The War at Home – clár faisnéise a thabharfadh muinín duit ina dtabharfar léargas ar thaithí mhuintir na hÚcráine in Éirinn.
Roinnfear scéalta ar leith na ndaoine atá ag troid an Chogaidh san Úcráin as Éirinn sa chlár faisnéise The War at Home ar RTÉ One.
Clár faisnéise teilifíse nua is ea The War at Home, ina dtabharfar léargas ar an gcaoi ar thug muintir na hÉireann aghaidh ar an ngéarchéim san Úcráin, clár atá le craoladh ar RTÉ One agus an RTÉ Player, Dé Luain an 19 Meán Fómhair ag 9.35pm. Tabharfar daonléargas sa chlár faisnéise tochtmhar agus spreagúil seo ar thaithí phearsanta na ndaoine a cuireadh as seilbh, ar fhlaithiúlacht leanúnach mhuintir na hÉireann agus ar na dúshláin atá fós romhainn amach. Tabharfar léargas freisin sa chlár ar thaithí mhuintir na hÚcráine ar cuireadh iallach orthu a n-aghaidh a thabhairt ar Éirinn, fad a mbeidh orthusan agus an pobal Úcránach a bhí in Éirinn cheana féachaint ar an méid atá ag titim amach ina mbaile dúchais agus iad tuairim is 3,000km ó bhaile.
Rianófar an tréimhse shuaite seo sa chlár faisnéise ón nóiméad a tharla an t-ionradh i mí Feabhra go dtí an ghéarchéim leanúnach agus breis is 40,000 teifeach tagtha go hÉirinn. Roinnfidh naonúr ón Úcráin agus as Éirinn a scéalta agus a dtaithí ar leith féin linn.
I measc na ndaoine a bheidh faoi agallamh tá Grace Kennedy, teagascóir dlí in Ollscoil na Gaillimhe, a d’fhág an post a bhí aici nuair a thosaigh an cogadh agus a bhfuil breis is €70,000 bailithe aici agus a bhfuil cabhair, taisteal agus tacaíocht eagraithe aici. Tá breis is 5,000 de mhuintir na hÚcráine tugtha go hÉirinn go slán sábháilte aici. Roinnfidh roinnt de na teifigh ar chuidigh Grace leo Éire a bhaint amach a gcuid taithí freisin, faoi theacht go hÉirinn agus faoi bheith ag cur fúthu ina mbailte nua in Éirinn.
Roinnfidh Luba Healy a scéal féin, bean as an Úcráin atá ag cur fúithi i mBaile Átha Troim agus a thiomáin breis is 3,000km ó chontae na Mí go dtí an Úcráin i ndiaidh di a chur ina luí ar a seanmháthair atá 99 mbliain d’aois agus a máthair atá 70 bliain d’aois an tír atá scriosta ag cogadh a fhágáil.
Cuirfidh Anatoliy Prymakov, fear Úcránach-Éireannach, síos ar an gcaoi ar chuir sé stop lena ghnáthshaol chun an tIonad Géarchéime do Mhuintir na hÚcráine a rith agus d’éirigh Rose Marie Hayden, oibrí deonach as Cill Dara, as an bpost a bhí aici ina dlíodóir chun obair dheonach a dhéanamh le Cumann Croise Deirge na hÉireann in Ollscoil Mhá Nuad, áit a bhfuiltear ag tabhairt tearmainn do mhuintir na hÚcráine.
Labhróidh Anton Krasun, fear as an Úcráin atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath, faoin ról a bhí aige sa tionscnamh ‘Call Russia’ a fhorbairt, feachtas idirnáisiúnta a impíonn ar dhaoine a labhraíonn Rúisise cuidiú leo leagan Putin den scéal a athrú trí mhangaireacht fóin a dhéanamh chun eolas a thabhairt don 40 milliún duine atá sa Rúis faoin gcogadh san Úcráin.
Craolfar The War at Home Dé Luain an 19 Meán Fómhair ag 9.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.