Gavin Maloney ceaptha ina Phríomh-Stiúrthóir Comhlach ar Cheolfhoireann Coirme RTÉ
Tá sé fógartha ag RTÉ inniu go bhfuil Gavin Maloney ceaptha ina Phríomh-Stiúrthóir Comhlach ar Cheolfhoireann Coirme RTÉ as seo go ceann trí bliana.
Beidh Gavin Maloney i mbun stiúradh ar Cheolfhoireann Coirme RTÉ den chéad uair ina Phríomh-Stiúrthóir Comhlach dó do thaispeáint réamhléirithe de The Irish Civil War – Episode 2 in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí Dé Máirt an 13 Meán Fómhair agus beidh sé i mbun stiúradh ar Cheolfhoireann Coirme RTÉ agus aíonna do thaibhiú speisialta d’Oíche Chultúir ag portach Loch na Buaraí, Co Uíbh Fhailí Dé hAoine an 23 Meán Fómhair, beo ar RTÉ One. Beidh sé i mbun an clár RTÉ Concert Orchestra Presents a stiúradh Dé Luain dheireadh seachtaine saoire bainc Dheireadh Fómhair ar RTÉ Radio 1 chomh maith le ceolchoirm Cheolfhoireann Coirme RTÉ, Sunday Miscellany, ar an 1 Nollaig ag an gCeoláras Náisiúnta. Beidh sé i mbun an chéad chomhfhiontar beo idir Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus Moving Hearts a stiúradh ar dheireadh seachtaine na Féile Pádraig seo chugainn, an 17 agus an 18 Márta, in Amharclann Bord Gáis Energy.
Tá Gavin Maloney ar dhuine de na ceoltóirí is iomráití in Éirinn, é ar a chompord i ndomhan an cheoil chlasaicigh, chomhaimseartha agus phobail. Tá sé cruthaithe aige go bhfuil ag éirí leis le Ceolfhoireann Coirme RTÉ i raon seánraí agus meán. Chun beagán léargais a thabhairt, tá ar chuid de bhuaicphointí a chuid saothar le Ceolfhoireann Coirme RTÉ, Swan Lake le Tchaikovsky i gcomhar le Ballet Ireland, ar mar seo a leanas a cuireadh síos air in The Irish Times, ‘the indefatigable RTÉ Concert Orchestra, dynamically conducted by Gavin Maloney’; ceolchoirm ghalánta chun 25 bliain ó bunaíodh Ceoláras Ollscoile, Luimneach a cheiliúradh; ceolchoirm Winter Sessions le Ceolfhoireann RTÉ ar RTÉ One a taifeadadh le linn Covid, Féile Ceoil Nua Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2022 agus The Songs of Leonard Cohen in 2020 agus 2022. Níos túisce an mhí seo stiúir sé Ceolfhoireann Coirme RTÉ sa chéad taibhiú riamh de Room a raibh scór beo mar chuid de sa Cheoláras Náisiúnta.
I ndiaidh dó a chuid oiliúna a thabhairt chun críche sa Royal Northern College of Music i Manchain agus sa Mozarteum in Salzburg, d’éirigh le Gavin an post mar Stiúrthóir Cúnta Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, mar a bhí air ag an am, a bhaint amach. Stiúir sé na príomhceolfhoirne agus ensembles in Éirinn agus bhí i mbun stiúradh sa Ghearmáin, san Fhrainc, san Iodáil agus sa Ríocht Aontaithe.
I measc na gceoltóirí clasaiceacha a ndearna sé comhshaothair mór le rá leo tá Gabriela Montero, Tara Erraught, Barry Douglas, Ailish Tynan, John O’Conor, Chloë Hanslip agus Hugh Tinney. D’oibrigh sé le Maxim Vengerov ar an International Concert Series sa Cheoláras Náisiúnta in 2017. Thug Maxim Vengerov ‘a great maestro’ air. I measc na gceoltóirí ceoil phobail a ndearna Gavin comhshaothair leo tá Declan O’Rourke, Lisa Hannigan, Wallis Bird, Loah, Mick Flannery, Phelim Drew, Jess Kavanagh agus Denise Chaila. Tá obair déanta freisin aige le ceoltóirí an cheoil thraidisiúnta amhail Liam O’Flynn, Paddy Moloney, Zoë Conway agus Iarla Ó Lionáird.
Tá Gavin ag cur cheol na hÉireann os comhair lucht éisteacha nua le roinnt blianta anuas, lena n-áirítear Linen and Lace le Bill Whelan a stiúradh leis an aonréadaí an Ridire James Galway sa bhliain 2014. Chuir sé go mór le Composing the Island sa bhliain 2016, féile de chuid RTÉ/an Cheolárais Náisiúnta inar caitheadh súil ghrinn ar chéad bliain de cheol na hÉireann agus sa bhliain 2019 stiúir sé Ceolchoirm Cheiliúrtha chun 20 bliain ó bunaíodh RTÉ lyric fm a cheiliúradh.
Fuair Gavin moladh mór as a thaifeadtaí ar lipéid NMC agus RTÉ lyric fm, lena n-áirítear moladh mór ón irisleabhar Gramphone agus tá a chuid ceolchoirmeacha craolta ag an BBC, RTÉ, Aontas Craolacháin na hEorpa, Shanghai East Radio agus stáisiúin raidió i Meiriceá Thuaidh agus san Astráil.
Is éard a dúirt Gavin Maloney: “Tá an-áthas orm tús a chur le mo phost i mo Phríomh-Stiúrthóir Comhlach ar Cheolfhoireann Coirme RTÉ. Tá dlúthchaidreamh agam leis na ceoltóirí iontacha seo le píosa maith anuas. Is iontach an tráth é an ról seo a ghlacadh agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis an gceolfhoireann agus leis an mbainistíocht tráth a bhfuil go leor athraithe ag tarlú i ndomhan an cheoil cheolfhoirne agus a bhfuil go leor deiseanna i gceist. Táim ag súil le caidreamh a chothú leis an lucht éisteachta, idir shean agus nua araon, sna blianta amach romhainn agus sult a bhaint as draíocht an cheoil in éineacht.”