COMÓRTAS GEARRSCÉALTA RTÉ 2022: GEARRLIOSTA FÓGARTHA
BUAITEOIRÍ LE FÓGAIRT AG IMEACHT BEO SPEISIALTA AGUS BEO AR RTÉ RADIO 1 DÉ hAOINE AN 21 DEIREADH FÓMHAIR
EOLAS: www.rte.ie/writing
TICÉID: https://www.paviliontheatre.ie/events/view/rte-arena-live
LEAN MUID: #rteshortstory
Tá sé fógartha ag RTÉ inniu go bhfuil deich scéal nua iontach curtha ar an ngearrliosta do Chomórtas Gearrscéalta RTÉ 2022 in ómós do Francis MacManus. Roghnaíodh na deich scéal seo as breis is 1,700 iontráil.
Is iad seo a leanas, (in ord aibítre de réir teidil), na scéalta ar an ngearrliosta, a roghnaigh na scríbhneoirí Lisa McInerney, Ferdia McAnna agus Éilis Ní Dhuibhne, moltóirí na bliana seo:
- A Nice Cup of Tea le Bernard Crowley
- Big Why, Little Why le Brendan Killeen
- Cherries le Sara Keating
- Cnámharlach Uaigneach le Nicola Crean
- Fire Starter le Alan McCormick
- Fishing for Pike le Antoinette McCarthy
- Scrappage le Aingeala Flannery
- Strawberry Season le Doreen Finn
- The Big House of Nora Toad le Rachel Hynes
- The Coast of Africa le Julie Cruickshank
Tá sonraí na n-údar agus a gcuid scéalta gearrliostaithe mar aon le sonraí na moltóirí ar fáil thíos.
Craolfar na 10 scéal ar fad agus cuirfear amach ar phodchraoladh iad le linn séasúr scríbhneoireachta nua mar chuid de Late Date ar RTÉ Radio 1, oícheanta na seachtaine ag 11.20pm, ó Dé Luain an 10 Deireadh Fómhair go dtí Déardaoin an 20 Deireadh Fómhair (seachas Dé Sathairn an 15 D.F.), an dá lá sin san áireamh.
Roghnóidh moltóirí na bliana seo an scéal a bhuafaidh an comórtas, mar aon leis an dá scéal eile a mbronnfar duaiseanna orthu, ag imeacht beo speisialta RTÉ Radio 1 Arena RTÉ Short Story Special in Amharclann an Phailliúin i nDún Laoghaire ag 7pm Dé hAoine an 21 Deireadh Fómhair agus craolfar beo ar RTÉ Radio 1 é mar chuid de chlár speisialta de Arena.
Le linn imeacht beo Arena RTÉ Radio 1, beidh an láithreoir Seán Rocks agus moltóirí na bliana seo Lisa McInerney, Ferdia MacAnna agus Éilis Ní Dhuibhne ag plé cheird na gearrscéalaíochta, ag déanamh léirmheas ar na gearrscéalta ar an ngearrliosta do Chomórtas Gearrscéalta RTÉ in ómós do Francis MacManus, agus beidh siad ag fógairt na mbuaiteoirí foriomlána. Chomh maith leis sin, beidh ceol beo ann agus taibhithe le haisteoirí móra.
Chun ticéid a fháil, téigh chuig: https://www.paviliontheatre.ie/events/view/rte-arena-live
Tá méadú tagtha ar an bpríomhdhuais go €5,000 i mbliana, agus gheobhaidh na scríbhneoirí a thiocfaidh sa dara agus sa tríú háit €4,000 agus €3,000 faoi seach. Bronnfar duais ar an gcéad seachtar eile freisin, is é sin €250 an duine. Mar aon le craoladh na scéalta ar Late Date, cuirfear na scéalta ar fad ar fáil le léamh ar www.rte.ie/culture roimh an gclár speisialta de Arena ar RTÉ Radio 1, ó Dé Luain an 10 Deireadh Fómhair.
Tá Lisa McInerney ina moltóir don dara bliain as a chéile, agus seo mar a labhair sí faoi: “A leithéid d’fhuinneamh agus de shiamsaíocht a bhain leis an bpróiseas chun gearrliosta a chur le chéile do Chomórtas Gearrscéalta RTÉ 2022 in ómós do Francis MacManus. Bhí mé an-sásta leis an gcaoi ar thug na scríbhneoirí faoi shainchúram an chomórtais – ba léir gur smaoinigh siad faoi gur scéal don raidió a bhí i gceist, agus mar sin chuir sé an-áthas orainn go raibh neart carachtair láidre sna scéalta, agus dialóg bhríomhar agus suíomhanna spleodracha iontu. Is eiseamláirí iad scéalta an ghearrliosta den bheocht, greann, comhbhá agus samhlaíocht ar féidir a chur in iúl tríd an ngearrscéal, agus táimid ag súil go mór leis an ngearrliosta sin a roinnt.”
Is éard a dúirt an moltóir Ferdia MacAnna: “A leithéid de phribhléid chun muid féin a thumadh i saothar nua leis an méid seo scríbhneoirí cumasacha. Tá léargas ar fáil ar Éirinn an lae inniu sna scéalta seo, a thiteann isteach i gceann de dhá chatagóir ar leith: léirithe caolchúiseacha ar thír chorrach ina mbíonn daoine ag streachailt chun leanúint ar aghaidh agus brí a bhaint as a saol fad atá an oiread sin caillteanais, bróin agus mífheidhmiú teaghlaigh mórthimpeall orthu; agus, ar an taobh eile, léirithe ar thírdhreacha aisteacha, osréalacha, corra, tírdhreacha siabhraigine in amanna, ina bhféadfadh rud ar bith tarlú – agus, go deimhin, ina dtarlaíonn rud ar bith – áiteanna nach féidir rud ar bith a thuar iontu. Tá an beart déanta ag na scríbhneoirí seo, gan faitíos ach le dea-chaint tráthúil, léargas, greann agus úrnuacht, mar aon le scéalaíocht samhlaíoch.”
Dúirt an moltóir Éilis Ní Dhuibhne: “Pléisiúr amach is amach a bhí sa deis na scéalta seo a léamh. Chuir na bunsmaointe agus an samhlaíocht, máistreacht ar cheird na cumadóireachta, agus thar aon ní eile, beocht na scéalta go mór i bhfeidhm orm. Bhí an-éagsúlacht i gceist, bhí an-chuid grinn sna scéalta a cuireadh ar aghaidh, cuid de a bhí éadrom agus cuid eile a bhí thar a bheith dorcha. Ní gan dua a roghnaíomar an deich scéal is fearr. Tá an méid sin tallainne amuigh ansin! Ardaíonn sé an croí é sin a fheiceáil.”
Dúirt Sarah Binchy, léiritheoir na sraithe: “Táimid iontach sásta le raon agus uaillmhian scéalta na bliana seo agus is fada linn go mbeimid in ann iad a roinnt leis an lucht éisteachta. Tá aoibhneas ar leith ag baint leis an deis seo, i bhfianaise na srianta uile le blianta beaga anuas, a bheith in ann teacht le chéile ar an láthair don bhabhta deireanach den chomórtas le linn chraoladh beo Arena Short Story Special le Seán Rocks in Amharclann an Phailliúin i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath Dé hAoine an 21 Deireadh Fómhair. Éistfimid le taibhithe beo chun blaiseadh a fháil de na scéalta ar an ngearrliosta, gheobhaimid léargas na moltóirí ar fhoirm an ghearrscéil agus ar an bpróiseas moltóireachta, buailfimid leis na scríbhneoirí atá ar an ngearrliosta – agus gheobhaimid amach cé acu a bhfuil na príomhdhuaiseanna buaite.”
Tosach ríthábhachtach do scríbhneoirí nua agus scríbhneoirí atá ag teacht chun cinn in Éirinn atá i gComórtas Gearrscéalta RTÉ, a bunaíodh sa bhliain 1986 in ómós don scríbhneoir agus craoltóir Francis MacManus. I measc iarbhuaiteoirí an chomórtais agus scríbhneoirí a cuireadh ar an ngearrliosta, tá Claire Keegan, Danielle McLaughlin, Anthony Glavin, Chris Binchy, Nuala O’Connor, Liz Nugent, Colin Walsh, Stephen Walsh, Austin Duffy agus Sarah Gilmartin.
Chun tuilleadh a fháil amach faoi Chomórtas Gearrscéalta RTÉ, féach www.rte.ie/writing.
SCÉALTA AGUS ÚDAIR AN GHEARRLIOSTA
Bernard Crowley
Tá cónaí ar Bernard Crowley i mBaile Brigín ach is as Cromhghlinn ó dhúchas é agus chuir sé faoi i go leor áiteanna eile ó bhog sé uaidh sin go Baile Brigín. Tá ceathrar clainne agus triúr garchlainne aige, agus dar leis, is é atá i gceist lena shaol oibre ná a bheith ag obair go páirtaimseartha le linn dhá mhí den bhliain (um Nollaig) agus a bheith ag léamh leabhar le linn na deich mí eile. Is iomaí post a bhí aige, idir úinéir siopa agus comhairleoir andúile, agus anois, tá scríbhneoir curtha le liosta na bpost sin. Is é A Nice Cup of Tea an chéad ghearrscéal foilsithe dá chuid.
Maidir le scéal Bernard, A Nice Cup of Tea
Dúirt Bernard: “Tá mé an-bhródúil as an scéal seo – is ionann é agus tús agus deireadh mo ghairme scríbhneoireachta. Bhí lámh san fhilíocht agam le linn mo shaoil ar fad, ach níor chuir mé saothar ar bith ar aghaidh roimhe seo lena iniúchadh ag an bpobal. Is éard a bheadh i ngiotán cainte de mo shaol…caiteoir raithní a bhí ionam sna 70idí, andúileach hearóine sna 80idí, alcólach sna 90idí, agus is deas liom a rá nach bhfuilim ach tugtha don chaife anois!
Is as na háiteanna idir eatarthu a thagann na híomhánna sa scéal. Shuigh mé síos chun scéal a scríobh faoi bhean atá ag ól cupán tae agus ag smaoineamh go geanúil ar a fear céile, ar iascaire ar farraige é, agus atá ag guí rath air. Ach nuair a bhuail an cupán in aghaidh an bhalla, bhí orm é a leanúint. Siúlaim ar an trá anseo gach uile mhaidin leis an madra agus bailím gloine na farraige ar mo bhealach. Bailím soithí briste freisin, agus shocraigh mé na píosaí briste a scrúdú, agus mé faoi anáil dán álainn le Dermot Healy, The Travels of Sorrow. Shocraigh mé iad a chur ar ais le chéile.”
Brendan Killeen
Is iriseoir, scríbhneoir agus eagarthóir é Brendan Killeen, a bhfuil cónaí air in Copenhagen le 20 bliain anuas. Tá sé pósta le Malene agus tá beirt clainne acu, Noah agus Ella, atá sna déaga. Oibríonn sé ar an gclár cumarsáide sa Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Tá céim mháistreachta aige sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach (pas le gradam) ó Ollscoil Oxford agus tá sé ag obair ar chnuasach gearrscéalta dar teideal Saga i láthair na huaire.
Maidir lena scéal, Big Why, Little Why
Dúirt Brendan: “Fuair mé spreagadh chun mo scéal Big Why, Little Why a scríobh nuair a bhí mé ar saoire i Maidrid le mo mhac Noah i mí Dheireadh Fómhair 2021. Thugamar cuairt ar mhúsaem ealaíne an Reina Sofia agus chualamar lánúin ag argóint os comhair Guernica, sárshaothar Picasso. Thug an eachtra seo spreagadh dom an scéal a scríobh, arb ionann é agus machnamh ar chomh litriúil is atá muid ag éirí mar shochaí, i measc nithe eile.”
Sara Keating
Is scríbhneoir agus iriseoir maidir le cúrsaí cultúir í Sara Keating, as Baile Átha Cliath. Foilsíodh a cuid ficsin in Banshee agus The Dublin Review. Bhí a scéal Mamó ar ceann de na scéalta a roinn an dara háit i gComórtas Gearrscéalta RTÉ in ómós do Francis MacManus sa bhliain 2021. Ingrid Craigie a léigh an scéal, agus bronnadh trí bhonn air ag Gradaim Raidió Nua-Eabhrac.
Fuair sí tacaíocht dá cuid scríbhneoireachta cruthaithí sa bhliain 2022 i bhfoirm Dhámhachtain Lúfaireachta na Comhairle Ealaíon agus Cónaitheacht i Stiúideo an Phailliúin, Dún Laoghaire. Tá sí ag obair ar úrscéal agus ar chnuasach scéalta i láthair na huaire.
Maidir lena scéal, Cherries
Is éard a dúirt Sara: “Baineann Cherries le dlúithe agus leochaileacht an mháithreachais, agus grá máthar dá mac.”
Nicola Crean
Ba i gCarraig Uí Leighin i gCo. Chorcaí a rugadh agus a tógadh Nicola Crean, agus is ann atá sí anois, tar éis a bheith ag cur fúithi, ag obair agus ag taisteal ar fud an domhain. Is breá léi hataí agus caitheann sí go leor díobh, idir hataí olla agus hataí meafaracha; is máthair, múinteoir, lúthchleasaí agus rógaire í. Tá dhá théacsleabhar comhscríofa aici don chorpoideachas ach seo an chéad uair di a bheith ag tabhairt faoin bhficsean.
Maidir le scéal Nicola, Cnámharlach Uaigneach.
Dúirt Nicola: “Baineann mo chuid leanaí sult as ‘one time’ ag am codlata. Tá an nós seo ag fás leo agus is as sin a d’fhás an scéal seo! Thosaigh sé mar athinsint cónasctha de na síscéalta ar fad a bhí ar eolas agam, measctha leis na sonraí tábhachtacha a bhí ar siúl i saol mo chuid leanaí féin; leithéidí Cochaillín Dearg ag bualadh le Plúirín Sneachta sa choill agus na heachtraí a bhíodh acu. Is ‘Cnámharlach Uaigneach’ an toradh a bhíonn i gceist.”
Alan McCormick
Rugadh Alan McCormick sa Chéinia agus chaith sé an chuid is mó dá shaol i Sasana, gar do Brighton agus ansin i Londain. D’oibrigh sé ina phóirtéir ospidéil, ina altra, ina thaighdeoir polaitíochta agus ina aisteoir, agus ba é an chéad scríbhneoir cónaitheachta de chuid InterAct Stroke Support, tar éis dó comórtas scéalta a raibh Ruth Rendell ina moltóir air a bhuachan.
Bhog sé go Cill Mhantáin lena bhean agus a n-iníonacha trí bliana ó shin. Tá sé ag obair ar bheathaisnéis, agus chuir sé a dhara cnuasach gearrscéalta i gcrích le déanaí, mar aon le leabhar gearrscéalta grinn atá maisithe ag an ealaíontóir Jonny Voss. Foilseofar a chuid saothair an fómhar seo in The Stinging Fly, Southword agus Sonder. www.alanmccormickwriting.wordpress.com.
Maidir le scéal Alan, Fire Starter
“Bhí mé ag fulaingt de dheasca tinneas fadtéarmach ag deireadh na 1980idí agus sna 1990idí. Bhain mé triail as leigheas, agus cé nach raibh creideamh agam, théinn go cúrsa spioradálta Chumann na gCarad anois is arís. Chas mé le fear ciúin ann tráth, a d’inis dom go stuama gur ardaigh sé a lámh chun coill a leagan agus a d’ordaigh tintreach chun na crainn leagtha a chur trí thine. ‘Níor ardaigh ná níor ordaigh, éirigh as an amaidí’ a dúirt a chomhghleacaí ar an gcúrsa. Agus d’fhreagair an fear, ‘Ceart go leor, ní dhearna mé sin’, agus chas sé i mo threo ansin, agus le meangadh gáire ar a aghaidh, dúirt ‘Ach tá a fhios agatsa go ndearna mé sin, nach bhfuil a fhios?’
Uair éigin eile, tar éis a bheith san ospidéal, chríochnaigh mé suas i dteach altranais téarnaimh le linn urú na gréine sa bhliain 1999, imeacht leamh a chuir díomá ar an domhan. Bhí na heispéiris seo i dtaisce i mo chloigeann ar feadh nach mór scór bliain, ach nuair a bhuail an frása ‘Ceapann Theo gur Críost é’ mé, bhí líne tosaigh do scéal agam agus carachtar samhailteach a bhí réidh leis an lasair a chur sa bharrach in áit agus in am a d’aithin mé go maith.”
Antoinette McCarthy
Is scríbhneoir í Antoinette a bhfuil cónaí uirthi i gCill Chainnigh. Rugadh in Oxford í agus bhog sí go Baile Átha Cliath nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois. Tá cúlra aici sa tsíceolaíocht agus i seirbhísí meabhairshláinte don phobal.
Is é seo an dara uair di a bheith ar an ngearrliosta do Chomórtas Gearrscéalta RTÉ in ómós do Francis MacManus. Gearrliostaíodh í freisin don Chomórtas Gearrscéalta Over the Edge agus do Chomórtas Gearrscéalta Oíche Chultúir Lilliput Press. Tá a scéal We Have Probably Missed the Waving foilsithe in eagrán an fhómhair seo de Crannóg Magazine.
Maidir le scéal Antoinette, Fishing For Pike
Dúirt Antoinette: “Ba as an taithí a bhí agam ag obair le daoine óga le linn na paindéime a d’fhás an scéal seo. I saol an lae inniu leis na baoil ar fad atá ann agus atá ag síorathrú, cuireadh béim domsa ar an ngá atá ann go gcoinneoimis go léir ag labhairt le chéile.”
Aingeala Flannery
Is scríbhneoir, iriseoir agus craoltóir í Aingeala Flannery. Gearrliostaíodh a scéal Kamikaze i gComórtas Gearrscéalta RTÉ in ómós do Francis MacManus sa bhliain 2018. Chuir sí MFA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach i gcrích in CÓBAC an bhliain dar gcionn, agus bhronn an Chomhairle Ealaíon Sparántacht Litríochta uirthi in 2020 agus in 2021. D’fhoilsigh Penguin Sandycove a céad úrscéal, The Amusements, i mí an Mheithimh 2022. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath agus is í leas-fhoilsitheoir The Dublin Review. Tá Aingeala ag obair ar a dara úrscéal i láthair na huaire.
Maidir le scéal Aingeala, Scrappage
Dúirt Aingeala: “Baineann Scrappage le cuimhne agus le caillteanas. Tá an-spéis agam i réada atá caite i leataobh, i siopaí carthanachta, i gceantanna agus go mór mór i scipí bruscair. Nuair nár cheannaigh daoine an oiread sin rudaí, nó nuair nach raibh an méid sin ina seilbh acu, bhí scéal ag dul lena gcuid giuirléidí. Tá an reacaire ag glanadh amach teach a thuismitheoirí nach maireann, agus insíonn a scéal trí scipe bruscair a líonadh le hearraí nach dteastaíonn ó aon duine. Nuair atá an jab déanta, aimsíonn sí daingneán sa teach a bhfuil rún teaghlaigh á choinneáil aige, rún nach féidir léi a chaitheamh uaithi…”
Doreen Finn
Is as Baile Átha Cliath do Doreen Finn. Bhí cónaí uirthi i Maidrid agus in Los Angeles roimhe seo, agus anois tá sí ag cur fúithi i mBaile an Teampaill. Tá dhá úrscéal scríofa aici, My Buried Life, a gearrliostaíodh do ghradam Kate O’Brien, agus Night Swimming. Tá a tríú úrscéal, To The End Of Love, ar na bacáin faoi láthair. Is múinteoir í Doreen agus tá beirt leanaí aici. Fuair Doreen sparántacht na Comhairle Ealaíon, agus tá sé i gceist aici í a úsáid chun a ceathrú úrscéal a scríobh, atá suite sa bhliain 1969.
Maidir le scéal Doreen, Strawberry Season
Dúirt Doreen: “D’eascair an scéal seo as comhrá a bhí agam le cara a bhí ag dul ag campáil sa Fhrainc agus madra an teaghlaigh in éineacht leis. Scríobh mé in aon dréacht amháin é ar an lá deiridh le haghaidh iarratais ar an gcomórtas!”
Rachel Hynes
Is as an bPort Nua i gCo. Thiobraid Árann do Rachel Hynes agus tá cónaí uirthi faoin tuath i dTiobraid Árann lena céile agus a hiníon. Oibríonn sí ina múinteoir Béarla i gColáiste Mhuire i nDurlas, Co. Thiobraid Árann. Bhain Rachel PhD amach sa litríocht agus stair éadaí ó Ollscoil Luimnigh sa bhliain 2019. Ba í eagarthóir ceannais The Ogham Stone, iris liteartha Ollscoil Luimnigh, le linn a hama mar iarrthóir PhD. Tá sí ag obair ar úrscéal faoi láthair.
Maidir le scéal Rachel, The Big House of Nora Toad
Is éard a dúirt Rachel: “D’fhás mé aníos ag éisteacht le scéalaí mná a bhain an-sásamh as piseoga agus scéilíní iontacha a insint. Ba gheall le hoidhre Dickens iad leis an mbua a bhí acu a méar a leagan ar charachtair thuath na hÉireann. Tháinig an scéal seo, The Big House of Nora Toad, faoi anáil na dúspéise atá agam i gcúrsaí ama, i dtaibhsí, i mbéaloideas na hÉireann agus i dtaithí saoil na mban. Is ionann an píosa seo, i bpáirt, agus litir ghrá chuig dlúthchara a bhí agam i m’óige.”
Julie Cruickshank
Is as Gaillimh do Julie Cruickshank ó dhúchas, ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath anois, áit a mbíonn sí ag obair freisin. Is é seo a dara huair ar an ngearrliosta do Chomórtas Gearrscéalta RTÉ: bhain sí amach an gearrliosta sa bhliain 2020 freisin, leis an scéal Beneath The Trees, Where Nobody Sees, a léigh Cathy Belton.
Maidir le scéal Julie, The Coast of Africa
Dúirt Julie: “Is ar Loch na Fuaiche, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, atá mo scéal suite. Tírdhreach ársa atá san áit sin: deirtear gur chúngaigh farraige mhór isteach uirthi féin na milliúin blianta ó shin a thug dhá leath d’Éirinn le chéile. Tá an loch agus an ceantar mórthimpeall air galánta, ar bhealach sceirdiúil, agus cé go bhfuil sé iontach suaimhneach, tá rud éigin faoin gciúnas a bhaineann leis an áit atá an-spéisiúil ach a bhainfeadh suaitheadh asat ag an am céanna.”
NA MOLTÓIRÍ
Tá 25 leabhar scríofa ag Éilis Ní Dhuibhne, idir úrscéalta, bailiúcháin gearrscéalta, roinnt leabhar do pháistí, drámaí agus saothair neamhfhicsin. Bíonn sí ag scríobh i nGaeilge agus i mBéarla. Bronnadh gradam PEN na hÉireann uirthi sa bhliain 2015 as an obair mhór atá déanta aici ar son litríocht na hÉireann, agus bronnadh gradam Dhámhachtain na Laoch Hennessy uirthi sa bhliain 2016 as gnóthachtáil saoil. Is comhalta d’Aosdána í, agus Uachtarán ar an gCumann le Béaloideas Éireann.
Oibríonn Ferdia Mac Anna ina úrscéalaí, stiúrthóir scannán, scríbhneoir scripte agus léachtóir. Rinneadh scannán Hollywood dá úrscéal The Last of the High Kings sa bhliain 1996, ina raibh páirt ag Jared Leto, Gabriel Byrne agus Christina Ricci. Eisíodh a scannán lánfhada is deireanaí, Danny Boy, go hidirnáisiúnta i mí Eanáir.
Tá trí úrscéal scríofa ag Lisa McInerney: The Glorious Heresies, The Blood Miracles agus The Rules of Revelation. Tá Duais na mBan d’Fhicsean, Duais Desmond Elliot, Gradam Encore RSL agus gradam Premio Edoardo Kihlgren do litríocht na hEorpa buaite aici. Tá saothar Lisa le léamh nó le cloisteáil in Winter Papers, The Stinging Fly, Granta, The Guardian, Le Monde, The Irish Times, ar BBC Radio 4 agus i mbailiúcháin éagsúla. Tá a cuid oibre foilsithe in 11 teanga.