Gearrliosta Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 Fógartha
Ag ceiliúradh scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas
Beidh imeacht na ngradam BEO in Vicar Street agus ar RTÉ Radio 1 Déardaoin an 17 Samhain
Ticéid ar díol anois ar ticketmaster.ie | #rtefolkawards
Tá an gearrliosta do Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 2022 fógartha ag RTÉ inniu, lena ndéanfar ceiliúradh ar scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas. Is in Vicar Street, Baile Átha Cliath, Déardaoin an 17 Samhain ag 8pm a bheidh an ceiliúradh seo ar siúl, agus craolfar beo ar RTÉ Radio 1 é.
Seo a leanas an gearrliosta do Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 2022:
AN TRAIC CEOIL TÍRE BUNAIDH IS FEARR
• Déanamh Gaineamh / Making Sand – Pádraig Jack
• Footnotes On The Map – Jessie Buckley & Bernard Butler
• Now You See It – Susan O’Neill
• Spéir Rua – Síomha
• To War – Cormac Begley
• Twin – Anna Mieke
AN TRAIC CEOIL TÍRE TRAIDISIÚNTA IS FEARR
• An Caoineadh – Ceara Conway
• Éamonn an Chnoic – Inni-K
• Róisín Dubh – Muireann Nic Amhlaoibh & Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann
• Rolling in the Barrel / O’Neill’s March / Tralee Jail – Cormac Begley
• The Bird in the Bush – Pauline Scanlon
• The Bonnie Bunch of Roses – Séamus McGuire & Steve Cooney
• Úrchnoc Chéin Mhic Cainte – Cathal Ó Curráin
AN tAMHRÁNAÍ CEOIL TÍRE IS FEARR:
• Anna Mieke
• Cathal Ó Curráin
• Clare Sands
• Junior Brother
• Muireann Nic Amhlaoibh
• Pauline Scanlon
AN tIONSTRAIMÍ CEOIL TÍRE IS FEARR:
• Aidan Connolly
• Aisling Lyons
• Alannah Thornburgh
• Bríd Harper
• Cormac Begley
AN GRÚPA CEOIL TÍRE IS FEARR:
• Navá
• Téada
• The Alt
• the olllam
• The Whileaways
• We Banjo 3
AN tALBAM CEOIL TÍRE IS FEARR:
• B – Cormac Begley
• Iníon – Inni-K
• Nine Waves – Ye Vagabonds
• Róisín Reimagined – Muireann Nic Amhlaoibh & Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann
• The Great Irish Famine – Junior Brother
AN CEOLTÓIR IS FEARR ATÁ AG TEACHT CHUN CINN:
• Aisling Lyons
• Alannah Thornburgh
• Cathal Ó Curráin
• Ciara O’Neill
• Les SalAmandas
Fógrófar buaiteoir Ghradam Saoil 2022 Dé Luain an 7 Samhain. Ar na ceoltóirí a mbronnadh an Gradam Saoil orthu roimhe seo, tá Christy Moore (2021), Steve Cooney (2020), Moya Brennan (2019) agus Andy Irvine (2018). Déanfar ceoltóir a ionduchtú i nDámhachtain na Laoch de chuid Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 chomh maith.
Le linn an tsearmanais gradam, beidh taibhléirithe beo ó roinnt d’ainmnithe na bliana seo, agus dealraíonn sé gur oíche fíorspeisialta a bheidh ann, ar a ndéanfar ceiliúradh ar cheol agus ceoltóirí tíre na hÉireann, idir cheoltóirí cruthaithe agus cheoltóirí atá ag teacht chun chinn. Fillfidh láithreoir RTÉ John Creedon ar Vicar Street i mBaile Átha Cliath chun an searmanas gradam a chur i láthair os comhair lucht féachana beo.
Tá ticéid do Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar díol anois ar ticketmaster.ie €28 atá na ticéid, lena n-áirítear táille áirithinte agus costais eile.
Bíodh an nuacht is déanaí agat maidir le Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 trí RTÉ agus RTÉ Radio 1 a leanúint ar Twitter, Facebook agus Instagram agus an haischlib #rtefolkawards a úsáid agus trí bheith ag éisteacht le RTÉ Radio 1.
Mura mbeidh tú in ann a bheith linn in Vicar Street Déardaoin an 17 Samhain, éist leis an gclár beo ar RTÉ Radio 1 ag 8pm an tráthnóna sin, agus ná déan dearmad ar chlár teilifíse na mbuaicphointí ar RTÉ One Dé Sathairn an 19 Samhain ag 10.50pm.