Cuir aithne ar an Láithreoir is nuaí le Nuacht RTÉ
Tá sé fógartha gurb í Molly O’Connor as Baile Átha Cliath láithreoir nua news2day RTÉ.
An Fómhar seo, beidh Molly O’Connor as Baile Átha Cliath le feiceáil den chéad uair ar an teilifís mar chuid d’fhoireann news2day. Is seirbhís nuachta news2day atá dírithe go sonrach ar leanaí agus clúdaítear scéalta nuachta de chuid na hÉireann agus áiteanna eile ar domhan a bheadh ina n-ábhar spéise ag lucht féachana óg.
Tar éis gairm chun céimithe i ngnóthaí na meán cumarsáide agus san iriseoireacht ar fud na tíre a dhéanamh, agus próiseas cuimsitheach éisteachta, roghnaíodh Molly le tabhairt ar an bhfoireann agus chuaigh i mbun craoltóireachta den chéad uair inniu, beo ar RTÉ2 agus ar RTÉ News.
Is as tuaisceart Bhaile Átha Cliath Molly. Bhí an-suim aici a bheith ag scríobh nuair a bhí sí ag fás aníos agus bhíodh a tuismitheoirí agus a cuid múinteoirí ag tabhairt ugach di gairm a bhaint amach di féin leis an iriseoireacht. Bhain sí BA i Staidéir Chumarsáide amach in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sular chríochnaigh sí Máistreacht san Iriseoireacht in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Fad is a bhí Molly in DCU, bhíodh sí i gcónaí ag cuardach deiseanna iriseoireachta agus bhí baint aici le raidió na mac léinn agus le Cumann na Léiriúchán Meán Cumarsáide. Chaith sí tréimhse ag obair freisin ina teachtaire do chomhlacht léiriúcháin agus d’oibrigh sí sa chúlra ar Ireland’s Got Talent agus ar Ireland’s Fittest Family.
Tá réimse leathan caitheamh aimsire ag Molly, ag seinm an phianó agus an ghiotáir, ag imirt Sudoku chomh maith lena cuid madraí, Barney agus Elmo, a thabhairt ag siúl ina measc. Tá sí ag leanúint news2day le fada agus is fada léi go dtosóidh sí ag cur an chláir i láthair.
Dúirt sí: “Is fada liom go mbeidh mé ábalta cuairt a thabhairt ar na scoileanna áille! Tá sceitimíní orm casadh le gach duine agus na tuairimí atá ag an gcéad ghlúin eile a fháil ar ábhar nuachta agus ar na nithe a gcreideann siadsan a chaithfear a dhéanamh chun feabhas a chur ar an saol ar an domhan seo a fháil amach.”
Beidh Molly ag obair in éineacht le láithreoir eile news2day Reem El-Hassany as Luimneach. Thosaigh Reem ag cur news2day i láthair i Meán Fómhair 2021.
Craoltar news2day ó Luan go hAoine ag 4.20pm ar RTÉ2 agus RTÉ News. Chomh maith leis an lucht féachana óg a bhíonn ag féachaint ar an gclár sa bhaile, is iomaí seomra ranga sa tír a fhéachann ar an gclár ar líne agus úsáidtear é mar uirlis teagaisc.
Féach ar Reem agus ar Molly ar RTÉ news2day anseo: www.rte.ie/news2day agus is féidir iad a leanúint ar twitter ag @news2dayRTE.