 2020, bhí go leor de na dúshláin ann go fóill. Mar sin féin, i gcaitheamh na bliana agus ar fud a sheirbhísí, chruthaigh RTÉ saothar lenar bhain fíorluach poiblí, ábhar nuachta, tuairisciú imscrúdaithe, eispéiris ealaíon agus cultúir, spórt beo, bunábhar drámaíochta, cláracha siamsaíochta agus cláracha do leanaí. Tá an-bhród orm as an méid atá bainte amach againn agus go mbaineann 92% den daonra leas as ceann amháin nó níos mó de sheirbhísí RTÉ gach seachtain, a fhágann go bhfuil RTÉ ar cheann de na seirbhísí is mó a mbraitheann daoine air sa tír. Tá áthas ar leith orm go bhfuil méadú curtha ag RTÉ ar an sciar den lucht féachana atá aige i measc lucht féachana níos óige a mbíonn sé deacair luí isteach orthu, agus méadú tagtha ar an líon daoine san aoisghrúpa 25-44 bliana d’aois a bhreathnaíonn ar chláracha RTÉ agus a bhaineann leas as ár seirbhísí le dhá bhliain anuas.
Bhí imeachtaí móra ar ais arís agus rinneadh bliain nótáilte de 2021 ó thaobh spórt na hÉireann dá réir sin. Bhí ról RTÉ maidir le muintir na tíre ar fad a thabhairt le chéile ag amanna a raibh tábhacht náisiúnta leo go mór chun tosaigh, tráth ar fhéach líon mór daoine ar RTÉ, idir teilifís, raidió, ar líne agus na meáin shóisialta, chun clúdach RTÉ ar na Cluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha, ar Chraobhchomórtas na hEorpa agus ar Chluichí Ceannais CLG san Iomáint, sa Pheil Ghaelach agus sa Chamógaíocht a leanúint. Bhí Craobhchomórtas nua Rugbaí Aontaithe ar siúl ar RTÉ in 2021 chomh maith, mar chuid de chomhpháirtíocht chraolacháin le TG4. Ní fhéadfaí an leibhéal sin rannpháirtíochta agus ceiliúrtha náisiúnta a bhaint amach gan na himeachtaí sin a bheith curtha ar fáil ar bhonn saorchraolta.
Tarraingíodh aird arís anuraidh ar an ról tábhachtach atá ag RTÉ chun cuidiú le pobal na hÉireann a nascadh le daoine atá i gcruatan, trí réimse tionscnamh spreagúil tiomsaithe airgid, arbh é an RTÉ Toy Show Appeal ceann tábhachtach díobh, ar bailíodh breis agus €6.6 milliún leis do charthanachtaí leanaí agus a bhí ar cheann de na nithe is mó a thug ardú croí agus meanman do mhuintir na tíre le linn bliain a bhí an-chrua ar go leor daoine.
De réir mar a dhéanaim machnamh ar an dá bhliain seo atá caite, ní raibh mé riamh chomh cinnte agus atá mé anois den ghá atá le craoltóireacht seirbhíse poiblí agus an ról atá aici spás comhroinnte a chruthú do phlé agus do dhíospóireacht thábhachtach, d’ócáidí ceiliúrtha agus chun scéalta náisiúnta a insint. Tá seirbhísí RTÉ ábhartha, iontaofa agus thar a bheith spéisiúil fós. Baineann go leor daoine sult astu agus leanann RTÉ de ról tábhachtach a imirt chun saol mhuintir na hÉireann a neartú. In ainneoin an mhéid sin, tháinig titim ar an ioncam ó cheadúnais teilifíse in 2020.
Tá ríthábhacht ag baint leis an gcinneadh a ghlac an Rialtas an tseachtain seo caite chun an oibleagáid ar dhaoine an Ceadúnas Teilifíse a íoc a ailíniú leis an mbealach a n-úsáideann daoine na meáin sa lá atá inniu ann, chun inmharthanacht an chórais amach anseo a chinntiú. Mar a dúirt mé Dé Máirt seo caite, leanfaidh RTÉ de gach a bhfuil sé ar a chumas a dhéanamh a dhéanamh chun meán cumarsáide seirbhíse poiblí náisiúnta a bhféadfadh bród a bheith ar mhuintir na tíre as a chur ar fáil; ach tá sé riachtanach go ndéanfaí leasú ar chóras an Cheadúnais Teilifíse chun aghaidh a thabhairt ar éagobhsaíocht sheasmhach airgeadais.”
Léigh Athbhreithniú an Phríomh-Stiúrthóra anseo: https://www.rte.ie/annual-report-2021/business-review/director-generals-review.html
Dúirt Moya Doherty, Cathaoirleach Bhord RTÉ: “Táim bródúil gur lean RTÉ leis an ról ceannaireachta atá aige i dtaobh nuacht agus cúrsaí reatha d’ardchaighdeán a chur ar fáil le dhá bhliain anuas. Bhí an-dúil ag an bpobal i nuacht agus faisnéis riachtanach a fháil, i gcur agus cúiteamh agus i ndíospóireacht, i gcúrsaí siamsaíochta agus, go deimhin féin, i gcomhluadar, a d’fhág gur fhan RTÉ ina ghné sheasta i saol go leor daoine sa bhliain 2021. Cé go raibh go leor neamhchinnteachta ag baint le tús na bliana, faoi dheireadh na bliana bhí 44 as 50 de na cláracha teilifíse is mó féachana in Éirinn ar RTÉ, a threisíonn an fhírinne arís eile go n-iompaíonn líon mór den lucht féachana i dtreo a meán poiblí náisiúnta le linn tréimhsí neamhchinnteachta mar gheall ar ábhar ar leith a chuireann siad ar fáil i dtaobh spórt beo, nuacht agus cúrsaí reatha iontaofa, drámaíocht áitiúil as Éirinn, cláracha fíorasacha agus faisnéise fíorspéisiúla chomh maith le hábhar siamsaíochta. Lean RTÉ freisin air ag coinneáil siamsaíochta leis an lucht éisteachta ar an aer agus ar líne i rith an lae agus i gcaitheamh na seachtaine agus beagnach 2 milliún éisteoir raidió aige, rinneadh níos mó ábhar éisteachta stáisiúin raidió RTÉ ar
líne a shruthú ná riamh, mar aon le níos mó sruthú ar an RTÉ Player, níos mó cuairteoirí chuig aip RTÉ News agus níos mó úsáide á baint as an aip sin. Táim bródúil as feidhmíocht RTÉ agus as ról ríthábhachtach RTÉ le linn bliain a bhí deacair, bliain a pleanáladh go mion chun sláinte agus sábháilteacht gach duine a chinntiú agus chun seirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil don phobal. Is mór an t-éacht é gur éirigh le RTÉ sin a bhaint amach agus barrachas measartha a dhéanamh le linn na bliana i dtréimhse chomh neamhchinnte agus dúshlánach léi.
Dúirt Moya Doherty freisin: “I gcáil chraoltóir seirbhíse poiblí náisiúnta na hÉireann, ní mór go mbeadh RTE in ann saol sóisialta, cultúir agus eacnamaíochta a shaoránach mar atá a chur in iúl agus a léiriú fad atá sé ag cosaint an phróisis dhaonlathaigh nuair a bhíonn sé faoi bhrú, agus ní féidir leis é sin a dhéanamh ach amháin má tá meicníochtaí seasmhacha neamhspleácha i bhfeidhm a bhfuil bonn leo trínar féidir seirbhísí meán cumarsáide agus cláracha a chur ar fáil amach anseo. Cé go gcuirimid fáilte roimh chinneadh an Rialtais chun bogadh chun nasc a dhéanamh idir an táille ceadúnais agus an bealach a mbaintear úsáid as na meáin chumarsáide anois, tá tábhacht níos mó ná riamh leis an gcaoi a gcuirfear é sin chun feidhme, agus le chomh tapa is a dhéanfar é.”
Léigh Athbhreithniú an Chathaoirligh anseo: https://www.rte.ie/annual-report-2021/business-review/chairs-statement.html
Chun féachaint ar Thuarascáil Bhliantúil 2021, atá barrfheabhsaithe in HTML, i nGaeilge agus i mBéarla, téigh chuig http://www.rte.ie/annualreport, áit a mbeidh tú in ann an tuarascáil iomlán a íoslódáil agus teacht ar eolas breise:
– Athbhreithniú Airgeadais: https://www.rte.ie/annual-report-2021/business-review/financial-review.html
– Ábhar na Bliana 2021: https://www.rte.ie/annual-report-2021/business-review/rte-what-we-made-in-2021.html
– Obair na Bliana 2021: https://www.rte.ie/annual-report-2021/business-review/rte-what-we-did-in-2021.html
– Duaiseanna na Bliana 2021: https://www.rte.ie/annual-report-2021/business-review/rte-what-we-won-in-2021.html
– Eolas Staitistice: https://www.rte.ie/annual-report-2021/business-review/statistical-information.html