Cláir nua á dtabhairt isteach ag RTÉ Lyric FM lena n-áirítear cláir ó Sheán Rocks agus ó Aedín Gormley agus an clár The Lyric Feature ag teacht ar ais.
Mí iontach a bheidh ann i mí Dheireadh Fómhair ar RTÉ Lyric FM ina gcuirfear fáilte roimh chláir nua ar fud an sceidil, lena n-áirítear an clár The Lyric Feature a bheidh ag teacht ar ais, agus leanfar leis an gceiliúradh ar Mhí Stair na nDaoine Dubha – óid atá scríofa faoin oidhreacht den scoth atá ag cumadóirí, stiúrthóirí agus taibheoirí dubha de réir mar a insíonn muid a scéalta.
Chuir Seán Rocks ón gclár Arena tús lena chlár nua ar RTÉ Lyric FM, Seán Rocks on Sunday, clár ina gcuirtear trí uair an chloig de cheol spéisiúil i láthair do na héisteoirí; idir cheol barócach agus cheol rómánsach, lena n-áirítear ceol tíre agus ceol comhaimseartha.
“Tá súil agam an réimse leathan ceoil a raibh mé ag éisteacht leis a roinnt libh tráthnónta Dé Domhnaigh, coinneoidh mé ar an eolas sibh faoin amharclannaíocht, ceolchoirmeacha, leabhair, scannáin agus cláracha teilifíse a bhí ag cur siamsaíocht ar fáil dom agus cuimhneoidh mé ar na nóiméid iontacha a tharla in agallaimh a rinne mé le déanaí le ceoltóirí, aisteoirí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí ar an gclár Arena.” – Seán Rocks
Is í Aedín Gormley a chuirfidh clár nua ar thráthnóna Dé hAoine i láthair ó 1.00- 4.00pm, clár ar a dtugtar Aedín in the Afternoon, agus leanfaidh sí uirthi freisin ag cur a cláir, Movies and Musicals, i láthair, clár a bhfuil tóir air i gcónaí agus a bhíonn ar siúl ar an Satharn ó 1.00 – 4.00pm. Is clár nua ceoil é an clár, Aedín in the Afternoon, clár lena gcuirtear tús leis an deireadh seachtaine ar bhealach snasta, agus tá meascán spéisiúil de cheol scannáin, snagcheol agus ceol clasaiceach ar an gclár chomh maith le moltaí faoin méid atá ann le breathnú air, le léamh agus le héisteacht leis de réir mar a bheidh an deireadh seachtaine ag teannadh linn.
“Tá mé ag tnúth go mór le bheith ar an aer beagán níos luaithe sa tseachtain, roimh an deireadh seachtaine, chun aird a tharraingt ar an méid atá ag tarlú i ndomhan na n-ealaíon agus mo ghrá a léiriú ar gach cineál ceoil iontach ar an Aoine dár n-éisteoirí.” – Aedín Gormley
Tá fáilte curtha roimh an gclár The Lyric Feature a bheidh ar ais ar an Domhnach ag 6.00pm agus beidh 14 clár nua ann lena bpléifear gnéithe de shaol cultúir na hÉireann ar bhealach cruthaitheach. Is é príomh-mhír an tséasúir ná sraith sé chlár, Root and Branch, ar comhshaothar tráthúil é a rinneadh idir an t-éiceolaí Anja Murray (Nature File, Eco Eye) agus an ceoltóir Brían MacGloinn (Ye Vagabonds). Sa tsraith seo pléifear crainn dhúchasacha na hÉireann tríd an eolaíocht agus tríd an mbéaloideas chun fáil amach faoi na ceachtanna ar féidir linn foghlaim fúthu maidir lenár ré leochaileach éiceolaíochta féin.
Leis an gclár, The Lyric Feature, beimid sa chúlra ag an gceoldráma pobail, Paper Boat de chuid Music for Galway. Tá Ceoldráma do Ghaillimh agus Féile Cheoldrámaíochta Loch Garman le próisis a thaispeáint maidir le daoine agus pobail ag teacht le chéile chun saothair chruthaitheacha ar an mórscála a fhorbairt.
I measc cláir nua eile a bheidh ann, beidh Piano Passions ar Weekend Drive le Evelyn Grant, ar an Satharn ag 6.00pm, ina mbeidh an pianódóir Úna Hunt ag tabhairt léargas ar roinnt ceoil pianó a bhaineann le hÉirinn, ceol pianó a áirítear sa stór ceoil is fearr léi. Ar an gclár Ambient Orbit a bheidh ar siúl oícheanta Dé Domhnaigh ó mheán oíche go 1.00am, beidh meascán de na fuaimeanna mórthimpeall agus taifeadtaí ón láthair atá coimeádta go cúramach ar fáil chun ligean don éisteoir tús a chur arís agus éalú ón torann a bhíonn sa saol laethúil.
Leantar le RTÉ Lyric FM de cheiliúradh a dhéanamh ar Mhí Stair na nDaoine Dubha ar fud an stáisiúin an Deireadh Fómhair seo. Cloisfidh na héisteoirí gach lá an mhí seo ó phearsana ceoil mór le rá a bheidh ag tabhairt onóir do shaol na gceoltóirí Dubha.
Tabharfaidh na príomhphearsana ceoil ó dhomhan an cheoil chomhaimseartha amhail Tara Erraught, Eimear Noone, Alexis Ffrench, Zoe Conway, Berginald Rash, Braimah Kanneh-Mason, Samantha Ege léargas dúinn ar shaol iontach na gceoltóirí Dubha amhail Leontyne Price, Marian Anderson, Terence Blanchard, Nina Simone, Nora Holt, Margaret Bonds, Florence Price agus go leor eile.
RTÉ lyric fm – Where Life Sounds Better