Filleann an bheirt fhear grinn le sraith 2 de Darren and Joe’s Free Gaff ar an RTÉ Player
– I measc na n-aíonna a bheidh ar an gclár, beidh Justine Stafford, Michael Fry, James Kavanagh, agus Enya Martin
– Déan na 8 eipeasóid ar fad a shruthú anois ar an RTÉ Player
Filleann an tsraith bhunaidh is fearr ar éirigh léi ar an RTÉ Player sa bhliain 2021 le dhá oiread an méid eipeasóide agus go leor gáire!
Tá na réaltaí móra ar líne Darren Conway agus Joe McGucken ar ais le sraith 2 de Darren & Joe’s Free Gaff, ina mbeidh meascán de sceitsí grinn atá osréalach agus cinn a mbeadh dáimh ag daoine leo agus a bhfuil gné scannánaíochta leo, agus tá sé mar aidhm leis an tsraith an lucht féachana a thabhairt ar thuras fíorghreannmhar ina mbeidh roinnt cora agus castaí nach mbeifear ag súil leo.
Achoimre ar an tSraith : I ndiaidh do Darren cistin a dtí a dhó nuair a bhí sé ag baint triail as oideas a fuair sé ar TikTok, níl aon rogha ag na buachaillí ach aghaidh a thabhairt ar an gcóras is mearbhlaí dá bhfuil ann, mar is eol do gach mac máthar in Éirinn, An Margadh Cíosa. Leantar Darren agus Joe sa tsraith agus iad ag casadh le go leor carachtar, ag déanamh naimhde de dhaoine, ag titim i ngrá agus ag aimsiú teach nua, má bhíonn ag t-ádh leo!
Le linn na sraithe seo tabharfaidh an iliomad aisteoirí agus daoine grinn mór le rá agus a bhfuil gealladh fúthu cuairt ar sheit Free Gaff, lena n-áirítear Michael Fry, James Kavanagh, Meg Reilly (Few Cans), Frankie McNamara (Mediations of an Anxious Mind), Peter McGann, Ericka Roe, Simon Hennessy, Anna Clifford, Enya Martin, Terence Power, Calvin O’Brien, John Spillane agus beidh roinnt aíonna a bhí ar Free Gaff Shraith 1 go rialta, Jen Hatton, Tony Cantwell agus Justine Stafford ag filleadh arís.
Darren Conway: “Tá ríméad an domhain orainn gur éirigh linn séasúr eile a scannánú. Bhí Séasúr 1 ar an tsraith bhunaidh is mó lucht féachana ar an RTÉ Player sa bhliain 2021 agus tá súil againn go mbeidh Séasúr 2 ag dul sa treo céanna. Tá lear mór daoine cumasacha a bheidh mar aíonna ar an gclár, lena n-áirítear – Michael Fry, Anna Clifford, Peter McGann, Eric Lalor, Enya Martin, Ericka Roe, Meg Reilly, Simon Henessey, agus Frankie McNamara, gan ach cuid acu a lua.”
Joe McGucken: “Tá sceitimíní orainn mar go mbeidh daoine in ann an clár sceitse grinn mór millteach seo a chuir muid le chéile a fheiceáil. I ndiaidh shéasúr 1 bhí a fhios againn go raibh orainn séasúr 2 a thabhairt go leibhéal eile, agus sin go díreach a rinne muid. Bíonn sé an-deacair gan gáire a dhéanamh nuair atá tú ag scannánú leis na daoine is greannmhaire in Éirinn. Má thaitníonn sé le daoine a bheith ag breathnú air a leathoiread agus a thaitin sé linn nuair a bhí sé á scannánú againn, beidh an jab déanta againn”.