RTÉ AR AIS AG AN gCOMÓRTAS ‘TREABHDÓIREACHTA’ LE SCEIDEAL TRÍ LÁ LÁN LE hAICSEAN
BEIDH NUACHT & AIMSIR RTÉ BHEO, CLÁRACHA MÓRA RTÉ RADIO 1, 2FM, RnaG AGUS LYRIC FM BEO CHOMH MAITH LE NEART EILE ÓN gCOMÓRTAS
Tar chuig Seastán RTÉ: Bloc 1 | Líne 18 | Seastán 288 (is gaire de Gheata 1)
FÉACH ar an mblaisín: https://youtu.be/fJECCSY9SbY
Beidh an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, nó ‘An Treabhdóireacht’ ar ais i Ráth an Uisce i gCo. Laoise ó Dé Máirt an 20 Meán Fómhair go dtí Déardaoin an 22 Meán Fómhair agus beidh RTÉ ann do na trí lá iomlána le sceideal lánaicsin de chláracha beo, míreanna beo ceoil, feasacháin bheo Nuacht agus Aimsir RTÉ, deiseanna chun bualadh le láithreoirí mór le rá an stáisiúin chomh maith le neart duaiseanna.
>>>SCEIDEAL RTÉ
Dé Máirt an 20 Meán Fómhair
07:00 – 09:00 | Morning Ireland á chraoladh beo ar RTÉ Radio 1
10:30 – 11:30 | Cuisle RnaG50 ceol beo le ceiliúradh a dhéanamh ar cheol traidisiúnta na hÉireann (Féach nótaí thíos)
12:30 – 13:00 | Buail le Doireann, Donncha agus Carl ó 2FM Breakfast
15:00 – 16:30 | The Ray D’Arcy Show á chraoladh beo ar RTÉ Radio 1
Dé Céadaoin an 21 Meán Fómhair
08:00 – 09:00 | Adhmhaidin á chraoladh beo ar RTÉ RnaG
10:00 – 12:00 | Marty in the Morning á chraoladh beo ar RTÉ lyric fm (am speisialta don Treabhdóireacht )
15:00 – 18:00 | The Drive with The 2 Johnnies á chraoladh beo RTÉ 2FM
Déardaoin an 22 Meán Fómhair
13:45 – 15:00 | Liveline’s Funny Thursday á chraoladh beo ar RTÉ Radio 1
>>>NUACHT & AIMSIR RTÉ BHEO
Craolfar Six One RTÉ ONE beo Dé Máirt an 20 Meán Fómhair agus beidh tuairiscí beo Nuacht RTÉ le linn na dtrí lá.
Beidh Aimsir RTÉ á chraoladh beo ón Treabhdóireacht gach lá le Nuala Carey, Trevor Keegan, Gerry Murphy, Linda Hughes, agus Michelle Dillon. Bí ag féachaint ar na feasacháin aimsire ag am lóin beo ar RTÉ One ar 13.25 agus arís sa tráthnóna ag 15.40.
CUIR AN AIMSIR I LÁTHAIR: Má tá deis uaitse chun an aimsir a chur i láthair, tabharfaidh foireann aimsire RTÉ seans duit sin a dhéanamh idir na feasacháin bheo le cúnamh ó cheamaraí, autocue agus grafaicí aimsire.
>>>AGUS ANUAS AIR SIN
Anuas ar an sceideal thuas, déanfaidh RTÉ filleadh an chomórtais Treabhdóireachta a cheiliúradh trí roinnt nithe nua a chur leis an sceideal.
URC TV ag an gComórtas Treabhdóireachta
Ní hamháin go mbeidh lascaine speisialta le fáil ar phacáistí URC TV ach beidh tú ábalta do phictiúr a ghlacadh in éineacht le Corn URC, bualadh le roinnt de na himreoirí URC agus cur isteach ar chomórtas chun duaiseanna iontacha URC TV a bhuachan, geansaí a bheidh sínithe, ticéid chuig cluiche URC agus pasanna rochtana URC TV ina measc.
Oifig Ticéad Toy Show The Musical ag an gComórtas Treabhdóireachta – le lascaine agus Grán Rósta Tayto!
Tá draíocht Toy Show The Musical ag teacht go dtí Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath an Nollaig seo, agus beidh tú in ann do chuid ticéad – agus lascaine speisialta 10% orthu – a cheannach ag oifig ticéad speisialta ag seastán RTÉ. Anuas ar an lascaine sin beidh grán rósta Tayto saor in aisce le fáil ag cuairteoirí (go dtí go mbeidh siad uilig imithe!) Beidh deis ann freisin ticéid teaghlaigh chomh maith le lóistín oíche amháin in óstán mór le rá i mBaile Átha Cliath a bhuachan má bhíonn fonn ort léim isteach sa ghealach a cruthaíodh go speisialta agus grianghraf a ghlacadh. #toyshowmusical
Siopa RTÉ
Seas isteach ag Siopa RTÉ, agus labhair le foireann tacaíochta Saorview, a bheidh ag tabhairt deis do dhuine éigin Teilifís a bhuachan a bhuíochas do Euronics.
Ireland on The Box arna chur i láthair ag RTÉ agus ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Agus 60 bliain den teilifís á cheiliúradh againn in Éirinn, tabharfaidh spás Ireland on The Box deis do chuairteoirí grianghraf a ghlacadh ag an “Doras Draíochta” agus sult a bhaint as roinnt de na buaicphointí teilifíse.
Bothanna Grianghraf RTÉ Guide
Beidh an t-eagrán is deireanaí den RTÉ Guide ar díol leis na Bothanna Grianghraf RTÉ Guide Cover Star a mbíonn an-tóir orthu. Ceannaigh an RTÉ Guide agus siúlfaidh tú leat le sárábhar léitheoireachta agus do phictiúr féin ar an leathanach tosaigh.
Déan cinnte go mbeidh an t-eolas is déanaí agat le RTÉ ag ‘An Treabhdóireacht’ ar fud Twitter (@RTE) nó ar Facebook/Instagram (@Explorerte) trí úsáid a bhaint as #rteploughing.
Maidir le CUISLE RnaG50
Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh caoga bliain ar an aer i mbliana agus mar chuid den cheiliúradh bliana atá ar bun aige cuirfear ceiliúradh speisialta de cheol traidisiúnta na hÉireann i láthair le linn Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo Cuisle RnaG50. Tá an ceol traidisiúnta ina chuid lárnach in aschur RnaG le leathchéad bliain anuas agus is í Eagarthóir Ceoil an Stáisiúin, Neansaí Ní Choisdealbha, a chuirfidh an clár i láthair agus is é boscadóir mór le rá Thiobraid Árann, Ned Kelly, a dhéanfaidh é stiúradh. Beidh cuid de shárcheoltóirí traidisiúnta na hÉireann ina theannta ar an gclár, Ryan Molloy, Fergal O’Neill, Clare Quinn, Keelan McGrath, Jack McGrath, William Holmes, Gary Lynch, JP Reynolds ina measc chomh maith le píosa ceoil traidisiúnta den scoth le Caitlin McGrath.