Oíche Chultúir ar RTÉ – Oíche Amháin do Chách
Fillfidh Oíche Chultúir – an t-imeacht bliantúil, uile-oileáin a dhéanann ceiliúradh ar an gcultúr, ar an gcruthaitheacht agus ar na healaíona – Dé hAoine an 23 Meán Fómhair. Cuirfidh eagraíochtaí agus ionaid ealaíon agus chultúir de gach cineál, beag agus mór, síneadh lena gcuid uaireanta oscailte chun go mbeidh níos mó daoine sa phobal ábalta cuairt a thabhairt orthu agus dá réir sin, beidh RTÉ ag cur leis an ábhar sin ar na haerthonnta ar feadh an lae do Culture Night on RTÉ.
Cuirfidh An Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus eagraíochtaí cultúir ar fud oileán na hÉireann Oíche Chultúir ar fáil. Féach ar www.culturenight.ie le haghaidh tuilleadh eolais.
TEILIFÍS | RTÉ Player
Oíche Chultúir | Beo ó Loch na Buaraí | RTÉ One & RTÉ Player | 7pm
Beo ó bhruacha Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí, cuirfidh RTÉ ceiliúradh thar a bheith speisialta ar thailte portaigh ar leith na hÉireann i láthair i gcroílár lár na tíre ar Oíche Chultúir.
Sa chlár seo a bheidh á chur i láthair ag Annie MacManus agus a mbeidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ páirteach ann, cuirfear réimse aíonna speisialta i láthair lena n-áirítear Tolϋ Makay as Uíbh Fhailí, Felispeaks, Damien Dempsey, Jack O’Rourke, Martin Hayes, Elaine Mai, Maykay, Loah, Ailbhe Reddy & Sinead White.
Ar mhaithe le hardán a thabhairt don raon leathan gníomhaíochtaí a bheidh ag tarlú ar fud na tíre, beidh ceol agus drámaíocht ó abhantrach an Chladaigh i nGaillimh, taispeántas de shaothar an ealaíontóra Pat Curran, Colm Tóibín ag trácht ar scéim tabhartais leabhar a bheidh ar siúl ar an oíche agus neart eile mar chuid de Culture Night Live at Lough Boora. Arna léiriú ag RTÉ i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.
RAIDIÓ
Arena | RTÉ Radio 1 agus RTÉ Radio Player | 7pm
Read Mór Oíche Chultúir, tionscnamh malartaithe leabhar agus léitheoireachta na Comhairle Ealaíon i gcomhar le hIarnród Éireann agus Bus Éireann, a bheidh faoi chaibidil ar Arena. Roinnfidh painéal leabharbhách an t-áthas a bhaineann le bheith ag léamh, ag fiosrú agus ag scrúdú saothair ficsin, filíochta agus neamhfhicsin faoi thaisteal ar thraenacha agus ar bhusanna. Beidh sleachta as saothair mór le rá mar chuid den chlár, ina measc District and Circle (Seamus Heaney), All Legendary Obstacles (John Montague), agus Mervue Bus (Rita Ann Higgins).
Marty in the Morning | RTÉ lyric fm agus RTÉ Radio Player | 7am
Cuirfidh Marty Whelan tús spleodrach le ceiliúradh Oíche Chultúir lena mheascán iontach ceoil agus comhrá, mar is gnách leis. Beidh Cór Aireagail na hÉireann beo sa stiúideo leis roimh a gceolchoirm i mBaile Átha Cliath níos déanaí an oíche sin i Lána an Mhuilinn Ghaoithe. Seinnfidh siad clár spraíúil de shaothair ghutha rómánsúla agus comhaimseartha Éireannacha. Déanfaidh Marty eisiúint an albaim athmháistrithe ‘Almost Everything’ ar Claddagh Records a cheiliúradh, a bhfuil filíocht Patrick Kavanagh mar chuid de, arna léamh ag aisteoirí ina measc Jessie Buckley agus Aidan Gillen, agus ag an Uachtarán Michael D. Higgins.
Lorcan Murray’s Classic Drive | RTÉ lyric fm and RTÉ Radio Player | 4pm
Beidh Lorcan ag craoladh beo ó Iarsmalann Hunt d’Oíche Chultúir áit a gcuirfidh sé rogha éagsúil de cheoltóirí agus d’ealaíontóirí a bhíonn páirteach i saol saibhir cultúir Luimnigh os ár gcomhair.
Ukranian Freedom Concert | RTÉ lyric fm agus RTÉ Radio Player | 7pm
Beidh deis ag an lucht éisteachta cluas a thabhairt do cheolchoirm stairiúil a thaifead Ceolfhoireann Saoirse na hÚcráine agus aíonna sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Beidh an pianódóir Anna Fedorova agus an soprán Liudmyla Monastyrska i dteannta an stiúrthóra ceoil Keri-Lynn Wilson chun saothair Silvestrov, Chopin, Beethoven, agus Dvorak a chur i láthair. Tráchtfaidh an cumadóir Valentin Silvestrov faoina chuid ceoil agus ar bhogadh go Beirlín, agus labhróidh an láithreoir Paul Herriott leis an stiúrthóir ceoil Victoria Zhadko a tháinig go hÉirinn le gairid as an Úcráin.
Valentin Silvestrov: Symphony No. 7
Chopin: Piano Concerto No. 2 Beethoven: Abscheulicher! Wo eilst du hin? from Fidelio Dvořák: Symphony No. 9
AR LÍNE
Beidh réimse míreanna ar Oíche Chultúir le fáil ar www.rte.ie/culture ina measc ábhar nuachta, an t-eolas is déanaí, ábhar agus míreanna éagsúla. Ina theannta sin, bí ag faire amach d’fhéile gearrscannán ar líne aon lá amháin ina ndéanfar ceiliúradh ar fhéith cruthaitheachta mhuintir na hÉireann.