Tá sé fós ina Shamhradh ar RTÉ Radio 1
Tá cúrsaí an-chruógach ar RTÉ Radio 1 i mí Lúnasa i dtaobh cláracha nua a choinneoidh siamsaíocht linn agus a choinneoidh ár gcluasa bioraithe amach sa samhradh.
Reignite – Dé Sathairn ag 10am
Tá Reignite, arna chur i láthair ag Áine Kerr, ar ais don triú sraith chun cuidiú le hugach a thabhairt don lucht éisteachta agus an t-eolas agus an chomhairle a theastaíonn uathu a fháil chun smaoineamh a bheadh acu a thabhairt chun fíre nó chun barr feabhais a chur ar a saol, bíodh siad i mbun gnó, i mbun obair tí nó ag iarraidh ceacht a fhoghlaim ó smaointeoirí móra an domhain.
Labhróidh Áine Kerr le ceannairí spreagúla, taighdeoirí agus saineolaithe tionscail mór le rá faoina dtaithí agus faoina sainréimsí féin. Beidh idir comhairle phraiticiúil, léargais síceolaíochta a bhfuil an-tóir orthu agus réitigh sa saol mar atá mar chuid den chlár a bhfuil i gceist leis feabhas a chur ar an saol ó lá go lá do chách.
The County Measure – Dé Domhnaigh ag 10am
Cad is contae ann? Sraith chinniúnach ina ndéanfar ceiliúradh ar fhéiniúlacht ar leith dhá chontae is tríocha na tíre mar atá siad sa lá atá inniu ann, céad bliain ó bunaíodh an Stát. Cuirfear tús leis an gclár an samhradh seo a bheidh ar siúl ar feadh tréimhse dhá bhliain. Beidh an scríbhneoir agus craoltóir, Vincent Woods ag dul ag spaisteoireacht ar fud na tíre, ar na mótarbhealaigh agus ar na cúlbhóithre, é ag caitheamh súil ghrinn ar gach aon chontae chun na gnéithe sainiúla atá acu a thabhairt le fios. Beidh na cláracha lán le daoine áitiúla fíorspéisiúla, iad ag roinnt a gcuid tuairimí agus léargais agus beidh ceol agus saothair scríbhneoireachta nuachoimisiúnaithe mar chuid den chlár chun léargas a thabhairt ar a bhfuil i gceist le gach aon chontae. Tugann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tacaíocht don chlár seo faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Documentary On One – Dé Sathairn ag 2pm
Tá RTÉ Documentary On One, a bhfuil go leor gradam buaite aige, ar ais le sraith nua de 14 chlár faisnéise, a chraolfar ar RTÉ Radio 1 gach Satharn. I measc na gcláracha faisnéise a bheidh mar chuid den séasúr seo beidh scéal álainn grá seanlánúine, rachfar sa tóir ar fhíorshainiúlacht fir gan dídean, tabharfar turas chuig an Afganastáin chun léargas a fháil ar an saol ann faoi réim an Talaban, agus caithfear súil ar dhúrún dúnmharaithe a tharla nach mór 100 bliain ó shin i mBaile Átha Cliath – agus neart eile.
Second Captains Saturday – Dé Sathairn ag 1pm
Tá Second Captains Saturday ar ais ar RTÉ Radio 1 do shraith eile don samhradh chun teacht ar Phearsa Spóirt na Bliana nach nImríonn Spórt. I measc ‘sheaimpíní’ na mblianta roimhe seo tá leithéidí Malcolm Gladwell, Gabby Logan agus an Seanadóir George Mitchell. Bí ag súil le haíonna iomráiteacha an séasúr seo agus iad ag tabhairt léargas dúinn ar an gcaoi a n-imríonn spórt tionchar ar a saol, bíodh sin dearfach nó diúltach. Is é an t-údar agus an scríbhneoir scripte a bhfuil gradam Oscar buaite aige, Nick Hornby, atá ar bharr an liosta don bhliain 2022.
My Passion My Power – Dé Sathairn 8pm
Inseoidh triúr ban éachtach Éireannach a scéal féin dúinn sa tsraith trí chuid seo, scéalta faoi dhíograis, faoi theacht aniar agus faoi mharthanas. Inseoidh Mary Kate Slattery a scéal faoi bheith ag streachailt i gcoinne anoireicse, inseoidh Amy Dunne a scéal faoin obair atá ar bun aici reachtaíocht ginmhillte a athrú agus labhróidh Nuala Moore freisin, a thugann faoin snámh in uiscí reoite. Faigheann an clár tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.
The Irish Soundtrack – Dé Sathairn ag 8pm ón 27 Lúnasa
Déanfar ceiliúradh sa chlár The Irish Soundtrack, arna chur i láthair ag Fiachna Ó Braonáin, ar scór scannáin agus teilifíse na hÉireann ó luathbhlianta na 1900idí go dtí an lá atá inniu ann. Leagfar béim sa chlár ar an méid mór atá curtha ag cumadóirí na hÉireann le cúrsaí scannánaíochta. Beidh idir cumadóirí, ceoltóirí, aisteoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí, coimeádaithe agus lucht léinn páirteach sa chlár. I rith lár na seachtaine, fad a bheidh Late Debate den aer, beidh meascán d’ábhar siamsaíochta agus sainchláracha ceoil á gcur ar fáil ar RTÉ Radio 1, cláracha amhail Sure ‘Twas Better, Caravan Radio agus an Classic Rock Hour.
Caravan Radio – Dé Céadaoin ag 10pm
Cuirfidh an ceoltóir agus an scríbhneoir amhrán Oisín Leech Caravan Radio i láthair oíche Dé Céadaoin ag 10pm ar RTÉ Radio 1 an samhradh seo. Bí leis ar aistear iontach ceoil ó gach seánra, agus bí cinnte go rachfar ar seachrán anois agus arís lena linn. Rogha breá ceoil le sult a bhaint as oíche Dé Céadaoin. Tá obair i gcomhar déanta ag Oisín Leech le leithéidí Paul Muldoon, M Ward agus Arctic Monkeys. Is duine den díséad The Lost Brothers é.
Sure Twas Better – Dé Máirt ag 10pm
Tá Will Hanafin ar ais do mhórshraith speisialta don Samhraidh de Sure Twas Better – seó painéil grinn RTÉ Radio 1 a théann ag cartadh sa chartlann chun neart cainte a tharraingt. I dteannta Will beidh Pauline McLynn, Jules Coll agus Emer McLysaght. Tabharfaidh an triúr bhan críonna seo cluas do chartlann a bhí i bhfolach le fada an lá chun a fháil amach an raibh cúrsaí níos fearr… nó níos measa… fadó fadó.
Classic Rock Hour le John Kenny – Déardaoin ag 10pm
Mar a bheadh an ghaoth Mhárta ann, fágfaidh an láithreoir spóirt, John Kenny, an seomra feistis ar feadh uaire chun neart rac-amhráin chlasaiceacha a chur ar fáil dúinn.