Monday Night Live – Sraith Nua Ocht gClár Seolta ag RTÉ
Láithreoirí David McCullagh, Louise Byrne, Mark Coughlan agus Sharon Tobin
Ón 3 Deireadh Fómhair ag 10.35pm ar RTÉ One cuirfear tús le craoladh Monday Night Live – sraith painéil cúrsaí reatha úr nua ocht gclár.
Leis an seó cainte painéil nua seo, caithfear uair an chloig ag déanamh plé ar mhórcheist a bhfuil tionchar aici ar shaol daoine ar fud na tíre. Beidh painéal de cheathrar i dteannta láithreora gach seachtain sa stiúideo agus beidh aíonna speisialta eile páirteach sa phlé beo freisin.
Is iad na hiriseoirí David McCullagh, Sharon Tobin, Louise Byrne agus Mark Coughlan a chuirfidh an tsraith i láthair, gach duine acu ag cur dhá chlár an duine i láthair.
Pléifear na mórcheisteanna a bhfuil tionchar acu ar dhaoine sa tsraith ocht gclár seo a bheidh ar siúl san fhómhar, an ganntanas tithíochta, seirbhísí cúraim leanaí agus athrú aeráide ina measc.
Sa chéad chlár, a chuirfidh David McCullagh i láthair, déanfar an tionchar atá ag géarchéim an chostais maireachtála ar dhaoine ar fud na tíre a phlé agus na dúshláin a mbíonn ar dhaoine aghaidh a thabhairt orthu gach lá agus go leor acu ag streachailt teacht slán. Ó mhórbhoilsciú bia go dtí praghsanna fuinnimh atá ag méadú as cuimse, cloisfimid faoin rogha a bheidh le déanamh ag go leor an fómhar seo idir bia nó teas. Labhróidh David le polaiteoirí sa Rialtas agus san Fhreasúra, chomh maith le húinéirí gnó, eacnamaithe, pearsaí sa tionscal agus uathu sin is mó a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim orthu agus gheobhaidh amach faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith aici agus míonna an gheimhridh ag teannadh linn.
Is éard a dúirt Paul Maguire, Eagarthóir Bainistithe Eatramhach, Cúrsaí Reatha Theilifís RTÉ: “Tabharfaidh an tsraith Monday Night Live deis do dhaoine dul go domhain sna fadhbanna a bhfuil tionchar acu ar shaol laethúil daoine an fómhar agus geimhreadh seo. Cuirfidh gach clár uair an chloig am agus spás ar fáil chun na daoine sin atá i gcumhacht agus na daone sin a bhfuil tionchar díreach ag an bhfadhb orthu a thabhairt le chéile chun an t-ábhar sin a phlé. Chomh maith le húdar agus tionchar na faidhbe a scrúdú, cloisfimid ó shaineolaithe agus fiosróimid réitigh fhéideartha.”
Is éard a bhí le rá ag an gcraoltóir David McCullagh sular craoladh an chéad chlár de Monday Night Live: “Tá a fhios agam go bhfuil an oiread daoine faoi bhrú ag tionchar an chostais maireachtála atá ag ardú go tréan gach lá, is ceann de na hábhair é a labhraíonn daoine faoi ar dtús. Táimid chun féachaint go domhain ar fhadhb ar an gclár nua atá againn, cloisfimid ó roinnt daoine a bhfuil tionchar ag an bhfadhb sin orthu agus breathnóimid ar na réitigh a d’fhéadfadh cabhrú leo.”
Féach ar Monday Night Live, ag tosú Dé Luain an 3 Deireadh Fómhair ag 10.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
NÓTAÍ
Sraith ocht gclár é Monday Night Live a chraolfar ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player idir an 3 Deireadh Fómhair agus an 30 Samhain 2022.
Seolfar sraith úr nua cúrsaí reatha leanúnach Teilifíse a mbeidh lucht spéise beo sa stiúideo in Eanáir 2023 le teacht in áit Claire Byrne Live. Fógrófar tuilleadh sonraí ina leith sin in am trátha.