SEACHTAIN NA hEOLAÍOCHTA AR RTÉ
Seachtain ‘féidearthachtaí gan teorainn’ ar RTÉ chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na hEolaíochta 2022
www.rte.ie/scienceweek | #scienceweek
Tabharfar tús áite don taiscéalaíocht i dtaca le féidearthachtaí gan teorainn de réir mar atá RTÉ ag ceiliúradh Sheachtain na hEolaíochta 2022 le raon leathan ábhair a bhfuil téama speisialta aige, ar theilifís agus raidió RTÉ agus ar líne, ón Domhnach an 13 Samhain go dtí an Domhnach an 20 Samhain.
Beidh flúirse ábhair ar fáil ar RTÉ don té a bhfuil an chaidéis ann: amhail Future Island, a bheidh ar ais arís leis an láithreoir Anna Daly; 10 Things To Know About; Podchraoladh Raidió RTÉjr, Let’s Dive In; agus Eipeasóid 1 de Atom Town, cartún nua atá bunaithe ar an tábla peiriadach. Déanfar taiscéalaíocht freisin i leith na mbealaí ar féidir linn astaíochtaí carbóin a ísliú chun cabhrú lenár bpláinéad a shábháil.
Faigheann Seachtain na hEolaíochta ar RTÉ tacaíocht ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann.
Is éard a dúirt an tOllamh Philip Nolan, Ard-Stiúrthóir Fhondúireacht Eolaíochta Éireann, maidir le Seachtain na hEolaíochta: “Tá an-áthas orainn a bheith ag dul i bpáirt le RTÉ arís le linn Sheachtain na hEolaíochta. Tá sé ar fheabhas ar fad an raon iomlán d’ábhar tarraingteach atá beartaithe do dhaoine de gach aois ar fud ardáin RTÉ le haghaidh Sheachtain na hEolaíochta a fheiceáil. I mbliana, táimid ag cur le téama na bliana seo caite, Ár dTodhchaí a Chruthú, trí dhíriú ar na téamaí a thuigimid atá ag déanamh imní don phobal amhail stíl mhaireachtála inbhuanaithe, meabhairshláinte agus teicneolaíochtaí digiteacha. Is ionann Seachtain na hEolaíochta agus deis iontach do dhaoine ar fud na hÉireann spéis a chur in eolaíocht agus páirt a ghlacadh ann.”
Dúirt Ceann Ábhar Fíorasach Speisialtóra RTÉ, Colm O’Callaghan: “I bhfianaise na héiginnteachta atá roimh an tsochaí dhomhanda, ní raibh tábhacht chomh mór sin riamh ag na féidearthachtaí gan teorainn a bhaineann le heolaíocht ná mar atá anois. Is é seo an 7ú bliain as a chéile atáimid inár gcomhpháirtí ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann chun Seachtain na hEolaíochta a chur i láthair, agus tá an tSeachtain ina príomhimeacht ar fhéilire RTÉ One le fada an lá. Tá ríméad orainn go mbeimid ag cur ábhar chomh hilchineálach sin, atá ar ardchaighdeán, léirithe sa tír seo agus treoraithe ag sonraí, ar fáil arís ar gach ceann d’ardáin RTÉ i rith na seachtaine.”
>>> BUAICPHOINTÍ: TEILIFÍS + RTÉ PLAYER
FILLEADH FUTURE ISLAND
(BEO ar RTÉ One, ón 7-8pm an 15, 16 agus 17 Samhain, agus ar RTÉ Player)
Tá Future Island ar ais arís chun súil chun cinn a chaitheamh ar a mbeidh ag tarlú amach anseo i saol na heolaíochta agus na teicneolaíochta, a chraolfar BEO ó Ionad Eolaíochta Uí Bhriain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath thar trí oíche as a chéile ar RTÉ One. Trí mheascán d’aíonna agus léirithe beo sa stiúideo, mar aon le rogha scannán spéisiúil, déanfar fírinne na heolaíochta a scagadh ón bhficsean eolaíochta ar Future Island, faoi stiúir Anna Daly, agus breathnófar ar mar atá nuálaithe na hÉireann ag iarraidh athrú chun feabhais a chur ar an domhan.
Bainfidh an láithreoir Anna Daly leas as a cuid fiosrachta faoin mbealach a n-oibríonn rudaí agus faoin mbealach a bhféadfadh eolaíocht cuidiú le feabhas a chur ar an saol dá leanaí, ag glacadh go fonnmhar leis na “féidearthachtaí gan teorainn” a bhaineann le heolaíocht – téama Sheachtain na hEolaíochta i mbliana – i ndáil le hábhair amhail inbhuanaitheacht, sláinte sa todhchaí, teicneolaíocht, an t-athrú aeráide agus fuinneamh sa todhchaí.
Beidh painéal saineolaithe i dteannta Anna ar an tsraith. Ina measc sin, beidh an Dr. Shane Bergin, fisiceoir agus Ollamh Cúnta le hOideachas Eolaíochta i Scoil Oideachais an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus an Dr Jessamyn Fairfield, fisiceoir Meiriceánach a dhéanann taighde ar nana-bhithábhair agus ar ghairis néaramorfacha in Ollscoil na Gaillimhe, agus ar fuirseoir í freisin.
Ar an tsraith seo, beifear ag obair go dlúth le Cairde Éanlaith Éireann d’fhonn cur leis an tionscadal eolaíochtaí saoránach is mó sa tír: ag iarraidh ar an lucht féachana sonraí sárluachmhara a bhailiú i leith an bheathra éan atá ina ngairdín. Cuirfear dúshlán ar leith roimh an lucht féachana i ngach ceann de na cláracha. An féidir linn tionchar a imirt ar chaighdeán an aeir mórthimpeall orainn trí athruithe simplí a dhéanamh ar ár stíl mhaireachtála a d’fhéadfadh beatha daoine a shábháil? An bhfuil sé indéanta ensemble ceoil a chruthú as dramhábhar, ag tarraingt as eolaíocht uirlisí éagsúla chun críoch-cheol a chruthú?
Is léiriú de chuid Indiepics do RTÉ é Future Island arna dhéanamh le tacaíocht Fhondúireacht Eolaíochta Éireann.
Féach thíos le haghaidh sonraí ar gach eipeasóid.
10 THINGS TO KNOW ABOUT
(RTÉ ONE, Dé Luain an 14 Samhain ag 8.30pm agus ar RTÉ Player)
Tá an tsraith teilifíse a bhfuil gradaim buaite aici, 10 Things To Know About, ar ais ar RTÉ One don ochtú séasúr chun an eolaíocht de thionscnamh na hÉireann a bhaineann le gnéithe den saol comhaimseartha a chur os comhair an tsaoil agus í a cheiliúradh. Sraith shiamsúil fhaisnéiseach a bheidh ann, ina mbeidh gach eipeasóid bunaithe ar chroí-ábhar nó príomhréimse taighde amháin, agus beidh Kathriona Devereux, Jonathan McCrea agus Fergus McAuliffe ag bualadh le taighdeoirí Éireannacha atá ag obair sa tír seo agus i dtíortha eile ar thionscadail a mbeidh tionchar acu ar shaol an uile duine.
Sa chéad eipeasóid (Feithidí), fiosróidh Kathriona Devereux agus Jonathan McCrea cibé an bhféadfadh feithidí a bheith ina réiteach ar an gceist maidir le muintir an domhain a bheathú ar bhealach níos inbhuanaithe. .
Dé réir mar atá daonra an domhain ag ardú, tá ceisteanna á gcur i dtaobh mar is féidir linn leanúint le beatha a chur ar fáil don uile dhuine ar domhan ar bhealach a n-úsáidfeadh táirgí bia agus iompraíochtaí níos inbhuanaithe. An bhféadfadh gurb í an fheithid bhocht freagra na ceiste? Tá go leor próitéin ar fáil ó fheithidí agus tá modhanna pórúcháin atá fabhrach ó thaobh carbóin de ag baint leo. Tá trí chineál feithidí in úsáid san Aontas Eorpach cheana féin, agus leis sin, caithfimid súil ar an taighde is déanaí atá ar siúl in Éirinn ar fheithidí is féidir a ithe agus déanfaimid roinnt tástálacha ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta go bhfeicfimid céard a cheapann an pobal faoi bhlas na bhfeithidí agus an mbeadh siad sásta criogar nó dhó a chur ar a gcalóga arbhair ar maidin!
Ar an drochuair, ní gach feithid atá cabhrach don bhiashlabhra. Tá de chumas in aifidí gráinne a iompraíonn Víreas Abhcach Buí Eorna (VABE) an-damáiste a dhéanamh do bharra gráin, agus an barr a laghdú faoi 30% ar an meán. Is féidir leis seo a bheith chomh hard le 80% i gcúinsí optamacha, áfach. Ó tharla go gcuireann rialacháin AE srian leis an méid feithidicíde ar féidir le feirmeoirí a úsáid, agus ó tharla go bhfuil aifidí ag déanamh éabhlóide chun bheith frithsheasamhach ina aghaidh, casfaimid le taighdeoirí na hÉireann atá ag féachaint le tuilleadh tuisceana a fháil ar na neacha seo chun cuidiú le feirmeoirí VABE a chomhrac.
THE CHANGE – IRELAND’S MENOPAUSE STORY
(Ar ais de bharr éileamh an phobail ar RTÉ One, Déardaoin an 17 Samhain ag 10.15pm, agus ar RTÉ Player)
Ba léir ón aird a tharraing scéalta na mban a labhair ar Liveline i mí Bealtaine 2021 nach ábhar nideoige é an meanapás, nach ábhar é nach féidir labhairt faoi agus, chun an rud is léir do chách a rá amach, bíonn tionchar díreach ag an meanapás ar 50 faoin gcéad den daonra. Tosóidh an clár faisnéise uair an chloig seo le cuid de na míreanna taifeadta de na daoine a ghlaoigh isteach ar Liveline, agus leanfar ar aghaidh ansin chun an taithí a bhíonn ag mná ar an meanapás in Éirinn a fhiosrú – an gheis, an eolaíocht, na scéalta pearsanta agus an todhchaí.
Cé nach mar a chéile a bhíonn an taithí a bhíonn ag aon dhá bhean, déanfar na comharthaí sóirt coitianta agus cuid de na comharthaí sóirt nach bhfuil chomh coitianta sin a fhiosrú sa chlár agus labhrófar le saineolaithe ar is cúis leis an meanapás agus ar na tionchair agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhaineann leis. Céard is féidir a dhéanamh chun cuidiú le mná na hÉireann?
Caithfear súil sa chlár ar chúrsaí sa láthair oibre agus ar an deacracht a bhíonn ag mná, a mbíonn na comharthaí sóirt ag cur isteach orthu, tacaíocht a lorg. Fágfaidh 10 faoin gcéad de mhná an fórsa saothair le linn na mblianta a mbíonn siad ag dul tríd an athrú saoil. An é seo an áit inár gá an gheis a bhriseadh?
Tá an clár faisnéise seo dírithe ar fhíormhná a roinneann a dtaithí féin. Roinneann grúpa ilchineálach ban ó gach cearn d’Éirinn a gcuid scéalta i bhfianaise chumhachtach. Bíonn siad crua in amanna, úsáidtear greann ina n-insint in amanna, ach is scéalta iad a mbíonn tionchar acu i gcónaí. Ar na saineolaithe a rinne agallamh don chlár tá an Dr. Deirdre Lundy, an Dr.Caoimhe Hartley, agus an Dr. Sarah Callaghan. Tá sé i gceist leis an gclár faisnéise seo léargas a thabhairt ar an meanapás agus deireadh a chur leis an dearcadh gur ábhar toirmiscthe é, fad a bhreathnaítear ar na fíor-shaincheisteanna a bhaineann leis trí dhearcadh eolaíochta. Is clár faisnéise eolasach, croíúil agus tarraingteach é The Change – Ireland’s Menopause Story a thugann deis dúinn labhairt faoin ábhar seo a thuilleadh agus a fhéachann i dtreo na todhchaí.
>>> BUAICPHOINTÍ: AR LÍNE
AR RTE.IE/SCIENCEWEEK + RTE.IE/LEARN
Beidh an-chuid ábhair a bhfuil téama eolaíochta leis ar fáil ar líne i rith na seachtaine, lena n-áirítear:
- Ó Luan go hAoine, ar YouTube, cuirfidh RTÉ Learn clár gairid i láthair a mbeidh 5 topaic éagsúil le 5 cumarsáidí eolaíochta óg mar chuid de, mar aon le ‘comh-ailt’ ó shaineolaithe eolaíochta.
- Beidh sliocht againn ó leabhar Luke O’Neill, What Makes Us Human.
- Chomh maith leis sin, cuirfimid cuid den ábhar a raibh tóir air roimhe seo ar fáil arís, amhail Body Brothers, Let’s Find Out agus Hub Lab.
Ar RTÉjr
Tá sraith nua de Let’s Dive In ar fáil, Podchraoladh Raidió RTÉjr le Phil Smyth agus Julie Gould.
- Beidh Eispeasóid 1 de Atom Town againn, cartún nua atá bunaithe ar an tábla peiriadach, ina bhfuil tréithe na ndúl bunaithe ar thréithe a gcomhdhéanaimh eolaíochta. Beidh an tsraith iomlán ar fáil i mí na Nollag.
AR RTÉ PLAYER
Cuirfear ráille speisialta de chláracha faisnéise ar fáil ar RTÉ Player, cláracha a bhfuil téamaí eolaíochta leo agus atá bunaithe ar an eolaíocht, arna léiriú ag comhlachtaí Éireannacha – Cloud Control, My Broken Brain, Will A Robot Steal My Job agus Róisín Murphy’s Big City Plan ina measc – agus beidh Growing Up Live air freisin, is é sin snáithe Sheachtain na hEolaíochta 2018, a chuir Angela Scanlon i láthair.
Arís eile, beidh ráille ábhair coimeádta a mbeidh téama eolaíochta leis ar fáil ar an RTÉ Player.
RTÉ WEATHER
- Tacóidh RTÉ Weather arís le Seachtain na hEolaíochta, agus fad a bheidh Future Island ar siúl, is ó Ionad Eolaíochta Uí Bhriain sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a thiocfar na réamhaisnéisí beo gach oíche.
AR RTÉ BRAINSTORM
- Beidh go leor ábhar eolaíochta ar fáil i rith na seachtaine ar Brainstorm, mol RTÉ atá tiomanta do smaointe nua, do smaointeoireacht nuálaíoch agus do léargais chliste ar Éirinn agus ar an domhan mór. Áireofar air sin píosaí ar smaointeoireacht leanaí, ar fhalscaithe, ar dhisléicse, ar bheathra eachtrán agus ar thodhchaí na hÉireann a mhúnlú de réir daonra atá ag éirí sean.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Seachtain na hEolaíochta ar RTÉ, téigh chuig rte.ie/scienceweek, lean #scienceweekrte ar chainéil meán sóisialta RTÉ.
FUTURE ISLAND: DE RÉIR EIPEASÓIDE
Eipeasóid a hAon
- Smaointe nua maidir le murall agus córacha nua leighis dó.
- Cén chaoi a bhféadfaimis na soilse a choinneáil ar lasadh amach anseo? Cad as a dtagann an chumhacht, agus an bhféadfaimis a bheith níos féinleorga anseo in Éirinn?
- Insíonn an fear is tapúla in Éirinn faoin gcaoi a bhfuil sé ag súil go gcabhróidh an eolaíocht leis a bheith níos tapúla fós.
- Na gairis lena ndéanfar an saol níos éifeachtaí, nó níos casta, ag brath ar do dhearcadh féin.
- Na nuálaíochtaí eolaíochta is deireanaí ar fud an domhain.
- Na nithe a tuaradh i gceart sna scannáin … blianta sular tugadh chun fíre iad.
- Eolaíocht an cheoil. Trí leas a bhaint as na prionsabail a chuireann uirlisí ag obair, an féidir linn ceolfhoireann a dhéanamh as dramhábhar?
Eipeasóid a Dó
- Smaointe nua maidir le leoicéime agus córacha nua leighis di.
- An bealach ar chumasaigh an eolaí Éireannach fadbhreathnaitheach William Rowan Hamilton spástaisteal agus cluichí físeáin.
- Talmhaíocht An bhfuil bealach ar bith a bhféadfadh feirmeoirí laghdú 25% a chur ar a gcuid astaíochtaí gan an tréad náisiúnta a chiondíothú?
- Na gairis lena ndéanfar an saol níos éifeachtaí, nó níos casta … ag brath ar do dhearcadh féin.
- Tuilleadh de na nuálaíochtaí eolaíochta is deireanaí ar fud an domhain.
- Na nithe nár tuaradh i gceart sna scannáin … go fóill.
- Agus an eolaíocht a bhaineann le IS – cé na buntáistí a bhaineann le húsáid Intleachta Saorga agus cé na míbhuntáistí? Cén tionchar a bhí ag a húsáid ar Bruce Willis agus ar Darth Vader?
Eipeasóid a Trí
- Smaointe nua maidir le galar Alzheimer agus córacha nua leighis dó.
- An eolaíocht a bhaineann leis an mball is mó den cholainn: an craiceann.
- Na gairis lena ndéanfar an saol níos éifeachtaí, nó níos casta … ag brath ar do dhearcadh féin.
- Tuilleadh de na nuálaíochtaí eolaíochta is deireanaí ar fud an domhain.
- Na nithe a tuaradh i gceart ar Star Trek, blianta sular tugadh chun fíre iad.
- An eolaíocht a bhaineann le caighdeán an aeir – cén t-athrú is féidir linn a dhéanamh ar chaighdeán an aeir timpeall orainn?