Gradam Saoil le bronnadh ar Mary Black le linn Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1
Paddy Moloney le hionduchtú i nDámhachtain na Laoch, The Chieftains le ceol beo a sheinm ar an oíche
Beidh imeacht na ngradam ar siúl beo in Vicar Street agus ar RTÉ Radio 1 Déardaoin an 17 Samhain
Ticéid ar díol anois ar ticketmaster.ie | #rtefolkawards
Tá sé fógartha ag RTÉ inniu go mbronnfar Gradam Saoil ar Mary Black le linn Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 in Vicar Street, Baile Átha Cliath, Déardaoin an 17 Samhain (8pm) a chraolfar beo ar RTÉ Radio 1.
Mar bhuaiteoir Ghradam Saoil na bliana seo, luafar Mary, a bheidh ag casadh beo ar stáitse ag imeacht gradam na bliana seo in Vicar Street, i measc na gceoltóirí mór le rá a bhfuil an Gradam seo buaite acu, is iad sin Christy Moore (2021), Steve Cooney (2020), Moya Brennan (2019) agus Andy Irvine (2018). Is í an scríbhneoir, iriseoir agus déantóir scannán faisnéise Susan McKay a bhronnfaidh an gradam ar Mary ar an oíche.
Déanfar Paddy Moloney, duine de bhunaitheoirí agus phríomhcheoltóirí The Chieftains, a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh, a ionduchtú i nDámhachtain na Laoch an oíche sin.
Mar chuid de Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1, a chuirfidh láithreoir RTÉ John Creedon i láthair, beidh ceol beo ó Mary Black, The Chieftains, Sharon Shannon, Inni K, Scullion, Skippers Alley agus go leor eile, agus is cinnte gur oíche fhíorspeisialta a bheidh ann, ar a ndéanfar ceiliúradh ar cheol tíre agus ar cheoltóirí tíre na hÉireann, idir cheoltóirí cruthaithe agus cheoltóirí atá ag teacht chun cinn.
Is éard a dúirt Mary Black agus í ag trácht ar an nGradam Saoil: “Is mór an onóir é an Gradam Saoil seo a fháil. Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil chóir a bheith 40 bliain caite ó d’eisigh mé mo chéad albam aonair, agus is iomaí rud a tharla dom ó shin a bhfuil mé iontach buíoch as. Ba ó mo thuismitheoirí a fuair mé bua an cheoil agus bua na hamhránaíochta, agus chothaigh siad grá mór don cheol ionainn go léir. Tá an t-ádh liom go raibh flúirse ábhair agam ó scríbhneoirí amhrán den scoth a lig dom a gcuid scéalta a roinnt. Bhí mé thar a bheith ámharach freisin go raibh sárcheoltóirí ag obair liom chun beocht a chur sna hamhráin seo agus, dar ndóigh, go raibh lucht féachana agus éisteachta dílse agam a thacaigh liom i gcaitheamh na mblianta. Míle buíochas – i ndáiríre píre, is pribhléid é agus níl mé in ann a rá chomh buíoch is atáim”.
Tá Mary Black ina mórphearsa i saol ceoil na hÉireann le daichead bliain anuas, sa bhaile agus thar lear araon. Le hamhráin agus ceol na hÉireann, idir amhráin thraidisiúnta agus amhráin nua-aimseartha, tá an lucht éisteachta curtha faoi dhraíocht aici, lucht éisteachta atá ag dul i méid i rith an ama, ní hamháin in Éirinn, áit a bhfuil aithne mhaith uirthi leis na deicheanna de bhlianta, ach ar fud an domhain mhóir freisin. Ó tharla í a bheith ina hamhránaí aonair iontach rathúil a bhfuil gradaim buaite aici agus a bhfuil go leor albam eisithe aici a shroich barr na gcairteacha agus a fuair ardmholadh óna léirmheastóirí, ag tosú leis an gcéad albam a eisíodh i 1983 faoina hainm féin, tá an-mheas agus gean ag an bpobal ar Mary.
Tá meas ag a comhcheoltóirí uirthi freisin, lena n-áirítear cuid mhaith ceoltóirí a chas sí agus a thaifead sí leo in imeacht na mblianta – leithéidí Emmylou Harris, Mary Chapin Carpenter, Joan Baez agus Van Morrison. D’éirigh léi taifeadadh agus taibhithe a dhéanamh lena deirfiúir agus a deartháireacha sa bhanna The Black Family, lena deirfiúir Frances agus le De Dannan chomh maith, banna lena ndearna sí dhá albam a raibh dea-cháil orthu sular thug sí faoina gairm aonair ar éirigh go hiontach léi.
Seo mar a labhair an scríbhneoir ceoil Jackie Hayden uirthi: “D’fhéach Mary ar an gcuid is fearr de shaothar cumadóirí nua agus bhain sí lán-leas as an ábhar a bhí ar fáil uathu. De bharr an tiomantais sin d’ábhar nua, mar aon leis na léirithe uathúla a rinne sí ar na hamhráin a roghnaigh sí, d’éirigh léi go leor albam a eisiúint, arbh albaim iad a bhain amach stádas platanaim agus ar a raibh go leor amhrán a raibh ráchairt orthu. Go deimhin, chaith ceann d’albaim Mary – No Frontiers – os cionn bliana i gCairt na hÉireann don 30 Albam is Fearr!”
Is bailiúchán saothar thar a bheith tábhachtach agus cumhachtach é catalóg albam sármhaith sárdhíola Mary, lena n-áirítear Without the Fanfare (1985), By the Time it Gets Dark (1987), No Frontiers (1989), Babes in the Wood (1991), The Holy Ground (1993), Circus (1995), Shine (1997) agus Speaking with the Angel (1999). Bhain Mary clú, cáil agus rath amach ar fud an domhain leis na halbaim sin, ina healaíontóir taifeadta agus ina taibheoir beo.
De bharr chumas agus tharraingt Mary Black, tá an-tóir ag daoine ar a cuid ceoil, idir óg agus aosta, agus tá áit bainte amach aici i measc mhórcheoltóirí a linne in Éirinn, mar ealaíontóir a chuidigh ceol na hÉireann a chur chun cinn leis na deicheanna de bhlianta anuas agus cáil cheol na hÉireann ar fud na cruinne a fheabhsú, agus tá bród orainn agus táimid buíoch di as an méid sin. Tá Gradam Saoil na bliana seo ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 tuillte go maith aici.
Déanfar ceiliúradh ar scoth an cheoil tíre in Éirinn le bliain anuas ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 in Vicar Street, Baile Átha Cliath agus ar RTÉ Radio 1 Déardaoin an 17 Samhain.
Tá ticéid ar díol anois do Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 ar www.ticketmaster.ie €28 atá na ticéid, lena n-áirítear táille áirithinte agus costais eile. Bíodh an nuacht is déanaí agat maidir le Gradaim Ceoil Tíre RTÉ Radio 1 trí RTÉ agus RTÉ Radio 1 a leanúint ar Twitter, Facebook agus Instagram agus an haischlib #rtefolkawards a úsáid agus trí bheith ag éisteacht le RTÉ Radio 1.
Mura mbeidh tú in ann a bheith linn in Vicar Street Déardaoin an 17 Samhain, éist leis an gclár beo ar RTÉ Radio 1 ag 8pm an tráthnóna sin, agus féach ar chlár teilifíse na mbuaicphointí ar RTÉ One Dé Sathairn an 19 Samhain ag 10.50pm.