CARR LE BUACHAN AR RTÉ 2FM AR MHAITHE LE CHILDLINE I gCOMHAR LE KEARYS MOTOR GROUP
Seol DaciaDuster le téacs chuig 50300 chun €4 a thabhairt do Childline
Tá RTÉ 2FM i gcomhar le Kearys Motor Group ag tabhairt deis d’éisteoir amháin carr a bhuachan ar mhaithe le Childline. Cuireadh tús leis an gcomórtas ar 2FM Breakfast le Doireann, Donnacha agus Carl maidin inniu agus tá na línte téacsanna oscailte anois. Beidh deis ag duine den lucht éisteachta carr a bhuachan agus airgead a thabhairt ag an am céanna chun cuidiú le leanaí ar fud na hÉireann. Beidh na línte téacsanna oscailte ar feadh coicíse agus beidh an comórtas á reáchtáil ar fud sceideal 2FM go dtí go bhfógrófar an buaiteoir ar Drive It With The 2 Johnnies Dé hAoine an 30 Meán Fómhair. Is féidir cur isteach ar an gcomórtas trí DaciaDuster a sheoladh le téacs chuig 50300.
Tá 2FM ag obair i gcomhar le Kearys Motor Group chun cistí a bhfuil géarghá leo a bhailiú do Childline. Faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair, beidh freagra tugtha ag Childline ar theagmháil a bheidh déanta ag 115,000 leanbh ar fud na hÉireann leo. Ar an meán, tugann Childline freagra ar 2,200 teagmháil sa tseachtain nó breis is 300 teagmháil in aghaidh an lae. Is imní, dúlagar agus lagmhisneach na príomhábhair a labhraíonn leanaí fúthu lena gcomhairleoirí gach lá. Is bunábhar imní é seo agus is fadhb é atá ag méadú i measc leanaí agus gan mórán acmhainní ar fáil dóibh lasmuigh de sheirbhísí Childline, agus is é sin ceann de na bunchúiseanna a bhfuil Childline chomh tábhachtach sin. Tá Childline oscailte 24 uair an chloig sa lá, 365 lá sa bhliain. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Childline trí ghlaoch a chur ar 1800 666 666 nó téacs a sheoladh chuig 50101.
Is éard a dúirt Caroline Downey, Uachtarán Childline: “Ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl do Kearys Motors as a bhflaithiúlacht ollmhór an Dacia Duster seo a thabhairt dúinn le cur ar raifil chun cistí a bhailiú do Childline agus ár mbuíochas a chur in iúl do 2FM freisin as a dtacaíocht den scoth. Tá maoiniú €12,000 in aghaidh an lae ag teastáil ó Childline chun an tseirbhís ghutháin / téacsanna /agus comhrá a choinneáil ar bun 24 uair an chloig sa lá.”
Is éard a dúirt Ceann RTÉ 2FM agus Straitéise Raidió, Dan Healy: “Tá ríméad ar 2FM leanúint leis an mbaint leanúnach a bhíonn aige le Childline, a bhfuil gach uile cúnamh ag teastáil uaidh le go mbeidh sé ar fáil ar feadh na bliana. Is iad Kearys Motors a chuir an duais den scoth seo ar fáil dúinn. Déanfaidh cláracha s’againne an méid is féidir chun an ócáid tiomsaithe airgid seo a chur chun cinn.”