Cuan an Cheoil le Liam Ó Maonlaí ar ais ar RTÉ RnaG
Cuirfear tús le sraith nua den chlár Cuan an Cheoil Déardaoin 22 Meán Fómhair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chuid de Sceideal an Fhómhair ar an stáisiún.
Is é Liam Ó Maonlaí a chuirfidh an tsraith i láthair, agus is liosta le háireamh na haíonna ceolmhara a bheas ina chuideachta gach seachtain chun píosa comhrá a dhéanamh agus chun ceol a chasadh leis – Aoife Ní Bhriain; Cormac Begley & Eoin Ó Beaglaoich; Nollaig & Mairéad Casey; Charlie & Éilís Lennon; Nell Ní Chróinín; Eoghan Ó Ceannabháin & Saileog Ní Cheannabháin; Edel Fox & Caoimhín Ó Fearghail; Muitir Uí Chasaide – Odhrán, Seathrún & Sibéal Ní Chasaide; Caitlín Nic Gabhann & Antóin Mac Gabhann agus Paddy Glackin & Dónal Lunny.
Ba i Stiúideo Cuan sa Spidéal a taifeadadh an tsraith seo, ionad nua ealaíon agus ceoil ag breathnú amach ar Chuan na Gaillimhe. Chuir an t-ionad go mór leis an atmaisféar machnamhach, teolaí atá sna cláracha, agus an oscailteacht, dá réir sin, atá le brath sna comhráití idir Liam agus na haíonna.
Deir Liam: “Fuair mé an-spreagadh ó chomhluadar na gceoltóirí sa tsraith seo, agus bhí gach uile clár éagsúil ón gceann a chuaigh roimhe mar gheall ar na daoine a bhí i gceist. Tá aithne agam ar go leor de na ceoltóirí seo, agus feiceann muid a chéile in aerfoirt agus ag coirmeacha ceoil, agus deir muid go minic go mbeadh sé go deas suí síos tamaillín le chéile uair éigin … agus thug Cuan an Cheoil an deis sin dúinn – suí síos agus a bheith ag comhrá lena chéile agus ag casadh ceoil le chéile. Bhain mé an-sásamh as.”
Deir an Léiritheoir Sraithe Darach Mac Con Iomaire: “Is í an fhís a bhí agam don tsraith seo, ardán nua a chruthú d’ealaíontóirí na tíre seo nascadh le pobal níos leithne. Bhí sé iontach a bheith ag obair le plúr na gceoltóirí agus iad i gcuideachta an maestro, Liam Ó Maonlaí, agus iad ag tomadh i ndomhan an cheoil le chéile. Cuirfidh na físeáin áille go mór le taithí an éisteora, agus tá Stiúideo Cuan thar a bheith buíoch don tacaíocht leanúnach atá á fháil againn ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an BAI.”
Is í an fidléir Aoife Ní Bhriain a bheas le cloisteáil sa chéad chlár sa tsraith ar 22 Meán Fómhair. Is as Baile Átha Cliath d’Aoife ó dhúchas, agus tógadh i dteaghlach ceolmhar í. Tá an iliomad duaiseanna buaite aici sa cheol traidisiúnta agus sa cheol clasaiceach, agus d’oibrigh sé le go leor ceoltóirí a bhfuil a n-ainm in airde, leithéidí Eliso Virsaladze, Martin Hayes, Catrin Finch, Wolfgang Muthspiel agus an t-aisteoir Tim Robbins. Tá sí ina ball den chúigréad Wooden Elephant, agus den Goodman Trio.”
Beidh Cuan an Cheoil le cloisteáil gach Déardaoin ag 7 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus beidh na físeáin le feiceáil ar chuntais Youtube agus Facebook Raidió na Gaeltachta, agus ar rte.ie/gaeilge agus rte.ie/culture.
Is léiriú de chuid Stiúideo Cuan atá sa tsraith seo, maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an gceadúnas teilifíse.