AN CHÉAD CHEATHRAR IOMAITHEOIRÍ A BHEIDH AR DANCING WITH THE STARS NA BLIANA SEO NOCHTA ROIMH AGALLAMH EISIACH AR AN LATE LATE SHOW
Tá an chéad cheathrar iomaitheoirí cáiliúla do Dancing with the Stars na bliana seo nochta, clár a thosóidh ar RTÉ One i mí Eanáir, agus cuirfear an ceathrar faoi agallamh eisiach ar an Late Late Show Dé hAoine. Is iad PANTI BLISS (RORY O’NEILL), BROOKE SCULLION, PAUL BROGAN agus SUZANNE JACKSON, a bheidh i mbun cainte le Ryan Tubridy, agus beidh an ceathrar sin i measc na 11 iomaitheoir cháiliúla a bheidh ag dul amach ag damhsa don tsraith mhóréilimh seo i mí Eanáir.
PANTI BLISS (RORY O’NEILL)
Is é Rory O’Neill nó Panti Bliss, mar is fearr aithne, an t-ealaíontóir draig is fearr aithne in Éirinn. Tá Rory O’Neill, ar de bhunadh Mhaigh Eo é, ar an stáitse mar Panti ó bhí an bhliain 1998 ann. D’oscail Rory Panti Bar ar Shráid Chéipil i mBaile Átha Claith sa bhliain 2007 agus tá an beár sin anois ar an mbeár aerach is mó clú in Éirinn. Bhí aithne ag gach teaghlach in Éirinn ar Panti sa bhliain 2015 nuair a labhair sí amach agus chuaigh sí i mbun feachtais chun comhionannas a bhaint amach sa reifreann pósta. Tagraíonn go leor daoine do ‘Ghlaoch Uasal’ Panti ar Stáitse Abbey, glaoch atá anois míchlúiteach, mar nóiméad a chuir tús le díospóireacht agus le tuairimí athraithe. I ndiaidh an reifrinn pósta bhí Panti ar dhuine de na mórphearsaí a bhí ag iarraidh athrú a dhéanamh in Éirinn agus deirtear fiú gur pearsa í a bhfuil tionchar aici ar an saol. Phós Rory a pháirtí Anderson Cabrera sa bhliain 2019.
Deir Panti: “Tá sé ag tarlú! Táim ar bís dul amach ag damhsa le mo pháirtí – agus cuideoidh sé liom caoi mhaith a chur orm féin arís i ndiaidh na dianghlasála! Tá sé de phribhléid agam a bheith sa chéad bheirt chomhghnéis atá ag dul san iomaíocht in Dancing with the Stars ó thús na sraithe. Is am iontach é seo!”
BROOKE SCULLION
Is as Baile Eachaidh i gCo. Dhoire í Brooke agus rinne sí ionadaíocht d’Éirinn ag an Eurovision sa bhliain 2022 leis an amhrán ‘That’s Rich’. Chomhscríobh sí an t-amhrán agus thaistil sí go Turin san Iodáil don chomórtas ach níor éirigh léi áit a bhaint amach sa mhórchomórtas. Bhí Brooke i mbéal an phobail ar dtús sa bhliain 2020 ar The Voice UK. Chas an ceathrar cóitseálaithe timpeall do Brooke agus d’éirigh léi dul chomh fada leis an mbabhta ceannais. Scríobh agus d’eisigh Brooke a céad singil ‘Attention’ i Meán Fómhair na bliana 2020 agus lean sí uirthi agus d’eisigh sí a ceirnín leathfhada, Chaotic Heart. Tá ailléirge ar Brooke i leith fionnadh ainmhí ach is bean mhór cat í agus tá cat sfioncs, Draco, gan fhionnadh aici.
Deir Brooke: “Tá mé ag súil go mór le bheith páirteach in Dancing with the Stars agus le bheith páirteach i sraith aitheanta Éireannach! Cén cailín nach bhfuil ag iarraidh a bróga damhsa a chur uirthi gach oíche Domhnaigh? Is brionglóid í a fíoraíodh – Faigh na seacainí!”
PAUL BROGAN
Is iar-pheileadóir le CLG Bhaile Átha Cliath, a bhfuil craobh na hÉireann buaite aige, é Paul Brogan. Is duine de theaghlach mór le rá CLG Brogan é agus is é deartháir óg imreoirí cáiliúla Bhaile Átha Cliath Bernard agus Alan, iar-chaptaen na foirne sinsir peile, é. Bhí Paul ar fhoireann Bhaile Átha Cliath nuair a bhuaigh an fhoireann Corn Uí Bhroin sa bhliain 2008 agus bhí sé ar phainéal Bhaile Átha Cliath a bhuaigh craobh Laighean trí huaire agus craobhchomórtas sinsear peile na hÉireann sa bhliain 2011. D’fhág sé painéal peile sinsear Bhaile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair na bliana 2012. Tá pearsantacht láidir bhríomhar ghealgháireach ag Paul atá 36 bliain d’aois agus a admhaíonn nach bhfuil mórán taithí aige ar an damhsa, ach tá sé an-sásta triail a bhaint as agus is é an rud is measa a d’fhéadfadh tarlú ná go mbeadh a dheartháireacha nó iar-chomhimreoirí ag spochadh as.
Is éard a dúirt Paul: “Táim ar bís páirt a ghlacadh sa chlár seo. Is duine iomaíoch mé ach is dúshlán mór a bheidh anseo dom agus ón oiliúint atá curtha orm go dtí seo, tá a fhios agam nach mbeidh sé éasca. Obair chrua a bheidh i gceist ach beidh spraoi ag baint leis freisin. Tá na cleachtaí iontach go dtí seo agus táim ag tnúth go mór leis na cláir bheo. Taithí iontach agus triail nua a bheidh ann. Ní bheidh ann ach cluiche difriúil i staid dhifriúil – Páirc an Chrócaigh i gcomparáid le RTÉ!”
SUZANNE JACKSON
Thosaigh Suzanne ag blagáil sa bhliain 2010 faoi SoSueMe. Scríobh sí faoi gach ní a bhaineann le cúrsaí faisin agus áilleachta agus ba ghearr go raibh fás ag teacht ar a lucht spéise agus díoladh amach aon táirge a mhol sí ar an bpointe. D’fhág sí a post lae faoin mbliain 2013 chun a cuid ama a chaitheamh ar a gnólacht féin. Thóg Suzanne céim eile chun cinn sa bhliain 2016 agus sheol sí a réimse áilleachta féin, SoSu Cosmetics. Cruthaíodh gur éirigh thar barr leis an réimse sin agus anois meastar gur fiú €2.12 milliún é. D’fhógair Suzanne in Iúil na bliana 2022 na pleananna atá aici chun éirí as a post ina príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gcomhlacht. Tá sí ina láithreoir ar an gclár ar RTÉ, The Style Counsellors, agus tá sí díreach tar éis an scannánaíocht ar an gceathrú sraith a chríochnú agus tá an tsraith sin le craoladh sa bhliain 2023. Tá sí ina cónaí i Mullach Íde lena fear céile Dylan O’Connor.
Deir Suzanne: “Táim ag breathnú ar Dancing with the Stars leis na blianta agus is aoibhinn liom an clár agus gach ní faoi – idir an damhsa, an ghalántacht, na feistis agus na daoine dochreidte a bhíonn páirteach. Is léiriúchán iontach é agus is é an ní is mó atá uaim ná bheith páirteach sa chlár i mbliana. Bhí mé i mo dhamhsóir Gaelach nuair a bhí mé níos óige, ach is dúshlán iomlán difriúil a bheidh sa damhsa bálseomra! Tá sé tráthúil dom agus tá mé chun mo sheacht ndícheall a dhéanamh le mo pháirtí damhsa.”
Deimhneofar iomaitheoir eile Dé Sathairn an 3 Nollaig, lánchosc go dtí Dé Domhnaigh an 4 Nollaig ag 6am.