RTÉ ag Ceiliúradh Sheachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
Déanfaidh RTÉ Seachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a cheiliúradh ó Dé Luain an 19 Meán Fómhair go dtí Dé Domhnaigh an 25 Meán Fómhair trí roinnt cláracha agus ábhar speisialta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) a chur ar fáil ar fud ár gcuid seirbhísí ar feadh na seachtaine, ag leagan béim ar ghealltanas leanúnach RTÉ i leith Phobal Bodhar agus Daoine faoi Allaíre na hÉireann.
***Áirítear ar na buaicphointí:
>Beidh ISL ar Nationwide ar RTÉ One Dé Luain an 19 Meán Fómhair (7.00pm). Beidh sé seo ar fáil freisin ar an RTÉ Player.
>Ar RTÉ 2, beidh rannpháirtithe óga atá bodhar agus a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu le feiceáil ar News2Day ar feadh na seachtaine.
>Ar RTÉjr agus RTÉ2, beidh ISL mar chuid de líon cláracha do pháistí ar feadh na seachtaine, lena n-áirítear leagan ISL den tsraith nua de Let’s Find Out.
Seo liosta de na cláracha a bheidh i gceist:
Ar RTÉjr
- Wild Kids: Luan go hAoine ón 19 go dtí an 23 Meán Fómhair
- The Body Brothers: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 24 agus 25 Meán Fómhair
- Storytime: Luan go hAoine ón 19 go dtí an 23 Meán Fómhair
- Makers: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 24 agus 25 Meán Fómhair
- Let’s Find Out: Luan go hAoine ón 19 go dtí an 23 Meán Fómhair
Ar RTÉ2
- Wild Kids: Satharn go hAoine ón 17 go dtí an 23 Meán Fómhair
- The Body Brothers: Satharn go hAoine ón 17 go dtí an 23 Meán Fómhair
- Squad Goals: Satharn go hAoine ón 17 go dtí an 23 Meán Fómhair
- Gamer Mode: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 24 agus 25 Meán Fómhair
- Ace My Space: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 24 agus 25 Meán Fómhair
- Let’s Find Out: Satharn go hAoine ón 17 go dtí an 23 Meán Fómhair
***Agus anuas air sin:
>Reachtálfaidh RTÉ ‘Seisiún Aiseolais ar Líne’ do dhaoine a bhaineann úsáid as ábhar Rochtana RTÉ, le hateangairí agus fotheidil bheo, Dé hAoine an 23 Meán Fómhair idir 10am agus 12pm.
>Cuirfidh RTÉ tús arís le ranganna ISL dá chuid fostaithe.
>Cuirfear cláracha RTÉ ISL le gairid ar an RTÉ Player le linn na seachtaine, ina measc:
- Cold Case Collins
- Clear History – Sraith 2 (beidh cláracha 1-6 ar fáil ó Dé Luain an 19 Meán Fómhair)
- Ireland in Music
- Clodagh
- Shackleton’s Cabin
- The Tommy Tiernan Show – Sraith 6 (Gach clár ar fáil)
- Brian Friel: Shy Man, Showman
- The Talk TV 2022 – Gach clár
- Super Garden – Sraith 13 (Gach clár)
- Faoi Bhláth – 12 clár, a bheidh ar fáil faoi Dé Luain an 19 Meán Fómhair
- John Connors’ Acting Academy – Gach clár ar fáil
- Crimes and Confessions – Gach clár ar fáil
- The Keith Barry Experience – Sraith 2 (Gach clár ar fáil)
- Home of the Year – Sraith 8 (Gach clár ar fáil)
Beidh an t-ábhar ISL seo againn freisin anuas ar na buaicphointí ISL eile a bheidh ar RTÉ:
- Beidh Late Late Toy Show na bliana seo caite ar fáil le ISL don tríú bliain as a chéile agus á chur i láthair ag Sarah Jane O’Regan atá bodhar.
- Rinne RTÉ an t-ábhar eisiach ISL seo a chur chun cinn trí fhíseáin éagsúla ina raibh teachtaireacht speisialta ó Dhaidí na Nollag a bhíonn ag Canadh agus ó Scoil an Teaghlaigh Naofa do na Bodhair sa Chabrach.
- Ar feadh na paindéime, chuir RTÉ ISL ar fáil chun eolas ríthábhachtach sláinte ó sheisiúin eolais an HSE a chraoladh, chomh maith le gach fógra a rinne an Taoiseach faoi Covid.
- Le gairid, chuir RTÉ ateangaireacht ISL ar fáil ag Comóradh Céad Bliain an Gharda Síochána agus bhí teacht ag gach duine den lucht féachana air sin ar an gcainéal RTÉ News agus ar an RTÉ Player.
Is éard a dúirt Ceann Rochtana RTÉ, Kevin Burns, “Tá ríméad orainn Seachtain Feasachta ISL a cheiliúradh. Ní raibh ISL chomh tábhachtach riamh do Phobal Bodhair agus Daoine faoi Allaíre na hÉireann is atá anois agus leagfaidh RTÉ béim ar an tábhacht sin le réimse de ghníomhaíochtaí agus d’ábhar ar feadh na seachtaine. Táimid ag cur leis an obair a tosaíodh le linn na paindéime le Home School Hub ISL, fógraí tábhachtacha sláinte poiblí agus óráidí an Taoisigh a craoladh beo le ISL.
Cuireann RTÉ leis an réimse agus líon cláracha a chuireann sé ar fáil le ISL gach bliain agus oibríonn go dlúth leis an bPobal Bodhar chun a chinntiú go bhfuil muid ag cur na seirbhíse is fearr agus is féidir ar fáil dóibh. Léargas dearfach ar an obair sin is ea go mbeidh Amhránaí atá Bodhar arís páirteach in Late Late Toy Show na bliana seo, craolfar Nationwide le ISL ar RTÉ One Dé Luain an 19 Meán Fómhair agus níos túisce i mbliana, chraol Liveline seachtain de chláracha inar roinn daoine atá bodhar a gcuid scéalta féin.
Táimid ag súil go mór le tuilleadh a fhoghlaim faoi na Daoine Bodhra agus faoi na Daoine faoi Allaíre acu a bhíonn ag féachaint agus ag éisteacht le RTÉ ag an Seisiún Aiseolais Rochtana a bheidh againn le linn Sheachtain Feasachta ISL chun mbeidh sé ar ár gcumas leanúint den tacaíocht a thugaimid don phobal Bodhar in Éirinn a fhorbairt.”
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain Feasachta ISL ar RTÉ, coinnigh súil ar chainéil meán sóisialta RTÉ trí úsáid a bhaint as #ISLRTE Chun tuilleadh ar Sheachtain Feasachta ISL a fháil téigh chuig https://reachdeafservices.ie/irish-sign-language-isl-awareness-week/