An chéad sraith teilifíse riamh fógartha ag RTÉ trí leas a bhaint as an teanga chomharthaíochta, Lámh
Aird tarraingthe sa tsraith, Dizzy Deliveries, ar an modh cumarsáide a úsáideann na mílte leanaí
An chéad sraith teilifíse riamh, Dizzy Deliveries, ina mbeidh an teanga chomharthaíochta, Lámh á húsáid ann le craoladh ag RTÉjr an Chéadaoin seo (19 Deireadh Fómhair). Cor cinniúnach a bheidh ann an lá sin d’ábhar do leanaí, agus beidh an tsraith gnímh bheo seo ar an gcéad cheann chun ardán a thabhairt do na mílte leanaí a úsáideann Lámh gach lá.
Is sraith úrnua de chuid na tíre é seo do leanaí, agus is iad Macalla a chruthaigh an tsraith i gcomhar le Lámh do RTÉjr, agus craolfar an chéad eipeasóid ar an lá céanna le Lá Náisiúnta Theanga Chomharthaíochta Lámh. Sa tsraith Dizzy Deliveries, múintear an teanga chomharthaíochta, Lámh, a úsáideann leanaí atá faoi mhíchumas intleachtúil agus a bhfuil dúshláin chumarsáide eile acu, ar bhealach spraíúil agus idirghníomhach. Tá duine óg i ngach eipeasóid, a bhfuil siondróm Down nó uathachas orthu nó a bhfuil deacracht chumarsáide eile acu, agus a úsáideann Lámh chun tacú leo cumarsáid a dhéanamh agus iad féin a chur in iúl.
Dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí ar ábhar do Leanaí agus Daoine Óga, RTÉ: “Tá gach uile dhuine in RTÉjr ar bís le bheith páirteach sa tsraith Dizzy Deliveries a choimisiúnú, a chraoladh agus thacú, an chéad sraith riamh ar RTÉjr lena n-úsáidtear an teanga chomharthaíochta, Lámh. Tá éagsúlacht agus cuimsiú ag croílár an tionscadail seo atá fíorthábhachtach do RTÉjr. Sa tsraith Dizzy Deliveries, cuirfear siamsaíocht ar fáil do leanaí agus cuirfear ar chumas na leanaí cumarsáid a dhéanamh agus dul i dteagmháil lena chéile. Tá súil againn go gcuirfidh sé úsáid na teanga comharthaíochta, Lámh chun cinn ar bhealach dearfach agus go ndéanfar normalú ar úsáid na teanga sin agus ag an am céanna na príomhghnéithe a bhaineann le gach clár maith teilifíse do dhaoine óga a thabhairt isteach – dathanna, carachtair, spraoi agus gáire.”
Dúirt bainisteoir na teanga comharthaíochta, Lámh, Mary Cullen: “Is minic a bhíonn deacrachtaí leis an gcumarsáid i bhfolach agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an tsochaí ar an eolas faoi na tacaíochtaí a úsáideann daoine, chun cuidiú leo cumarsáid a dhéanamh. Is féidir le clár teilifíse amhail Dizzy Deliveries cuidiú leis an tsochaí feiceáil go bhfuil go leor tacaíochtaí difriúla ann a úsáideann daoine chun cumarsáid a dhéanamh in Éirinn, lena n-áirítear Lámh. Beidh leanaí a bhaineann leas as Lámh anois in ann leanaí eile a fheiceáil ar an teilifís, leanaí a dhéanann cumarsáid díreach mar a dhéanann siad féin, rud atá in ann cuidiú leo a aithint chomh cumasach agus atá siad.”
Sa tsraith Dizzy Deliveries de chuid RTÉjr, tugtar léargas ar Joe the Delivery man arb é Joe Daly, draíodóir a bhfuil an-ghean air, sa pháirt agus tugtar léargas ar Ozzy, an cuntóir róbait atá ag Joe nuair atá siad ag eachtraíocht. Tá an pháirt Aisling ag Deirdre Coleman, teagascóir na teanga comharthaíochta agus is í Aisling a thugann na jabanna laethúla do Joe agus a mhúineann Lámh do
na breathnóirí. Beidh an lucht féachana in éineacht le Joe ar na heachtraí craiceáilte atá aige ag seachadadh pacáistí do leanaí ar fud na hÉireann.
Craolfar an chéad eipeasóid den tsraith, Dizzy Deliveries ar RTÉjr Dé Céadaoin an 19 Deireadh Fómhair ag 09.50am agus athchraolfar an clár ag 12.10pm agus 4.30pm gach lá le linn na seachtaine as sin amach ar RTÉjr agus ar an RTÉ Player. Is í Nia Ceidiog, stiúrthóir agus scríbhneoir cáiliúil a bhfuil duaiseanna BAFTA buaite aici a stiúrann an tsraith, Dizzy Deliveries, agus i measc na gcreidiúintí scríbhneoireachta atá aici, tá an tsraith bhunaidh, Fireman Sam. Bhí Nia ina léiritheoir agus ina stiúrthóir ar an tsraith, Something Special, a bhfuil dea-cháil i bhfad is i ngearr uirthi le Mr. Tumble don Cbeebies.
Is í Maria Doyle Kennedy, an t-aisteoir agus an taibheoir a bhfuil duaiseanna buaite aici agus Kieran Kennedy, an t-aisteoir, an cumadóir agus an léiritheoir a scríobh agus a chas an ceol aitheantais a d’fhanfadh leat do Lámh.
Is iad Macalla a léirigh an tsraith Dizzy Deliveries do RTÉjr agus a bhfuil tacaíocht acu ó Chiste Físe agus Fuaime Údarás Craolacháin na hÉireann. Rinneadh scannánú air ar fud na tíre in áiteanna amhail Zú Bhaile Átha Cliath, Scoil Chócaireachta Bhinn Éadair, Caisleán na Blarnan, Stáisiún Dóiteáin Dhún Seachlainn agus Trá na hInse.
Maidir le RTÉjr
Is cainéal é RTÉjr atá tiomanta do leanaí na hÉireann a bhíonn ar fáil ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne. Is cuid de d’ábhar saorchraolta an chraoltóra seirbhíse poiblí, RTÉ an tseirbhís seo do dhaoine óga. Tá an tseirbhís go hiomlán saor ó fhógraí agus dírithe go príomha ar leanaí atá faoi bhun 7 mbliana d’aois cé go mbeidh roinnt ábhair oiriúnach do leanaí níos sine freisin. Cuireann RTÉjr seirbhísí ar líne ar fáil, rud a thugann cead do leanaí teacht ar ábhar bunaidh atá siamsúil agus oideachasúil agus lena léirítear an saol atá acu agus atá cruthaithe dóibhsean amháin. Bainimis tairbhe as an méid ama a chaitheann muid ag féachaint ar an scáileán.
Maidir le Lámh Éireann
Is eagraíocht charthanachta é Lámh Éireann atá ar son úsáid an chórais cumarsáide, Lámh agus lena gcuirtear an córas sin chun cinn agus lena gcuirtear oiliúint ar fáil do níos mó ná 4000 duine gach bliain. Is éard is príomh-aidhm le Lámh ná an teanga chomharthaíochta Lámh a fhorbairt, a chur chun cinn agus a choinneáil mar chóras breisitheach cumarsáide do dhaoine faoi mhíchumas intleachtúil agus a bhfuil riachtanais tacaíochta cumarsáide acu in Éirinn. Má tá tuilleadh eolais uait faoi Lámh, téigh chuig www.lamh.org
Maidir le Lámh
Is córas comharthaíochta eochairfhocail é Lámh a bhaineann leanaí agus daoine fásta faoi mhíchumas intleachtúil úsáid as, ach a bhfuil tuilleadh tacaíochta ag teastáil uathu lena gcuid cumarsáide. Bíonn siondróm Down, uathachas nó míchumais eile ar dhaoine a bhaineann úsáid as Lámh. Tá sé sách éasca Lámh a fhoghlaim agus a úsáid agus tá beagnach 600 comhartha ar fad ann. Baintear úsáid as Lámh ar fud na hÉireann sa bhaile, i scoileanna, i gclubanna ealaíon agus cultúir, i moil phobail, i gclubanna spóirt agus neart áiteanna eile.
Cén fáth ar cheart úsáid a bhaint as Lámh?
Is féidir frustrachas a laghdú trí úsáid a bhaint as comharthaí Lámh, mar go mbíonn an duine a úsáideann Lámh ábalta comharthaí a úsáid chun an rud atá uathu a iarraidh, ceisteanna a fhreagairt agus a bheith rannpháirteach i gcomhráite. D’fhéadfaí an duine a úsáideann Lámh a thuiscint níos éasca nuair a úsáideann siad comharthaí agus spreagann seo iad le focail nua a thriail agus níos mó a rá. Cuireann comharthaíocht láimhe iallach ar dhaoine go nádúrtha a n-am a ghlacadh chun go mbeidh níos mó ama ag an duine an teachtaireacht a thuiscint. Spreagann comharthaíocht muid féachaint sa tsúil ar a chéile agus aird a bheith againn ar ghluaiseacht; scileanna atá tábhachtach chun tacú le forbairt na cainte.
Maidir le Lá Idirnáisiúnta Theanga Chomharthaíochta Lámh
Reáchtálfar céad Lá Idirnáisiúnta Theanga Chomharthaíochta Lámh arna thionscain ag Lámh Éireann Dé Céadaoin an 19 Deireadh Fómhair 2022. Is feachtas cuimsithe é seo a bhfuil sé mar aidhm leis a thaispeáint do gach duine teanga chomharthaíochta Lámh a úsáid chun “Dia Duit!” a rá. Bainfear úsáid as físeáin, na meáin chumarsáide ar líne, na cainéil meán sóisialta chomh maith le feachtas sna meáin chlóite thraidisiúnta san fheachtas seo chun an difríocht atá rud éigin chomh simplí le “Dia Duit!” a rá le duine in ann a dhéanamh má bhaintear úsáid as an modh cumarsáide atá acu. Is féidir le gníomh chomh simplí le sin ardú croí a thabhairt do dhuine agus meangadh gáire a chur ar a n-aghaidh, duine nach mbeadh ábalta de ghnáth b’fhéidir ach cumarsáid a dhéanamh lena dhlúth-theaghlach agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta.
Dá mba mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi Lá Idirnáisiúnta Theanga Chomharthaíochta Lámh níl ort ach dul go dtí www.lamhsigns.org agus do chuid físeáin lámh a roinnt ar na meáin shóisialta trí @lamhsign agus #lamhsign a úsáid