Den chéad uair ó bhí an bhliain 2019 ann, beidh Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí RTÉ ar ais ar an scáileán Dé Luain an 22 Lúnasa. Níos luaithe inniu chuir an t-óstach, Dáithí Ó Sé, na 33 Rós Idirnáisiúnta uile in aithne den chéad uair roimh chraoladh Rós Thrá Lí 2022 i mbliana ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Is í an bhliain seo an t-aonú bliain déag ag Dáithí ag cur an tseó i láthair agus bhí seisean agus Rósanna Idirnáisiúnta 2022 i mbun ceiliúrtha inniu ag Dumhach Thrá, Baile Átha Cliath sular bhuail siad bóthar go Trá Lí.
Déanfar ceiliúradh freisin ag Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí mar go bhfuil an fhéile aon bhliain is seasca ar an bhfód i mbliana agus den chéad uair riamh, craolfar agallaimh leis na 33 Rós Idirnáisiúnta beo ó Acadamh Spóirt Chiarraí i dTrá Lí, Co. Chiarraí ag 8pm Dé Luain agus Dé Máirt an 22 agus 23 Lúnasa ar RTÉ One agus beidh briseadh ann chun an Nine News a chraoladh.
Le linn do Dháithí Ó Sé a bheith ag labhairt ag an ócáid, dúirt sé:
“Tá an-áthas orm go bhfuil Féile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí ar ais i mbliana, tá mé ag ceapadh gur airigh muid go léir uainn an fhéile go mór. Airím gur comhartha eile é a léiríonn go bhfuil cúrsaí ag teacht ar ais ina gceart arís. Tá mé ag tnúth le casadh leis na 33 Rós Idirnáisiúnta dhochreidte atá againn.”
“Tá mé ar bís freisin dul ar ais go Trá Lí chun gach uile dhuine a bheidh ag tabhairt aghaidh ar na sráideanna oíche Dé Sathairn a fheiceáil agus chun na seónna ar bheidh ar siúl Dé Luain agus Dé Máirt a chur i láthair agus tá cúpla ní beartaithe againn do na cleasa cóisire freisin a chuirfidh iontas oraibh.”
Beidh an lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain in ann breathnú ar Rós Thrá Lí saor in aisce, beo agus ar éileamh ar an RTÉ Player.
Déanann na 33 Rós Idirnáisiúnta ionadaíocht ar dhiaspóra na hÉireann ar fud an domhain lena n-áirítear ionaid in Éirinn, sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil agus sa Mheánoirthear.
Chun an nuacht is déanaí a fháil faoin méid atá ag tarlú ag Rós Thrá Lí, téigh
chuig www.rte.ie/entertainment, áit a mbeidh cuid tiomnaithe ag RTÉ.ie don 61ú bliain d’Fhéile Idirnáisiúnta Rós Thrá Lí. Chun stíl uile na Féile chomh maith le míreanna sláinte agus folláine ó na Rósanna féin a fheiceáil, téigh chuig www.rte.ie/lifestyle. Lean na himeachtaí de réir mar a thiteann siad amach ar RTÉ.ie agus ar leathanaigh Facebook agus Twitter Shiamsaíocht agus Nós Maireachtála RTÉ.
Beidh James Patrice ar ais i mbliana ina Thuairisceoir Róis ar chúl an stáitse agus is féidir leat a chuid geáitsí a leanúint ar fud ardáin shóisialta RTÉ ONE.
Gheobhaidh tú ábhar eisiach ó chúl an stáitse ar
Chomh maith le ar @rte, @rteplayer agus @rtearchives ar Twitter.
Is é #roseoftralee an haischlib oifigiúil atá ann.