Clúdach RTÉ ar Shochraid Bhanríon Eilís II na Breataine
Craolfar clúdach beo ar RTÉ ar an teilifís agus ar líne ar shochraid Bhanríon Eilís II na Breataine a bheidh ar siúl Dé Luain an 19 Meán Fómhair 2022.
Ag tosú ag 10.30am ar RTÉ One agus RTE Player, cuirfidh Ray Kennedy clár speisialta i láthair ina mbeidh clúdach ar shochraid an stáit ó Mhainistir Westminster, Londain. Cuirfidh Kate Egan tráchtaireacht ar an searmanas ar fáil.
Tá ceannairí stáit agus ceannairí idirnáisiúnta le freastal ar an tsochraid, ina measc Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn, agus an Taoiseach Micheál Martin.
Craolfar clúdach níos leithne ar imeachtaí i rith an lae ar chainéal RTÉ News.