NA FIGIÚIRÍ IS DÉANAÍ EISITHE Ó ChOMHTHAIGHDE NÁISIÚNTA AR LUCHT ÉISTEACHTA (CNLE) MAIDIR LE LUCHT ÉISTEACHTA RAIDIÓ
Tá RTÉ Radio 1 fós ar an aon stáisiún amháin a bhfuil lucht éisteachta seachtainiúil níos mó ná aon mhilliún duine (1,365,000) aige agus tá 17 de na 20 clár raidió is fearr a chraoltar in Éirinn aige, de réir na bhfigiúirí is déanaí ar lucht éisteachta raidió ó CNLE. Is é an clár ‘Playback’ ar RTÉ Radio 1 an dara clár raidió is mó lucht éisteachta sa tír (an 9ú clár is mó lucht éisteachta roimhe seo – sin méadú 40,000 duine ar an lucht éisteachta Bliain ar Bhliain*). Bíonn 678,000 duine fásta atá níos sine ná 15 bliana d’aois ag éisteacht le RTÉ 2fm gach seachtain agus tá borradh tagtha ar an líon lucht éisteachta a bhíonn ag éisteacht leis an gclár RTÉ 2FM Breakfast. Bíonn 306,000 duine ag éisteacht leis an gclár RTÉ lyric fm ar bhonn seachtainiúil (méadú 24,000 duine Bliain ar Bhliain).
RTÉ Radio 1
- Bíonn 859,000 duine ag éisteacht le RTÉ Radio 1 ar laethanta i rith na seachtaine.
- Is é an clár Morning Ireland fós an clár raidió is mó a n-éistear leis agus ba é 451,000 líon na n-éisteoirí a bhí aige sa tréimhse seo.
- Bíonn 345,000 duine ag éisteacht le The Brendan O’Connor Show ar an Domhnach (méadú 4,000 Tréimhse ar Thréimhse**) agus bíonn 344,000 duine ag éisteacht leis ar an Satharn.
- 344,000 duine a bhíonn ag éisteacht le The Ryan Tubridy Show gach lá i rith na seachtaine.
- Is é an clár Playback, a chuireann Sinéad Mooney i láthair, an 2ú clár is mó lucht éisteachta anois in Éirinn. Bhí sé ar an 9ú clár is mó lucht éisteachta in Éirinn roimhe seo.
- Bíonn 338,000 duine (méadú 4,000 duine Tréimhse ar Thréimhse) ag éisteacht leis an gclár The Business, a chraoltar gach maidin Dé Sathairn.
- Tá 331,000 éisteoir ag an gclár Today with Claire Byrne ó Luan go hAoine agus ag an gclár Sunday with Miriam araon.
Is éard a dúirt Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Is léiriú an tréimhse seo ar an áit thábhachtach atá ag raidió agus ag Radio 1 i ndiaidh Covid. Agus an aicíd sin ag dul i léig agus daoine ag teacht isteach san ionad oibre arís, tá cláracha s’againne fós lárnach i saol na hÉireann, mar a chonacthas an tseachtain seo i ndiaidh chlár RTÉ Documentary on One, Blackrock Boys agus ar an gclár Liveline a craoladh ina dhiaidh go háirithe. Is mór an t-ugach é go bhfuil an oiread sin de na cláracha atá againn ag mealladh lucht éisteachta nach bhfacthas a leithéid cheana, clár Breandan O’Connor ar an Domhnach ina measc, a bhfuil an líon céanna lucht éisteachta aige nach mór le clár an tSathairn den chéad uair ag an am craolta sin.”
RTÉ 2FM
- 124,000 duine a bhíonn ag éisteacht leis an gclár, 2FM Breakfast with Doireann, Donncha, and Carl gach maidin i rith na seachtaine (méadú 1,000 duine Bliain ar Bhliain).
- 131,000 éisteoir atá ag Jennifer Zamparelli ar 2FM.
- 120,000 lucht éisteachta atá ag Tracy Clifford.
- Tá The 2 Johnnies ag cur ábhar siamsaíochta ar fáil i gcónaí don lucht éisteacht ar fud na tíre gach tráthnóna agus is 122,000 éisteoir a bhíonn acu (gan aon athrú Bliain ar Bhliain)
Is éard a bhí le rá ag Dan Healy, Ceann Straitéis Raidió RTÉ agus RTÉ 2FM: “Tá mé thar a bheith sásta leis na torthaí do Dhoireann, Donncha agus Carl. Tá déanta go maith freisin ag The 2 Johnnies. Is cosúil go bhfuil an chuma ar an scéal, bunaithe ar an CNLE, go bhfuil muid ag filleadh ar na nósanna éisteachta a bhí ann roimh Covid maidir le gach clár raidió agus tá mé sásta, ina fhianaise sin, le chomh maith is a d’éirigh leis an stáisiún ar an iomlán.”
RTÉ lyric fm
- Bíonn 67,000 duine ag éisteacht le Movies and Musicals with Aedín Gormley Dé Sathairn (méadú 3,000 duine Bliain ar Bhliain)
- 58,000 duine a bhíonn ag éisteacht le Lorcan Murray’s Classic Drive ar laethanta na seachtaine
- 49,000 den phobal éisteachta a bhíonn ag éisteacht le Marty in the Morning gach maidin i rith na seachtaine
- 49,000 duine a bhíonn ag éisteacht le Evelyn Grant’s Weekend Drive
- Bíonn 47,000 duine ag éisteacht le The Full Score with Liz Nolan (méadú 2,000 duine Bliain ar Bhliain)
- 47,000 lucht éisteachta a bhíonn ag Aedín Gormley’s Sunday Matinée Dé Domhnaigh (méadú 3,000 duine Bliain ar Bhliain)
Is éard a dúirt Sinéad Wylde, Ceann RTÉ lyric fm: “I dtréimhse mhaith eile do RTÉ lyric fm, feiceann muid gur tháinig fás ar an líon daoine a bhíonn ag éisteacht ar fud na seachtaine leis na cláracha Aedín Gormley’s Movies and Musicals, agus Liz Nolan ar The Full Score agus tá an-tóir i gcónaí ar Marty in the Morning chun tús a chur leis an lá. Tá an lucht éisteachta ag casadh air an stáisiún i gcónaí chun spás eile a aimsiú, áit atá lán le sólás, áthas agus paisean. Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh 24,000 éisteoir nua chuig RTÉ lyric fm le bliain anuas, áit a bhfuil cuma níos fearr i ndáiríre ar an saol.”