TODAY AG FILLEADH AR RTÉ ONE DON 11ú SÉASÚR
Tá Today, an clár iarnóna is mó ratha agus is faide atá ar siúl in Éirinn, ag filleadh ar RTÉ One don 11ú séasúr Dé Luain, an 26 Meán Fómhair. Beidh Maura Derrane, Dáithí Ó Sé agus Sinead Kennedy ar ais linn chun tús spreagúil a chur leis na hiarnónta tráth a bhfuil tráthnónta an Fhómhair ag dul i ngiorracht. Is iad Dáithí agus Sinead a bheidh sa stiúideo gach Luan agus Máirt, agus is í Maura a bheidh i dteannta Dáithí ón gCéadaoin go dtí an Aoine gach seachtain.
Leanfar leis an meascán ilchineálach de chúrsaí bia, faisin agus siamsaíochta an séasúr seo den chlár, atá ar siúl le breis is deich mbliana anuas anois. Beidh scoth na comhairle ar fáil ó shaineolaithe ar an uile ábhar, idir bhrionglóidí agus DIY, le hoidis iontacha ó roinnt de na cócairí is fearr sa tír. Beidh na réaltaí móra istigh sa stiúideo agus coinneoidh an painéal nuachta an lucht féachana ar an eolas maidir leis na ceannlínte is déanaí agus le cuid de na gnóthaí aisteacha agus iontacha atá ag tarlú sa tír seo agus thar lear.
Bíonn muintir na hÉireann an-mhórtasach as a dteach agus beidh béim nua ar dhearadh tí an séasúr seo sa mhír Our House. Is mian le Maura, Dáithí agus Sinead scéala a fháil ó dhaoine a bhfuil tionscadal deartha tí curtha i gcrích acu nó a bhfuil réad neamhghnách tugtha abhaile acu le déanaí. Céard iad na cora a bhain leis? Cén t-ábhar inspioráide a bhí i gceist? Cén crá croí a bhain leis? An raibh píosa speisialta amháin ar leith a tharraing le chéile an áit ar fad?
Beifear ag cur cuma na maitheasa ar dhaoine istigh sa stiúideo arís freisin, mír a mbíonn an-tóir uirthi i gcónaí. Beidh Pam Morrissey agus Mark Rogers ag tabhairt ceannaireacht ar scothfhoireann stíleálaithe, dearthóirí agus ealaíontóirí, a bheidh ar fuireachas chun eispéireas áilliúcháin nach bhfaigheann duine ach uair sa saol a thabhairt do lucht féachana Today, a bhfuil sé tuillte go maith acu. Má tá aithne acu ar dhuine a bhfuil an t-eispéireas áilliúcháin iontach seo tuillte acu – déan teagmháil linn.
Ag labhairt di faoi fhilleadh an chláir Dé Luain, dúirt Maura Derrane: “Tá mé ag súil go mór mór le séasúr 11 de Today. Is mór an éacht é don seó agus don fhoireann ar fad a bhíonn ag obair air. Táimid an tnúth le bliain iontach eile, a mbeidh rannpháirteachas an lucht féachana agus neart spraoi mar chuid de, mar is iondúil.”
Beidh tráth na gceist 50/50, a bhfuil gean mór air, ar ais arís, ach le gnéithe nach bhfuil aon choinne leo ag baint leis an uair seo. Beidh comórtais úrnua agus go leor féiríní i bhfoirm airgead tirim i gceist freisin.
Beidh James Patrice ag filleadh ar an seó freisin, agus é ag taistil fud fad na tíre agus níos faide i gcéin chun scéalta as na ceithre hairde a chur inár láthair. Coinneoidh Bláthnaid Treacy ar an eolas muid faoi na treochtaí faisin is déanaí a bhfuil ann.
Dúirt Sinead Kennedy: “Tá ríméad orm a bheith ar ais i stiúideo RTÉ i gCorcaigh. Táimid go léir ag súil go mór leis an séasúr atá romhainn agus le cloisteáil ón lucht féachana. Beidh sé ar fheabhas a bheith ag bualadh le haíonna nua sa stiúideo agus le daoine a bhfuil seanaithne againn orthu freisin.”
Tá Club Leabhar Today ar bun anois. Le breis is 10 míle leantóir, caithfidh go bhfuil sé ar cheann de na clubanna leabhar is mó sa tír. Is féidir na heisiúintí is déanaí a phlé, mar aon leis na leabhair mhóra a mbíonn léitheoirí ag filleadh orthu arís agus arís eile.
Is éard a dúirt Dáithí Ó Sé: “Tá mé ag tnúth go mór le dul ar ais isteach sa stiúideo i mbliana agus é a bheith beagáinín níos normálta arís. Táimid ag iarraidh an spórt agus an spraoi a chur sna hiarnónta arís, agus is cuid iontach de sin é Today.”
Tá foireann Today ag iarraidh fáil amach faoin méid atá ag tarlú i saol an lucht féachána. Déan teagmháil linn! Roinn scéalta faoi do thionscadal deartha tí. Is féidir linn ardán a thabhairt do thionscadail a bhaineann le hobair chrua agus do thionscadail paisin ar an gclár. An bhfuil cumas faoi cheilt ionat, nó séad fine luachmhar san áiléar agat? Seol ríomhphost chugainn ar today@rte.ie
Beidh Today ag filleadh ar RTÉ One don 11ú Séasúr Dé Luain an 26 Meán Fómhair. Bí ag féachaint gach iarnóin i rith na seachtaine ag 3.30pm.