Comhaontú Cuimsitheach 5 Bliana Faighte ag RTÉ Do Chearta Saorchraolta CLG
Clúdach iomlán ar 31 cluiche Craobhchomórtais, ar chluiche ceannais Chorn Tailteann, agus ar 2 cluiche leathcheannais agus cluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha
Méadú ar líon na gcluichí i Sraitheanna Allianz agus i gCraobhchomórtais AIB na gClubanna a chraolfar, a fhágann go mbeidh clúdach ar fáil 12 mí na bliana
Cearta náisiúnta eisiacha iomlána chluichí CLG coinnithe ag RTÉ Radio 1 agus ag RTÉ RnaG
Cearta feabhsaithe maidir le gearrthóga digiteacha le linn an chluiche agus gearrthóga de bhuaicphointí chomh maith leis an dara clár buaicphointí ar teilifís
Tá sé fógartha ag CLG inniu go bhfuil curtha ag RTÉ leis na cearta atá aige le clúdach cuimsitheach ar chraobhchomórtas CLG ar fud sheirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ, mar aon lena sheirbhísí ar líne, don chéad chúig shéasúr eile, beart a chinntíonn go mbeidh clúdach ardchaighdeáin saor go haer ar fáil don lucht féachana ar fud na hÉireann i rith na 12 mí den bhliain ó 2023 go dtí 2027, an dá bhliain sin san áireamh.
Leanfaidh RTÉ de 31 cluiche craobhchomórtais a thaispeáint ar fud oileán na hÉireann ar theilifís RTÉ agus ar an RTÉ Player, mar aon le cluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha, an dá chluiche leathcheannais agus cluiche ceannais Chorn Tailteann go ceann 5 bliana eile.
Beidh níos mó cluichí saor go haer as Sraith Náisiúnta Allianz ar siúl oícheanta Dé Sathairn, mar aon le clúdach leanúnach ar Chraobhchomórtais AIB na gClubanna, lena gcinnteofar go mbeidh clúdach beo CLG ar fáil ar ardáin uile RTÉ ó cheann ceann na bliana.
Beidh an seó oíche The Sunday Game ag filleadh arís, agus cuirfear clár nua ar siúl freisin, an dara clár buaicphointí. Chomh maith leis sin, tá cearta feabhsaithe do ghearrthóga digiteacha de bhuaicphointí a chuirfear ar siúl le linn an chluiche agus tar éis an chluiche faighte ag RTÉ.
Mar léiriú ar thiomantas leanúnach RTÉ i leith camógaíochta, craolfar naoi gcluiche bheo ar a laghad ar teilifís in aghaidh na bliana. Ó thaobh raidió de, tá cearta náisiúnta eisiacha maidir le cluichí beo ag RTÉ Radio 1 agus ag RTÉ RnaG fós.
I bhfianaise chomh maith agus a d’éirigh le méadú lorg sruthaithe GAAGO, a bhfuil RTÉ ina chomhpháirtí de, cuirfear cluichí eisiacha craobhchomórtais ar fáil ar an ardán in Éirinn agus thar lear ó shéasúr na bliana 2023 ar aghaidh.
Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes; “Léirítear le fógra an lae inniu tiomantas leanúnach RTÉ chun an chuid is fearr ar fad d’aicsean beo CGL a chur ar fáil don lucht féachana ar fud na hÉireann, agus go hidirnáisiúnta, trí GAAGO, comhfhiontar RTÉ le CLG. Is breá le lucht féachana na hÉireann spórt beo agus mar sin tá ríméad orainn gur éirigh linn comhaontú chomh tábhachtach sin a shocrú trí idirbheartaíocht le CLG, a bheidh tuilleadh cluichí CLG agus breis clúdaigh ar chluichí camógaíochta ar RTÉ do lucht spéise spóirt na hÉireann mar thoradh air, ar fud an tseasúir, ar theilifís agus raidió RTÉ agus ar líne, i mBéarla agus i nGaeilge, i gcaitheamh na chéad chúig bliana eile.”
Dúirt Ceannasaí Spóirt RTÉ, Declan McBennett; “Anois agus níos mó cluichí beo ar fáil ar RTÉ ná riamh roimhe seo, chomh maith le cearta fairsinge d’ábhar raidió, d’ábhar digiteach agus do bhuaicphointí, tá an comhaontú seo le CLG ina chéim ollmhór chun cinn ó thaobh clúdach ar chluichí náisiúnta na tíre. Tá craoltóirí seirbhíse poiblí i gcroílár an chlúdaigh, agus, ar deireadh thiar, is chun leasa an lucht féachana é sin. Breathnaímid air seo mar shocrú thar a bheith tábhachtach agus mar chuid lárnach d’iarracht leanúnach RTÉ spórt beo a chur ar fáil go díreach dár lucht féachana.”