OÍCHE CHULTÚIR Á CEILIÚRADH AR RTÉ – BEO AG LOCH NA BUARAÍ
7pm, ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, Dé hAoine an 23 Meán Fómhair
Á cur i láthair ag RTÉ i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon
Beidh an láithreoir Annie MacManus ag cur oíche speisialta i láthair ar Oíche Chultúir na bliana seo, oíche lán de cheol, amharclannaíocht, damhsa agus filíocht ó bhéal, beo ó bhruach Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí. Cuirfidh RTÉ, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, an ceiliúradh seo ar phortaigh ar leith na hÉireann i láthair ar Oíche Chultúir.
Beidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ i mbun ceol beo ó Pháirc Thaiscéalaíochta Bhord na Mona ag Loch na Buaraí agus ar stáitse léi i gcaitheamh an tráthnóna beidh raon ceoltóirí agus amhránaithe, lena n-áirítear na healaíontóirí áitiúla agus cairde Tolü Makay agus Felispeaks atá tagtha le chéile chun ceiliúradh ar leith a dhéanamh ar a n-oidhreacht i gcomhar in éineacht le cóir Music Generation Uíbh Fhailí/na hIarmhí; beidh Elaine Mai í féin páirteach, amhránaí is scríbhneoir agus duine de mhór-léiritheoirí ceoil leictreonaigh na hÉireann, ina teannta beidh MayKay, Loah, Sinead White agus Ailbhe Reddy den chéad uair riamh le chéile ar an teilifís; beidh neart ceoil ag Martin Hayes freisin a líonfaidh an t-ionad seo i Loch na Buaraí lena leagan ar leith féin de phoirt thraidisiúnta agus beidh an t-amhránaí is scríbhneoir as Corcaigh, Jack O’Rourke, ag canadh ‘Harvest Moon’ le Neil Young fad a bheidh an ghrian ag dul faoi, amhrán a scríobhadh 30 bliain ó shin.
Beidh Susan O’Neill linn ó chósta an Iarthair, le reacaireacht Oíche Chultúir ó Abhantrach an Chladaigh i nGaillimh agus beidh Damien Dempsey ag canadh Peat Bog Soldiers ar an láthair ag Páirc Thaiscéalaíochta Loch na Buaraí – amhrán agóide agus siombal ar an bhfrithbheartaíocht atá anois mar aintiún do chách in aghaidh na cogaíochta, amhrán a bhfuil an oiread sin tóir air de bharr Pete Seeger agus Luke Kelly s’againne féin. Cuirfidh Damien a chroí agus a anam ina leagan féin den amhrán seo ar son na síochána.
Cuirfear taispeántas de shaothar damhsa a coimisiúnaíodh go speisialta ar stáitse de chéad uair ag Páirc Thaiscéalaíochta Loch na Buara freisin: ‘It’s All up in the Air on Bogland’ le Rhona Byrne i gcomhar le Laura Murphy fad a bheidh Fíbín Sa Taibhdhearc ag Abhantrach an Chladaigh i nGaillimh ag cur a mionopera osréalach aorach, ‘Raic’, le Philip Doherty ar stáitse den chéad uair riamh – scéal a chuirfeadh fainic ort, scéal nach bhfuilimid réidh le héisteacht leis fós, seans.
Caithfear súil ar an méid a bheidh ar bun ar fud na tíre d’Oíche Chultúir – tabharfaidh Jessie Buckley cuairt ar an ealaíontóir Pat Curran agus Iontaobhas Pobail Matt Talbot i mBaile Formaid, áit a mbeidh sé ag fáil faoi réir dá Thaispeántas d’Oíche Chultúir; tabharfaidh Eamon O’Malley ar thuras ceoil bheo agus oidhreachta muid trí shráideanna agus lánaí Chluain Meala, áit a dtiocfaidh an Clonmel Song Cycle le chéile le pearsana stairiúla áitiúla; beidh Colm Tóibín ag tabhairt aghaidh ar Stáisiún Heuston chun léargas a fháil ar an Scéim Bronnta Leabhar, Léamh Mór na Comhairle Ealaíon agus rachfar beo go Duga Spencer, áit a mbeidh Evelyn O’Rourke chun léargas a thabhairt ar an atmaisféar sa bPríomhchathair ar Oíche Chultúir.
Is éard a dúirt Ann-Marie Power, Grúpcheannasaí Ealaíon & Cultúir, RTÉ: Tá ríméad orainn go mbeidh cuma nua ar rannpháirtíocht RTÉ in Oíche Chultúir na bliana seo, a mbeidh seó bríomhar ar RTÉ One mar chuid di, seó a bheidh beo ó Loch na Buaraí i gceartlár na tíre. Beidh neart daoine cumasacha páirteach sa seó, iad i mbun taibhithe le Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus tá bealach aimsithe againn chun léargas a thabhairt ar an méid a bheidh ag tarlú ar Oíche Chultúir in áiteanna eile ar fud na tíre. Is é seo saothar RTÉ chun cur le hOíche Chultúir ‘bheo’ agus tá an chosúlacht ar an scéal gur “Oíche do Chách” cinnte a bheidh inti, mar atá geallta.”
Is éard a dúirt Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly: “Tá ár gcomhpháirtíocht le RTÉ an-tábhachtach. Tabharfaidh sí deis do dhaoine atá sa bhaile, daoine nach féidir leo a bheith amuigh, a bheith páirteach in ealaín agus i gcultúr domhain agus flúirseach na hÉireann sa lá atá inniu ann. Is iontach go mbeidh an seó á chraoladh beo ó Loch na Buaraí in Uíbh Fhailí, ina bhfuil Páirc Dealbh iontach; tá an-oíche amach is amach i ndán don lucht féachana agus éisteachta áitiúla agus náisiúnta.”
Is éard a dúirt Ger Breen, Ceann Tailte agus Gnáthóga, Bord na Móna: “Tá Bord na Móna dírithe ar réitigh a bhaint amach ar son na haeráide agus is ionann Loch na Buaraí agus sárthaispeántas ar an méid ar mhaith linn a bhaint amach i dtaobh athshlánú phortaigh Bhord na Móna ar mhaithe leis na glúnta amach anseo. Tá ríméad orainn áilleacht Loch na Buaraí a chur os comhair an lucht féachana agus éisteachta náisiúnta, fad a ndéanaimid ceiliúradh ar thallanna Cheolfhoireann Coirme RTÉ agus an iomaí taibheoir a ghlacfaidh páirt in Oíche Chultúir.”