CLÁR FAISNÉISE TÁBHACHTACH AR CHOGAGH NA gCARAD LE CRAOLADH AR RTÉ ONE I MÍ NA NOLLAG
Is é Brendan Gleeson a bheidh i mbun tráchtaireachta ar shraith faiséise trí chlár atá léirithe ag RTÉ i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile Corcaigh mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán agus atá bunaithe ar Atlas of the Irish Revolution – saothar ollmhór iontach na hOllscoile. Sa tsraith seo THE IRISH CIVIL WAR inseofar an scéal iontach, scéal a bhíonn sách dúshlánach in amanna, faoi bhunús, coimhlint agus léagáid an chogaidh chathartha a tharla in Éirinn i 1922 agus 1923.
Craolfar an tsraith trí oíche as a chéile (Dé Domhnaigh, Dé Luain agus Dé Máirt an 11,12 agus 13 Nollaig) agus mar chuid de beidh go leor míreanna scannánaíochta ón gcartlann, grianghraif agus ábhar, agallaimh le hacadóirí mór le rá, agallaimh ón gcartlann le rannpháirtithe agus finnéithe ag an am, fianaise ó bhunfhoinsí arna léamh ag aisteoirí – lena n-áirítear Peter Coonan, Tim Creed, Marty Rea and Orla Wehrly, mapaí grafacha mionsonraithe agus dinimiciúil bunaithe orthu sin atá san Atlas of the Irish Revolution, agus scannánaíocht den scoth ar na suíomhanna céanna inar tharla na himeachtaí.
Is éard a dúirt BREANDAN GLEESON, tráchtaire na sraithe: “Agus 100 bliain ó tharla Cogadh Cathartha na hÉireann ag teannadh linn ní mór dúinn tosú ag caint faoin méid a tharla. Is ábhar é a dhéanann míchompordach muid mar nach maith linn an bharbarthacht atá ionainn a aithint, ach tá barbarthacht i ngach duine agus ní mór dúinn aghaidh a thabhairt air sin mar ní bhíonn sé fada uainn riamh. Nuair a bhíomar sa scoil, níor múineadh dada dúinn faoi mar gur ábhar é a bhí fós an-ghoilliúnach agus a spreagfadh fearg, agus is fíor sin fós sa lá atá inniu ann. Cuireann scéal an dá thaobh olc orm. Caitheadh dua ceart leis na cláracha faisnéise seo d’fhonn gach taobh den scéal a chur i láthair agus an bhéim chothrom chéanna ar gach aon ceann acu.”
Is éard a dúirt COLM CROWLEY, Ceann RTÉ Chorcaí: “Tá trí cinn de shraitheanna a raibh tionchar ollmhór acu ar an lucht féachana curtha ar fáil anois faoin gcomhpháirtíocht seo idir RTÉ agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh; The Irish Revolution, The Hunger agus anois The Irish Civil War – is samplaí iad go léir de chraoltóireacht seirbhíse poiblí thábhachtach agus chumhachtach. Tá lucht féachana ollmhór bainte amach ag na cláracha faisnéise seo, ní hamháin anseo in Éirinn ach sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip ar fud an líonra ARTE le breis is cúig mhilliún duine ag féachaint ar The Hunger (scéal an Ghorta Mhóir) an Nollaig seo caite ar fud na Gearmáine agus ar fud na Fraince. Creidimid go dtabharfaidh an tsraith nua seo léargas ceart ar ré ríthábhachtach i stair na hÉireann.”
Dúirt JOHN FITZGERALD, UCC: “Tá The Irish Civil War bunaithe ar thaighde acadúil ceannródaíoch an Atlas of the Irish Revolution le Cló Ollscoil Chorcaí, leabhar a bhfuil gradaim buaite aige, agus glactar le dearcadh nua ann i leith thréimhse staire is ríthábhachtaí na hÉireann d’fhéadfaí a rá. Le linn thrí chlár na sraithe seo, déanfar údair agus imeachtaí uafásacha Chogadh na gCarad a scrúdú arís, ag cuirfear ceisteanna, bunaithe ar dhearcadh an ghnáthdhuine, ar shaineolaithe mór le rá amhail: Cén fáth ar tharla an cogadh? Cé air a raibh tionchar aige i ndáiríre? Cén oidhreacht a d’fhág sé ina dhiaidh?”
Is éard a bhí le rá ag RUÁN MAGAN, Scríbhneoir agus Stiúrthóir:
Ní raibh aon duine riamh ag iarraidh labhairt faoi Chogadh na gCarad i dtaca le Réabhlóid na hÉireann, ba shraith imeachtaí mhíchaoithiúil a bhí ann a d’fhág smál ar scéal bunaidh na hÉireann, agus ba mhinic nár bacadh leis na sonraí a bhain leis nó gur tugadh neamhaird orthu. B’fhéidir go bhfuil sé in am anois, agus céad bliain caite, aghaidh a thabhairt ar an méid a tharla. Tá an-mhórtas ar an bhfoireann ar fad atá againn go raibh sé de dheis againn an scéal casta seo a insint i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus UCC.
Tá an cogadh cathartha i measc roinnt de na nithe is conspóidí i stair na hÉireann agus ní minic a dhéantar an scéal sin a insint. Fiú sa lá atá inniu ann, is féidir le trácht ar bith air teannas a chruthú. Beidh caint cloiste ag leor daoine ar an Deighilt, ar na Ceithre Chúirteanna, Béal na Bláth agus Bailte Ó Síoda. Ní bheidh a fhios ach ag beagán díobh áfach faoin na mionsonraí casta ba chionsiocair leis an gcogadh, faoin méid a tharla le linn an chogaidh ar fud na tíre, ná na scéalta pearsanta agus go minic tragóideach a bhain leo sin a bhí páirteach ann.
Rachaidh an tsraith seo go croílár na staire seo, á insint go lom, ag cíoradh na miondifríochtaí agus na gcastachtaí, chun cláracha faisnéise neamhchlaonta, láidre agus dúshlánacha a dhéanamh a d’fhéadfadh a bheith ina gcomóradh oiriúnach ar na blianta trioblóideacha sin. Is í Natasa Paulberg a chum an fuaimrian bunaidh agus thaifead Ceolfhoireann Choirme RTÉ beo é.
Cuireann THE IRISH CIVIL WAR leis an snáithe de chláracha faisnéise atá á léiriú ag RTÉ i gcomhpháirtíocht le UCC a áiríonn The Irish Revolution le tráchtaireacht ó Cillian Murphy agus The
Hunger le tráchtaireacht ó Liam Neeson. Craolfar an cláracha Dé Domhnaigh, Dé Luain agus Dé Máirt an 11,12 agus 13 Nollaig ag 21.35 ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Is léiriúchán de chuid Tyrone Productions / Create One do RTÉ Corcaigh é seo agus léiríodh é i gcomhar le UCC le dreasachtaí tacaíochtaí do Thionscal Scannánaíochta na hÉireann arna gcur ar fáil ag Rialtas na hÉireann.