Tá sé fógartha ag RTÉ go bhfuil cearta craolta faighte* ag RTÉ ar roinnt cluichí i gCorn Curadh Heineken, don chéad dá shéasúr amach romhainn, lena n-áirítear cearta craoltóireachta don chluiche ceannais i mBaile Átha Cliath i mí Bealtaine seo chugainn. Leis an gcomhaontas seo cuirfidh RTÉ clúdach saor go haer ar fáil ar 8 cluiche in aghaidh an tseasúir i gcaitheamh na tréimhse 2022-2024.
Tá sé deimhnithe ag RTÉ go gcraolfaidh sé na cluichí seo a leanas beo agus saor go haer ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player in 2022/2023:
• Dé Domhnaigh an 11 Nollaig – Babhta a hAon, Tús na hImeartha 1515: Mumha v Stade Toulousain
• Dé hAoine an 16 Nollaig – Babhta a Dó, Tús na hImeartha 2000: Laighin v Gloucester Rugby
• Dé Sathairn an 14 Eanáir – Babhta a Trí, Tús na hImeartha 1515: Mumha v Northampton Saints
• Dé Sathairn an 21 Eanáir – Babhta a Ceathair, Tús na hImeartha 1515: Laighin v Racing 92.
Craolfaidh RTÉ clúdach beo ar aon chluiche amháin as gach aon bhabhta ina dhiaidh sin, go dtí an chluiche ceannais agus an cluiche sin san áireamh, a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn an 20 Bealtaine 2023.
Dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ Declan McBennet: “Is comórtas é Corn Curadh Heineken a bhfuil an-ghean ag daoine air agus a bhfuil lucht leanúna mór aige ar fud na tíre. Cuireann an comhaontú seo ar chumas RTÉ clúdach beo saor go haer a chur ar fáil don chéad dá shéasúr amach romhainn agus a bheith mar óstchraoltóir ar chluiche ceannais an tséasúir seo, a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Bealtaine”.
Leanfaidh RTÉ de chlúdach de Chorn Curadh Heineken a chur ar fáil ar RTÉ Radio 1.
*Baineann na cearta craolta le Poblacht na hÉireann.