ARDMHEAS LÉIRITHE AR MESSI SA CHORN DOMHANDA AR RTÉ
- An líon is mó lucht féachana riamh ag breathnú ar níos mó ná 200 uair an chloig de chlúdach beo ar gach ceann de na 64 cluiche beo ar RTÉ2, ar an RTÉ Player agus ar an RTÉ News Channel.
- 8.5 milliún sruth san iomlán ceangailte leis an RTÉ Player
- Bhreathnaigh níos mó ná 1 milliún duine ar na ciceanna pionóis i gCluiche Ceannais Chorn an Domhain
- Bhreathnaigh 780,000 duine ar an gCluiche Ceannais is iontaí i gCorn an Domhain riamh ar RTÉ 2 agus ceanglaíodh 478,000 sruth beo san iomlán leis an RTÉ Player.
I ndiaidh 64 cluiche corraitheach a bhí á gcraoladh beo ar ardáin uile RTÉ, bhí ceann de na cluichí ceannais is iontaí i gCorn an Domhain le cuimhne na ndaoine ann sa deireadh nuair a bhí coimhlint fhada ghéar idir an Airgintín agus an Fhrainc go bun an angair sna ciceanna pionóis. Sa deireadh is é an t-imreoir is fearr ar domhan a bhuaigh an duais deiridh agus a d’ardaigh trófaí Chorn an Domhain. Chuir RTÉ clúdach beo ar fáil ar gach ceann de na 64 cluiche beo ar RTÉ2, ar an RTÉ Player agus ar an RTÉ News Channel do lucht féachana na hÉireann le mí anuas. Bhreathnaigh 780,000 duine (sciar 59%), an líon is mó daoine riamh ar chluiche ceannais an lae inné i gCorn an Domhain ar RTÉ 2 agus bhí 478,000 sruth beo ceangailte leis an RTÉ Player. Baineadh an buaic amach sa chluiche ceannais ag 17.54 nuair a bhí 1.030M duine den lucht féachana ar bís de réir mar a chuaigh Messi in aghaidh Mbappe sna ciceanna pionóis a bhí lán teannais.
Thar thréimhse ceithre seachtaine, thiúnáil an líon is mó daoine riamh isteach don 200 uair an chloig de chlúdach Chorn an Domhain ar an teilifís, ar an seinnteoir agus ar an raidió beo ó Chatar inar taispeánadh an sacar is fearr a bhí ar fáil. Bhreathnaigh lucht féachana ollmhór ar na cluichí suas go dtí an cluiche ceannais agus bhí an cluiche leathcheannais, inar bhfuair an Airgintín an ceann is fearr ar an gCróit, ar an gcluiche is mó lucht féachana ar RTÉ 2 agus bhí 784,000 lucht féachana ar an meán ag breathnú ar an gcluiche sin. Bhí an cluiche idir Sasana agus an Fhrainc sa tríú háit ar an iomlán ó thaobh lucht féachana de agus bhreathnaigh 760,000 lucht féachana ar an meán ar an gcluiche sin. Bhí an dara cluiche leathcheannais idir an Fhrainc agus Maracó ar an gceathrú cluiche is mó ar RTÉ 2 inar bhreathnaigh 632,000 lucht féachana ar an meán air.
Bhreathnaigh na sluaite de lucht leanúna sacair ar an RTÉ Player agus rinneadh 8.5 milliún sruth san iomlán le linn an chomórtais. Is méadú 240% é seo ar shruthanna beo i gcás an chomórtais Euro 2020 agus méadú 47% i gcás chomórtas Chorn an Domhain sa bhliain 2018. Rinneadh 478k sruth beo ar chluiche ceannais an lae inné sa Chorn Domhanda agus bhí lucht féachana ag tiúnáil isteach ó gach cearn den tír, rud a d’fhág go raibh an lucht féachana is mó ná riamh ag breathnú ar an gcluiche ar an RTÉ Player. Ó thosaigh Corn an Domhain ar an 20 Samhain, tá 15 milliún sruth ar an iomlán déanta ar an RTÉ Player. Bhí an lucht féachana ag breathnú ar réimse leathan ábhair freisin, lena n-áirítear Quinn Country, The Late Late Toy Show, Frasier, Normal People agus The Irish Civil War.
Dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spórt RTÉ: “Mar gheall ar an ‘Messi Mbappe’ bhí an líon lucht féachana a bhí ag breathnú ar Chorn an Domhain ar leibhéal nach bhfacthas riamh cheana agus is comhartha ómóis é do ghairmiúlacht na ndaoine sin a bhí páirteach idir láithreoirí, anailísithe agus fhoirne léirithe. Leis an gclúdach cuimsitheach seo ar chomórtas spóirt iontach go bunúsach, tugtar aghaidh ar chomhthéacs saincheisteanna sóisialta agus polaitíochta agus chuir an lucht féachana fáilte roimh an gclúdach sin agus ní dhéanfaidh siad dearmad go deo air.”
Dúirt Aoife Byrne, Ceann RTÉ Player: “Tá ríméad orainn leis an tóir a bhí ar Corn Domhanda FIFA ar an RTÉ Player. Mar gheall ar na 8.5 milliún sruth ar an iomlán a rinneadh agus 1.8 milliún gaireas ar leith a úsáideadh, bhí an lucht féachana is mó riamh ag breathnú ar an gcomórtas. Bhí 478,000 sruth beo ag an mórchluiche ceannais idir an Airgintín agus an Fhrainc agus bhí an cluiche sin ar an gcluiche ba mhó a sruthaíodh sa chomórtas. Le dhá bhliain anuas bhí muid ag díriú ar am a chaitheamh ar an RTÉ Player agus iontaofacht agus teacht aniar an RTÉ Player a fheabhsú agus go háirithe an acmhainn atá againn freastal ar an lucht féachana atá ag dul i méid go tapa, beo agus ar éileamh araon. Léirítear éifeachtacht na hoibre sin tríd an eispéireas a fuair an t-úsáideoir le linn Chorn an Domhain nuair a bhí an lucht féachana comhreathach is airde riamh ag an RTÉ Player.”
Tá mórtas ar Hyundai agus ar KFC urraíocht a dhéanamh ar chlúdach RTÉ ar Chorn Domhanda FIFA 2022™.
Tá na figiúirí teilifíse uile thuas bunaithe ar Inds 4+, Live+VOSDAL.