JANET’S FÓGRAITHE MAR BHUAITEOIR “TAKEAWAY TITANS” AR RTE2
AINM AN BHUAITEORA FAOI CHOSC GO DTÍ 10:30PM DÉARDAOIN AN 13 DEIREADH FÓMHAIR 2022
Sa bhabhta ceannais de Takeaway Titans, a thaispeánfar anocht ar RTÉ2, d’fhill na cúig iomaitheoir ar an gcistin don uair dheireanach chun mias a d’fhéadfadh an chraobh a chinntiú dóibh a réiteach. Don bhabhta deireanach, bhí ar na foirne ó na cúig chatagóir de bhialanna beir leat 30 sciar de mhias amháin a ullmhú, arbh é sin an mhias is mó atá ina heiseamláir dá mbialann ghasta. Na catagóirí a bhí ann ná Siopaí Sceallóg, bialanna bhia Oirthear na hÁise, bialanna Píotsa, bialanna bhia na hIndia agus bialanna Burgar. Bhí na moltóirí, Suzie Lee agus Dylan McGrath, istigh sa chistin ag déanamh breathnóireachta, ach ní hiad a bhí ag déanamh cinneadh ar na buaiteoirí, ach 30 duine atá an-tugtha do bhia beir leat.
Ar deireadh thiar, ba é an bhialann Janet’s, atá lonnaithe in Eatyard i mBaile Átha Cliath, a thug an lá léi agus ar bronnadh an teideal Takeaway Titan 2022 uirthi.
Is éard a dúirt an comhláithreoir Carl Mullan: “Sílim go mbeimid go léir ar aon intinn go bhfuil ardú as cuimse tagtha ar chaighdeán na mbialann beir leat in Éirinn agus léiríodh é sin go soiléir i rith na sé seachtaine dheireanacha de Takeaway Titans. Táim thar a bheith sásta do Janet go raibh an bua aici agus de bharr go bhfuil beocht á cur in oideas a mamó aici, déantar an scéal níos croíúla fós. Bhí deis agam a ndomplagáin a bhlaiseadh ar seit, agus caithfidh mé a rá gurbh é sin ar cheann de na jabanna is fearr a bhí le déanamh agam i gcaitheamh na bliana ar fad. Agus más rud é go mbeidh sí saor am ar bith chun imeacht a chomheagrú, ba mhaith liom an post a thabhairt di – is í duine de na hoibritheoirí is fearr dá bhfaca mé riamh! Déan cinnte dul ann agus bia Janet a bhlaiseadh más féidir – tá craobh Takeaway Titans 2022 tuillte go maith acu.”
Is éard a dúirt Janet faoin mbua ar an gclár: “Tá an-chuid foghlamtha againn ón gcomórtas, bhíomar faoi bhrú ag na moltóirí agus mar sin tá an-fheabhas tagtha orainn i gcaitheamh an chomórtais. Is mór an bua seo againn, i ndáiríre. Nuair a d’inis James (an comhláithreoir) dúinn “Is iad Janet’s na buaiteoirí”, an chéad rud a smaoinigh mé ná “A Dhia, cé sin? Janet?” Bhí eagla orm agus bhí áthas orm ach fós féin … bhí orm liomóg a bhaint asam féin – an bhfuil sé seo ag tarlú i ndáiríre? Tá! Is muidne na buaiteoirí!”
Dúirt an moltóir Suzy Lee, “Tá sé thar a bheith aisteach domsa a bheith ar an taobh seo den chistin ach is cinnte gur roghnaíomar an chéad chúig fhoireann is fearr – níor lig siad síos muid. Maidir leis an mbeirt a bhuaigh – tá siad chomh gealgháireach sin, chomh bríomhar, is meaisíní iad! Bhí siad chomh sciobtha sin leis na horduithe ar fad a chur amach agus tá ríméad orm go bhfuair siad an bua.”
Dúirt Dylan McGrath, an moltóir eile: “Sé seachtaine thar cionn a bhí ann. Thaitin sé iontach liom deis a fháil an éagsúlacht agus an cumas ar fad atá i ndomhan bhialanna gasta na hÉireann na laethanta seo a fheiceáil. Bhí an comórtas an-iomaíoch ón tús. Tá mé an-sásta don bheirt chailíní. Ba é tuairim an phobail gurbh í an mhias a bhí acu an ceann ba láidre inniu, d’oibrigh siad uafásach crua. Maith sibh a chailíní!”
Dúirt an comhláithreoir James Kavanagh: “Beidh pléisiúr gastranómach roimh an lucht féachana nuair a bhreathnaíonn siad ar an mbabhta ceannais, tá an-eipeasóid i gceist nuair a bheidh Sambros as Luimneach, Dublin Pizza Company, Janet’s i nDroim Conrach, Little Fish i Leitir Fraic agus Spice Cottage sa Naigín ag dul san iomaíocht sa tóir ar chraobh an Takeaway Titan. Bhí sé ar fheabhas go raibh an méid sin daoine cumasacha páirteach sa tsraith, bhí go leor leor béilí blasta agam féin agus ag Carl ar seit. Seo píosa comhairle d’aon duine a bheidh ag féachaint ar an mbabhta ceannais – bí cinnte roinnt sóláistí a bheith os do chomhair mar feicfidh tú béilí a chuirfidh uisce le do chár!”
Is féidir breathnú ar Takeaway Titans ar an RTÉ Player.