Clúdach RTÉ ar Bhuiséad 2023
Cuirfidh RTÉ clúdach cuimsitheach ar fáil ar Bhuiséad 2023 Dé Máirt an 27 Meán Fómhair, clúdach a mbeidh tuairisciú agus anailís fhairsing mar chuid de ar fud na seirbhísí teilifíse, raidió agus ar líne.
Cuirfidh RTE.ie/news agus Aip RTÉ News clúdach cuimsitheach ar fáil ar Bhuiséad 2023 ó thús na maidine trí bhlag beo chun súil a choinneáil ar an eolas is déanaí chun cuidiú leis an lucht féachana ciall a bhaint as an méid atá i ndán dóibh sa bhuiséad ríthábhachtach costais maireachtála. Is féidir le lucht leanúna ardáin meán sóisialta RTÉ ceisteanna buiséid a chur isteach freisin le freagairt ag saineolaithe airgeadais i mblag beo Ceisteanna & Freagraí, agus cuirfear scéal an bhuiséid in iúl i 90 soicind i bhfíseán mínithe RTÉ atá inroinnte.
Cuirfear tús leis an gclúdach teilifíse ar Bhuiséad 2023 ar RTÉ One ag 12.40pm nuair a bheidh David McCullagh agus Vivienne Traynor ag cur clúdach agus anailís bheo i láthair ar aitheasc an Bhuiséid ar fud an tráthnóna. Craolfar tuairimí ó pholaiteoirí, ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí ionadaíocha ar fud na tíre trí líonra stiúideonna réigiúnacha RTÉ. Gheobhaidh Eileen Whelan na tuairimí is déanaí ó ghrúpaí éagsúla leasmhara agus roinnfidh daoine den phobal i bPort Láirge agus Cúil an tSúdaire a ndearcthaí féin. Craolfar clúdach beo d’imeachtaí as Dáil Éireann le linn an lae lena n-áirítear freagraí ón bhfreasúra ar chainéal RTÉ News ón 1.00pm ar aghaidh.
Craolfar clúdach beo d’aithisc an bhuiséid ar chlár speisialta níos faide de News at One with Bryan Dobson, a thosóidh ag 12.45pm agus a bheidh ar siúl go dtí 3.30pm. Beidh aitheasc an Aire Airgeadais, Paschal Donohoe, agus aitheasc an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, á gcraoladh ar an gclár. Beidh an méid a bheidh le rá ag an bhfreasúra ar an gclár chomh maith le tuairimí agus anailís láithreach.
Tabhair cluas do Chormac Ó hEadhra ar chlár speisialta buiséid de Drivetime ón 4.30pm, ar a mbeidh tuilleadh tuairimí, díospóireachta agus anailíse agus níos déanaí bí i dteannta Katie Hannon ar an gclár Late Debate ón 10pm.
Beidh clúdach an bhuiséid ar fáil sa chlár, Lá na Cáinaisnéise, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón 1.30pm beo ó Theach Laighean. Beidh Ciarán Ó Feinneadha, sainchomhairleoir cánach, Conall Ó Móráin, saineolaí airgeadais, Áine Ní Chiaráin, iriseoir agus Eoin Ó Catháin, Tuairisceoir Polaitíochta RTÉ RnaG i measc lucht an phainéil. Déanfaidh siad anailís ar na himpleachtaí agus ar na drochthorthaí polaitíochta ar dóigh a thiocfaidh as na cinntí a fhógrófar agus cloisfimid tuairimí na n-ionadaithe poiblí ó ar fud an speictrim polaitíochta freisin. Leanfar leis an anailís ón 5pm ar an gclár, Tús Áite, a bheidh á chur i láthair ag Fachtna Ó Drisceoil beo ó Theach Laighean. Beidh Ciarán Mac an Bhaird, Ceann Fiontair agus Scoil na Gaeilge in DCU, agus Frank Allen, Comhairleoir Bonneagair agus Cathaoirleach na Gníomhaireachta Airgeadais do Thithe i measc lucht an phainéil, agus beidh ionadaithe an rialtais agus an fhreasúra ina dteannta freisin chun díospóireacht anamúil a dhéanamh ar fhógraí an lae.
Cuirfear clúdach cuimsitheach ar líne, an nuacht is déanaí agus anailís ar fáil ar RTÉ.ie agus ar an Aip RTÉ News agus áireofar sonraí iomlán Buiséid chomh maith le tuairimí i mBéarla agus i nGaeilge. Déanfar gach forbairt ar an lá mór seo a rianú ar rianaire nuachta RTÉ do gach líon tí agus gnó in Éirinn. Beidh sruthanna beo ar fáil de chlúdach teilifíse agus raidió RTÉ d’úsáideoirí ar fud an domhain tríd an RTÉ Player agus an RTÉ Radio Player.
Craolfaidh Nuacht dhá chlár speisialta uair an chloig do TG4 ar lá an bhuiséid. Cuirfear tús leis an gclár, Buiséad 2023 ar TG4 ag 2pm ar a mbeidh painéal d’aíonna sa stiúideo agus ó chian i mbun mionscrúdaithe agus anailíse ar na bearta de réir mar a fhógrófar iad. Beidh an dara clár ar siúl ag 7pm ar a ndéanfar mionscrúdú níos déine ar impleachtaí an bhuiséid ar réimse grúpaí éagsúla. Is iad Eimear Ní Chonaola agus Beirní Ní Chuinn a chuirfidh an dá chlár i láthair.
Beidh achoimre iomlán ar an mBuiséd freisin ar Nuacht RTÉ le TG4 ar an bhfeasachán ag 5.40pm ar RTÉ One.
Cuirfear léargas cuimsitheach ar an mBuiséad ar fáil ar chlár níos faide de Six One News, agus beidh agallaimh agus anailís bheo ó chomhfhreagraithe RTÉ chomh maith le tuairimí ó pholaiteoirí. Beidh clúdach breise ar bhearta an bhuiséid ar fáil níos déanaí sa tráthnóna mar aon le tuairimí i leith na mbearta sin ar Nine O’Clock News le Sharon Ní Bheoláin agus ina dhiaidh sin beidh clár uair an chloig Prime Time Budget Special ar siúl ag 9.40pm arna chur i láthair ag Miriam O’Callaghan agus Sarah McInerney agus ar an gclár beidh an chéad díospóireacht ar siúl ina mbeidh an tAire Airgeadais agus Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin ag tabhairt aghaidh ar a chéile os comhair lucht féachana beo sa stiúideo. Déanfar anailís agus tabharfar míniú ar an tionchar a bheidh ag Buiséad 2023 ar oibrithe, teaghlaigh, gnólachtaí agus daoine leochaileacha in Éirinn trí úsáid a bhaint as cásanna ón bhfíorshaol.
An mhaidin i ndiaidh an Bhuiséid, beidh an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe, agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath, i dteannta Claire Byrne sa stiúideo don eagrán bliantúil glaoigh isteach speisialta don bhuiséad. Mar a bhíonn i gcónaí, tabharfar cuireadh don lucht éisteachta glaoch ar an gclár, Today with Claire Byrne chun labhairt go díreach leis na hAirí agus a gceisteanna féin a chur orthu faoina nithe atá ina gcúiseanna imní acu mar thoradh ar Bhuiséad 2023.