Tá sé fógartha ag RTÉ inniu gurb é Philip Boucher-Hayes láithreoir nua Countrywide ar RTÉ Radio 1 Tá Philip ag tuairisciú ar chláracha ar RTÉ RTÉ Radio 1 agus á gcur i láthair ó thús na 1990í. Is é atá ag cur na sraithe gníomhaithe ar son na haeráide Hot Mess i láthair ar RTÉ Radio 1 faoi láthair agus is minic é le cloisteáil in áit Claire Byrne ar an gclár Today. Tá sraitheanna raidió agus podchraoltaí a bhfuil duaiseanna buaite acu léirithe aige agus curtha i láthair aige amhail Treasure Island: The Hunt For The Falcon Blanco agus Boom Bust Broke.
Beidh eolas ag lucht féachana teilifíse RTÉ freisin air mar gurbh é a chur cláracha faisnéise i láthair amhail Hot Air: Ireland’s Climate Crisis, The Du Plantier Affair, What’s Ireland Eating agus Future Shock: The Last Drop, mar aon leis an tsraith stíle maireachtála agus tomhaltóra What Are You Eating? agus Buyer Beware.
Dúirt Philip Boucher-Hayes: “Táim ag súil go mór leis an dúshlán agus is fada liom go gcuirfimid tús leis an obair ar Countrywide.”
Dúirt Peter Woods, Ceann RTÉ Radio 1: “Bhí béim riamh ag Philip ina iriseoir ar thábhacht an scéil. Táimid thar a bheith sásta go mbeidh sé in éineacht linn ar Countrywide agus in éineacht leis an bhfoireann léirithe den scoth faoi stiúir Eileen Heron.”
Tosóidh Philip ag cur Countrywide i láthair ar RTÉ Radio 1 Dé Sathairn an 12 Samhain.