IRISEOIRÍ NUA FÓGARTHA AG RTÉ NEWS A BHEIDH AG TUAIRISCIÚ AR SHLÁNDÁIL DHOMHANDA, OIRTHEAR NA hEORPA AGUS AN AFRAIC
Is cúis áthais do Nuacht RTÉ ceapachán triúr iriseoirí a fhógairt, is iad sin Yvonne Murray a bheidh ina Tuairisceoir ar Chúrsaí Slándála Domhanda lonnaithe i Nua-Eabhrac, Liam Nolan a bheidh ina Thuairisceoir ar Ghnóthaí Oirthear na hEorpa agus é lonnaithe i Vársá na Polainne agus Kagweni Micheni a bheidh ina Tuairisceoir ar Ghnóthaí na hAfraice, lonnaithe in Nairobi, an Chéinia. Tá taithí na mblianta ar iriseoireacht dhomhanda ag Yvonne, Liam agus Kagweni, a bheidh ina buntáiste mhór sna róil físiriseoireachta seo. Ceapadh an triúr tar éis comórtais idirnáisiúnta a reáchtáil le gairid.
Tá Yvonne Murray tar éis a bheith lonnaithe san Áise le deich mbliana anuas. D’athbhunaigh sí láithreacht RTÉ sa tSín sa bhliain 2018, agus ba as sin a chuir sí tuairiscí ilmheán i dtoll a chéile d’asraoin éagsúla RTÉ, lena n-áirítear Morning Ireland, World Report, Six One News, Nine O’Clock News, Prime Time agus RTÉ News ar líne. Ina cuid tuairisceoireachta do RTÉ, scrúdaigh sí caidreamh na hÉireann leis an tSín agus lean sí teacht chun cinn gheilleagar na Síne, géarú údarásaíochas an réimis istigh sa tír féin. Chíor sí freisin tionchar na tíre, atá ag méadú i gcónaí, ar an ardán domhanda agus ar an gcoimhlint idir an tSín agus na Stáit Aontaithe ina dtíortha sárchumhachta, coimhlint atá ag dul in olcas. Thuairiscigh sí ar an láthair i Hong Cong, ar ollchoinneáil na nUigiúrach in Xinjiang, ar theannas trasna an chaolais sa Téaváin agus ar ráig paindéime domhanda in Wuhan.
Tá tuairiscí teilifíse déanta ag Yvonne do Channel 4 News freisin, tá obair déanta aici ar léiriúcháin faisnéise neamhspleácha agus tá píosaí scríofa aici do The Economist. Roimhe seo, d’oibrigh sí ina tuairisceoir agus ina léiritheoir do BBC News, lonnaithe i Londain. D’oibrigh sí i dtosach le BBC World Service agus i ndiaidh sin le BBC Radio 4 agus ar fud asraoin Teilifíse, Raidió agus digiteacha an BBC. Chaith sí am ar socrúchán i mbiúrónna an BBC in Washington DC, i bPáras agus in Iarúsailéim.
Is sna Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac a bheidh Físiriseoir RTÉ News ar Chúrsaí Slándála Domhanda lonnaithe, agus déanfaidh sí tuairisceoireacht agus anailís chuimsitheach ar nuacht dhomhanda, agus ar obair Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go sonrach. Beidh Yvonne ag tuairisciú ar raon leathan saincheisteanna lena n-áirítear obair Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ról na hÉireann laistigh de chóras na NA agus síochánaíocht, agus saincheisteanna Domhanda agus geopholaitíochta.
Is as Binn Éadair, Baile Átha Cliath ó dhúchas Yvonne Murray, agus tá cónaí anois uirthi i Nua-Eabhrac.
Is éard a dúirt Yvonne agus í ag labhairt faoina cúram nua: “Is mór an onóir dom é, tríd an ról nua seo mar thuairisceoir ar Chúrsaí Slándála Domhanda lonnaithe sna Náisiúin Aontaithe a ghlacadh, a bheith mar dhuine d’fhoireann nuachta idirnáisiúnta RTÉ atá ag fás i rith an ama. Tá sé níos soiléire anois ná riamh go dtéann na fórsaí a imríonn tionchar ar shaol an uile dhuine i bhfad thar theorainneacha náisiúnta agus is deis é seo scéalta domhanda a chur ar fáil sa bhaile.Creidim go láidir in iriseoireacht seirbhíse poiblí agus tá súil agam go mbeidh mé in ann cur leis an taithí nuachta atá agam ó bheith ag obair thar lear, lena n-áirítear an post is déanaí a bhí agam ag tuairisciú do RTÉ sa tSín, chun ceisteanna a chur thar ceann lucht féachana na hÉireann agus lucht déanta beartas a thabhairt chun cuntais i dtaobh cinntí a mbeidh tionchar acu orainn go léir.”
Is iriseoir agus léiritheoir é Liam Nolan. D’oibrigh Liam, arb as Baile Átha Cliath dó ó dhúchas, ina fhísiriseoir le The Economist i Londain ón mbliain 2014 go dtí 2019, áit ar chlúdaigh sé scéalta as an uile chearn den domhan. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina léiritheoir feidhmiúcháin in aonad na bpodchraoltaí ag The Financial Times agus, i ndiaidh sin arís, d’oibrigh sé ina léiritheoir feidhmiúcháin in aonad scannán Capital.com, an comhlacht domhanda theicneolaíocht an airgeadais, i Londain. An cúram a bhí air ansin ná foireann iriseoirí sonraí agus scannánóirí a stiúradh chun físeáin mhíniúcháin cheannródaíocha faoi na margaí a léiriú.
Bhí Liam lonnaithe i Vársá ó 2011 go dtí 2014 agus é ag obair ina shaoririseoir nuachtáin. Fad a bhí sé ann, bhíodh sé ag scríobh faoi chúrsaí polaitíochta agus gnó na Polainne do The Economist agus an FT, agus bhíodh sé ag déanamh tuairiscí raidió do PRI, NPR agus World Report ar RTÉ Radio 1 freisin. Le linn an ama sin, scríobh sé go rialta faoin achrann leanúnach idir an dá phríomhpháirtí polaitíochta sa tír, na dúshláin a bhí roimh earnáil fuinnimh na Polainne, a bhí ag brath go mór ar ghual, agus chlúdaigh sé comóradh 70 bliain Éirí Amach Gheiteo Vársá, ag cur roinnt de na daoine deireanacha a bhí ann ag an am agus a tháinig slán as faoi agallamh.
Tá Baitsiléir Eolaíochta sa Chumarsáid (Scannánaíocht & Craoltóireacht) ó Institiúid Eolaíochta Bhaile Átha Cliath ag Liam, agus bhain sé amach MA sa Chumarsáid agus Staidéar Daonnúil ó Université Lumière Lyon II sa Fhrainc. Bhí sé mar dhuine den fhoireann a bhuaigh Gradam Wincott don Chlosiriseoireacht sa bhliain 2020, tráth a raibh sé ag obair ina eagarthóir ar shraith podchraolta an Financial Times dar teideal Behind the Money. Chuir sé tús lena ghairm in Éirinn trí chláracha faisnéise teilifíse agus raidió a dhéanamh do RTÉ agus do TG4.
Dúirt Liam Nolan: “Tá an-áthas go deo orm a bheith ag dul i mbun oibre le RTÉ News i mo fhísiriseoir ar Ghnóthaí Oirthear na hEorpa. Tá cruth nua curtha ar an gcaidreamh idir an tIarthar agus an Kremlin de bharr ionradh na Rúise ar an Úcráin agus tá na hiarmhairtí a bhaineann leis ag leathadh ar fud na mór-roinne. Tá gá níos mó ann anois aird a tharraingt ar an réigiún, mar thoradh ar an gcogadh, ar chás na milliún teifeach, ar an ngéarchéim reatha fuinnimh – arb é soláthairtí laghdaithe fuinnimh na Rúise is cúis leis, ar an mórgóir – agus ar theacht i réim rialtas poblach san Ungáir agus sa Pholainn. Ó tharla go bhfuil dúspéis agam i gcúrsaí polaitíochta agus stair Oirthear na hEorpa, agus ó tharla gur chaith mé tréimhse ag tuairisciú ón bPolainn roimhe seo, táim ag súil go mór le scéalta a chlúdach ón réigiún don lucht féachana sa bhaile in Éirinn, agus ar fud an domhain.”
Is as an gCéinia ó dhúchas Kagweni Micheni. D’fhás sí aníos sa Ríocht Aontaithe, agus bhog sí ar ais go dtí an Chéinia sa bhliain 2017. Thug sí faoi chéim sna hEolaíochtaí Bitheacha sular thug a paisean don scríbhneoireacht agus don nuacht uirthi cúrsa san Iriseoireacht Ilmheán a dhéanamh le Brighton Journalist Works. I ndiaidh sin, bhain sí Céim Máistir amach sa Scannánóireacht Faisnéise in Ollscoil na nEalaíon, Londain. Tá sí ag obair ina hiriseoir le chóir a bheith deich mbliana anuas, sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc, agus, le tamall anuas, sa Chéinia. Tá obair déanta aici do ghníomhaireachtaí meán áitiúla agus idirnáisiúnta araon, lena n-áirítear CNN Africa, The Sun, Radio Africa Group agus Medavia Media Consultants. Ar na hábhair atá clúdaithe aici lena cuid tuairisceoireachta tá scéalta a bhaineann le nuacht, cúrsaí taistil agus cearta an duine. Mar aon leis sin, tá clúdach déanta aici chun
cultúr mór-roinne atá thar a bheith ilchineálach agus a bhíonn ag síorathrú a chur os comhair an phobail.
Ina cáil mar Fhísiriseoir le Nuacht RTÉ ar Ghnóthaí na hAfraice, beidh Kagweni ag tuairisciú ar raon leathan ábhar lena n-áirítear tionchar na hathraithe aeráide ar mhór-roinn na hAfraice agus iarrachtaí é a mhaolú, obair Irish Aid agus eagraíochtaí neamhrialtasacha Éireannacha eile a bhíonn ag obair in Oirthear na hAfraice, agus saincheisteanna domhanda agus geopholaitíochta sa réigiún.
Is éard a dúirt Kagweni Micheni: “Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le RTÉ agus go mór mór chun bheith ag tuairisciú ar chúrsaí san Afraic, mór-roinn a bhfuil áit speisialta i mo chroí aici. Chuir mé isteach ar an bpost i dtosach mar go mba dheis iontach é mo rian a fhágáil ar ról úr-nua. Chomh maith leis sin, tá an-mheas agam ar na sáririseoirí go léir atá ag obair le RTÉ cheana féin, agus is mór an onóir domsa a bheith in ann a rá anois gurb iadsan mo chomhghleacaithe. Creidim go dtabharfaidh an ról seo deis dom an nuacht ón Afraic a chur os comhair an tsaoil, ach anuas air sin, deis a bheidh ann dom léargas a thabhairt don lucht féachana ar na cultúir éagsúla ar fad agus na daoine go léir a chuimsíonn ceann de na mór-ranna is áille agus is ilghnéithí ar domhain, a bhfuil sé de phribhléid agam ‘baile’ a thabhairt uirthi.”
Tá RTÉ News ag cur leis an gclúdach idirnáisiúnta a dhéanann sé ar líne mar aon leis an gclúdach a dhéantar ar an aer. Tacaítear leis an méadú seo ar chlúdach nuachta ón iasacht trí mhaoiniú ó Chiste Dúshláin na Meán Éire Dhomhanda.